search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 62 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 181

 

Airteagal 62

Oibríochtaí comhpháirteacha na n-údarás maoirseachta

1.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha agus bearta comhpháirteacha forfheidhmithe a mbeidh comhaltaífoireann údaráis mhaoirseachta na mBallstát eile bainteach leo.

2.   I gcás ina mbeidh bunaíochtaí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i roinnt Ballstát nó i gcás inar dócha go mbeidh tionchar nach beag ag oibríochtaí próiseála ar líon suntasach ábhar sonraí i mBallstát amháin nó níos mó, beidh sé de cheart ag údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha sin. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 56(1) nó Airteagal 56(4) cuireadh don údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha agus freagróidh sé gan mhoill don iarraidh ó údarás maoirseachta maidir lena bheith rannpháirteach.

3.   Féadfaidh údarás maoirseachta, i gcomhréir le dlí Ballstáit, agus le húdarú an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh, cumhachtaí, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaitheacha, a thabhairt do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh atá i mbun oibríochtaí comhpháirteacha nó, a mhéid is a cheadaítear le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh, ceadú do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a gcumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh. Ní fhéadfar na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a fheidhmiú ach amháin faoi threoir agus i láthair chomhaltaífhoireann an údaráis mhaoirseachta óstaigh. Beidh comhaltaífoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh faoi réir dhlí Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh.

4.   I gcás inarb amhlaidh, i gcomhréir le mír 1, go bhfuil foireann údaráis mhaoirseachta tionscnaimh ag feidhmiú i mBallstát eile, glacfaidh Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh freagracht as a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear dliteanas, i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad agus iad i mbun a n-oibríochtaí, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a mbeidh siad ag oibriú ar a chríoch.

5.   An Ballstát ar ina chríoch a rinneadh an damáiste, slánóidh sé an damáiste sin faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le damáiste a rinne a foireann féin. Ballstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a ndearna a foireann féin damáiste do dhuine ar bith i gcríoch Bhallstáit eile, cúiteoidh sé leis an mBallstát eile sin ina iomláine aon suimeanna a d'íoc sé leis na daoine a bhí ina dteideal thar a gceann sin.

6.   Gan dochar d'fheidhmiú na gceart i leith tríú páirtithe agus cé is moite de mhír 5, staonfaidh gach Ballstát, sa chás dá bhforáiltear i mír 1, ó chúiteamh damáistí a d'fhulaing sé a iarraidh ar Bhallstát eile I dtaca le damáiste dá dtagraítear de bhun mhír 4.

7.   I gcás ina mbeidh oibríocht chomhpháirteach beartaithe agus nach gcomhlíonfaidh údarás maoirseachta laistigh de mhí amháin an oibleagáid a leagadh síos sa dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta eile beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 55. Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach atá le gníomhú faoi Airteagal 66(1) agus go bhfuil gá le tuairim ón mBord, nó cinneadh ceangailteach práinneach uaidh, de bhun Airteagal 66(2).

Roinn 2

Comhsheasmhacht


whereas

dal 2004 diritto e informatica