search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 40 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 243

 

Airteagal 40

Cóid iompair

1.   Tabharfaidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta, an Bord agus an Coimisiún spreagadh chun cóid iompair a tharraingt suas a chuideoidh le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na n-earnálacha éagsúla próiseála á gcur san áireamh mar aon le riachtanais sonracha na micreafhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide.

2.   Féadfaidh comhlachais agus comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht do chatagóirí rialaitheoirípróiseálaithe cóid iompair a ullmhú, a leasúsíneadh a chur leo chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shonrú, amhail i dtaca leis an méid seo a leanas:

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(a)

próiseáil chothrom thrédhearcach;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(b)

na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag rialaitheoirí i gcomhthéacsanna sonracha;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(c)

bailiú sonraí pearsanta;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(d)

ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(e)

an fhaisnéis a sholáthraítear don phobal agus d'ábhar sonraí;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(f)

feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(g)

faisnéis a sholáthraítear do leanaí, agus cosaint leanaí, agus an bealach a ndéantar an toiliú a fháil ó shealbhóirí fhreagracht tuismitheora an linbh;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(h)

na bearta agus na nósanna imeachtadtagraítear in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 agus na bearta chun slándáil na próiseáladtagraítear in Airteagal 32 a áirithiú;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(i)

fógra faoi sháruithe i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt d'údaráis mhaoirseachta agus na sáruithe sin i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl do na hábhair sonraí;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(j)

sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta; nó

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(k)

imeachtaí lasmuigh den chúirt agus nósanna imeachta eile um réiteach díospóide chun díospóidí idir rialaitheoirí agus ábhair sonraí i dtaca le próiseáil a réiteach, gan dochar do chearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagal 77 agus Airteagal 79.

3.   De bhreis ar rialaitheoirípróiseálaithe atá faoi réir an Rialacháin seo do chloí leo, féadfaidh rialaitheoiri nó próiseálaíthe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo cloí le cóid iompair a fhormheastar de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus a bhfuil bailíocht ghinearálta acu de bhun mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh rialaitheoirípróiseálaithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo de bhun Airteagal 3 na cóid sin a chomhlíonadh freisin d'fhonn na coimircí iomchuí a sholáthar faoi chuimsiú chreat aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na téarmaí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 46(2). Déanfaidh rialaitheoirípróiseálaithe den sórt sin gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe, trí ionstraimí conarthacha nó trí ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh dlí de, chun na coimircí iomchuí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

4.   I gcód iompairdtagraítear i mír 2 den Airteagal seo beidh sásraí trína mbeidh an chomhlacht dá dtagraítear in Airteagal 41(1) in ann faireachán éigeantach a dhéanamh féachaint an bhfuil a fhorálacha á gcomhlíonadh ag na rialaitheoirí agus ag na próiseálaithe a ghabhann orthu féin é a chur i bhfeidhm, gan dochar do chúraimí ná do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó 56.

5.   Comhlachais agus comhlachtaí eiledtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhfuil sé beartaithe acu cód iompair a ullmhú nó cód iompair atá ann a leasúsíneadh a chur leis, cuirfidh siad an dréachtchód, an leasú nó an síneadh faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta tuairim faoin Rialachán seo a bheith nó gan a bheith i gcomhréir leis an dréachtchód, leis an leasúleis an síneadh, agus formhuineoidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh sin má chinneann sé go bhfuil coimircí iomchuí leordhóthanacha á gcur ar fáil aige.

6.   I gcás ina bhformheastar an dréachtchód, an leasú nó an síneadh de bhun mhír 5, agus i gcás nach mbaineann an cód iompair lena mbaineann le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt Ballstát, cláróidh agus foilseoidh an t-údarás maoirseachta an cód.

7.   I gcás ina mbaineann dréachtchód iompair le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt Ballstát, déanfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 an cód a chur faoi bhráid an Bhoird, sula bhformheasfaidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh, de réir an nós imeachtadtagraítear in Airteagal 63 agus tabharfaidh an Bord tuairim an bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, an soláthraítear coimircí iomchuí leis.

8.   I gcás ina ndeimhnítear leis an tuairimdtagraítear i mír 7 go bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3, go gcuirtear coimircí iomchuí ar fáil leo, cuirfidh an Bord a thuairim faoi bhráid an Choimisiúin.

9.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh go mbeidh bailíocht ghinearálta san Aontas ag an cód iompair, an leasú nó an síneadh atá formheasta agus a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 8 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

10.   Áiritheoidh an Coimisiún go bpoibleofar go cuí na cóid fhormheasta ar cinneadh bailíocht ghinearálta a bheith ag baint leo i gcomhréir le mír 9.

11.   Déanfaidh an Bord na cóid iompair, na leasuithe agus na síntí uile atá formheasta a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí bhíthin bealaí iomchuí.


whereas

dal 2004 diritto e informatica