search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 27 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 105

 

Airteagal 27

Ionadaithe do rialaitheoirí nódo phróiseálaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas

1.   I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 3(2), déanfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí ionadaí a ainmniú, i scríbhinn, san Aontas.

2.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir leid an méid seo a leanas:

(a)

próiseáil a dhéantar go hócáideach agus nach n-áirítear leis sin, ar mhórscála, próiseáil catagóirí speisialta sonraídtagraítear in Airteagal 9(1) nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10 agus nach dóigh go mbeidh riosca ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine, ag féachaint do chineál, do raon feidhme agus do chríocha na próiseála; nó

(b)

údarás nó comhlacht poiblí.

3.   Beidh an t-ionadaí bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit ina bhfuil na hábhair sonraí a bpróiseáiltear a sonraí pearsanta i ndáil le hearraíseirbhísí a chur ar fáil dóibh, nó a ndéantar faireachán ar a n iompar.

4.   Tabharfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí sainordú go rachaidh na húdaráis mhaoirseachta agus na hábhair sonraí go háirithe, de bhreis ar an rialaitheoir nó an próiseálaí nó ina n-ionad siúd, i dteagmháil leis an ionadaí maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann leis an bpróiseáil, d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

5.   Ní dochar do chaingean dlí a d'fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an rialaitheora féin nó an phróiseálaí féin an rialaitheoir nó an próiseálaí do cheapadh ionadaí.


whereas

dal 2004 diritto e informatica