search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 33 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 130

 

Airteagal 33

Fógra a thabhairt don údarás maoirseachta faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta

1.   I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, tabharfaidh an rialaitheoir, gan aon mhoill mhíchuí agus, más féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair tar éis dó bheith ar an eolas faoin sárú sin, fógra a thabhairt don údarás maoirseachta atá inniúil i gcomhréir le hAirteagal l55, mura rud é, nach dócha go mbeidh riosca ann, mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha. Gabhfaidh na cúiseanna a bhí leis an mhoill leis an bhfógra don údarás maoirseachta i gcás nach dtugtar an fógra sin laistigh de 72 uair.

2.   Cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas gan mhoill mhíchuí a luaithe a thuigeann sé gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta.

3.   Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus neas-líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus neas-líon na dtaifead sonraí pearsanta lena mbaineann;

(b)

cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí in iúl nó luafar pointe teagmhála eile ónar féidir tuilleadh eolais a fháil;

(c)

tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta; agus

(d)

tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta ag an rialaitheoiratá beartaithe aige a dhéanamh le haghaidh a tbabhairt ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.

4.   I gcás nach féidir, agus a mhéid nach féidir, an fhaisnéis a chur ar fáil ag an am céanna, féadfar an fhaisnéis a sholáthar i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.

5.   Déanfaidh an rialaitheoir aon sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a dhoiciméadú, arb iad na fíricí a bhaineann leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh. Leis an doiciméadacht sin, cuirfear ar chumas an údaráis mhaoirseachta a fhíorú an bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh.


whereas

dal 2004 diritto e informatica