search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 68 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 89

 

Airteagal 68

An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   Bunaítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (an “Bord”) leis an Rialachán seo mar chomhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

2.   Is é Cathaoirleach an Bhoird a dhéanfaidh ionadaíocht thar a cheann.

3.   Ar an mBord, beidh ceannaire ó údarás maoirseachta amháin ó gach Ballstát agus beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, nó a n-ionadaithe faoi seach.

4.   I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás maoirseachta amháin i mBallstát freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo, ceapfar ionadaí comhpháirteach i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.

5.   Beidh sé de cheart ag an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an Bhoird ach ní bheidh cead vótála aige. Déanfaidh an Coimisiún ionadaí a ainmniú. Déanfaidh cathaoirleach an Bhoird gníomhaíochtaí an Bhoird sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Sna cásannadtagraítear in Airteagal 65, beidh cearta vótála ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le cinntí a bhaineann leis na prionsabail agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a fhreagraíonn go substaintiúil do na cinn sa Rialachán seo, agus maidir leis na cinntí sin amháin.


whereas

dal 2004 diritto e informatica