search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 60 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 214

 

Airteagal 60

Comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann

1.   Comhoibreoidh an príomhúdarás maoirseachta leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann i gcomhréir leis an Airteagal seo d'fhonn teacht ar chomhdhearcadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha ar fad a mhalartú lena chéile.

2.   Féadfaidh an príomhúdarás maoirseachta iarraidh ar údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, cúnamh frithpháirteach a thabhairt de bhun Airteagal 61 agus féadfaidh siad oibríochtaí comhpháirteacha de bhun Airteagal 62 a sheoladh, go háirithe chun imscrúduithe a dhéanamh nó chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beart a bhaineann le rialaitheoir nó le próiseálaí atá bunaithe i gcríoch Bhallstáit eile.

3.   Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an fhaisnéis ábhartha maidir leis an tsaincheist a chur in iúl, gan mhoill, do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann. Cuirfidh sé dréachtchinneadh faoi bhráid na n-údarás maoirseachta eile lena mbaineann gan mhoill chun a dtuairimí a fháil agus tabharfaidh sé aird chuí ar na tuairimí atá acu.

4.   I gcás ina gcuirfidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agóid ábhartha réasúnaithe in iúl laistigh de cheithre seachtaine i gcoinne an dréachtchinnidh tar éis don phríomhúdarás dul i gcomhairle leo i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta an t-ábhar faoi bhráid an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, mura leanann sé an agóid ábhartha agus réasúnaithe nó má mheasann sé nach bhfuil an agóid ábhartha ná réasúnaithe.

5.   I gcás inar meabhair leis an bpríomhúdarás maoirseachta an agóid ábhartha agus réasúnaithe atá déanta a leanúint, cuirfidhdréachtchinneadh athbhreithnithe faoi bhráid na n-údarás maoirseachta eile lena mbaineann lena dtuairim a fháil. Beidh an dréachtchinneadh athbhreithnithe sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 laistigh de thréimhse coicíse.

6.   I gcás nach gcuirfidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agóid in aghaidh an dréachtchinnidh a thíolaic an príomhúdarás maoirseachta laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, measfar go bhfuil an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar aon intinn lena chéile maidir leis an dréachtchinneadh sin agus beidh siad faoina cheangal.

7.   Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta an cinneadh agus cuirfidh sé é sin in iúl do phríomhbhunaíocht nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí, de réir mar a bheidh, agus cuirfidh sé na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus an Bord ar an eolas maidir leis an gcinneadh, lena n-áirítear achoimre ar na fíricí agus ar na forais ábhartha. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh gearán leis an gearánach ar an eolas maidir leis an gcinneadh.

8.   De mhaolú ar mhír 7, i gcás ina ndéanfar gearán a dhíbhe nó a dhiúltú, glacfaidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an cinneadh sin agus tabharfaidhfógra don ghearánach maidir leis agus cuirfidh sé an rialaitheoir ar an eolas faoi.

9.   I gcás ina mbeidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar aon aigne maidir le codanna de ghearán a dhíbhe nó a dhiúltú, agus gníomhú maidir le codanna eile sa ghearán sin, glacfar cinneadh ar leithligh maidir le gach cuid den ábhar. Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta an cinneadh maidir leis an gcuid a bhaineann le gníomhaíochtaí i ndáil leis an rialaitheoir, cuirfidh sé an méid sin in iúl do phríomhbhunaíocht nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí atá ar chríoch a Bhallstáit féin agus cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoi, agus glacfaidh údarás maoirseachta an ghearánaigh an cinneadh maidir leis an gcuid a bhaineann le díbhe nó le diúltú an ghearáin sin, agus tabharfaidhfógra faoi don ghearánach sin, agus cuirfidh sé an rialaitheoir agus an próiseálaí ar an eolas faoi.

10.   Tar éis fógra a fháil maidir le cinneadh an phríomhúdaráis mhaoirseachta de bhun mhír 7, agus de bhun mhír 9, déanfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an cinneadh maidir le gníomhaíochtaí próiseála i gcomhthéacs a bhunaíochtaí go léir san Aontas. Tabharfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí fógra don phríomhúdarás maoirseachta faoi na bearta a ghlacfar chun an cinneadh a chomhlíonadh agus cuirfidh an príomhúdarás sin na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann ar an eolas.

11.   In imthosca eisceachtúla ina measfaidh údarás maoirseachta go bhfuil gá práinneach le gníomhú chun leasanna na n-ábhar sonraí a chosaint, beidh feidhm ag an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 66.

12.   Cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann an fhaisnéis atá riachtanach faoin Airteagal seo ar fáil dá chéile trí mhodhanna leictreonacha agus bainfear úsáid as formáid chaighdeánaithe chuige sin.


whereas

dal 2004 diritto e informatica