search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 65 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 177

 

Airteagal 65

Réiteach díospóide ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach i gcásanna aonair, déanfaidh an Bord cinneadh ceangailteach a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(a)

más amhlaidh, i gcásdtagraítear in Airteagal 60(4), gur ardaigh údarás maoirseachta lena mbaineann agóid ábhartha agus réasúnaithe i gcoinne dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás nó i gcás inar dhiúltaigh an príomhúdarás d'agóid den sórt sin ar an mbunús nach bhfuil sí ábhartharéasúnaithe. Bainfidh an cinneadh ceangailteach leis na ceisteanna go léir atá ina n-ábhar don agóid ábhartha réasúnaithe, go háirithe an ann do shárú ar an Rialachán seo;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(b)

i gcás ina mbeidh tuairimí contrártha maidir le cé acu ceann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann is inniúil maidir leis an bpríomhbhunaíocht;

border="0" cellspacing="0" cellpadding="0">

(c)

I gcás nach n-iarrfaidh údarás inniúil maoirseachta tuairim an Bhoird sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 64(1), nó i gcás nach ndéanfaidh sé tuairim an Bhoird, a eisíodh faoi Airteagal 64, a leanuint. Sa chás sin, féadfaidh aon údarás maoirseachta lena mbaineannféadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a chur in iúl don Bhord.

2.   Laistigh de mhí amháin iar dtarchur an ábhair, glacfar an cinneadhdtagraítear i mír 1 trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin go ceann mí eile i ngeall ar chastacht an ábhair. An cinneadhdtagraítear i mír 1, beidh sé réasúnaithe agus seolfar é chuig an príomhúdarás maoirseachta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta uile lena mbaineann agus beidh sé ina cheangal orthu fairis sin.

3.   I gcás nach mbeidh an Bord in ann cinneadh a ghlacadh laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh sé a chinneadh laistigh de choicís tar éis dheireadh an dara mí dá dtagraítear i mír 2 trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. I gcás ina bhfuil deighilt idir comhaltaí an Bhoird, glacfar an cinneadh trí vóta óna Chathaoirleach.

4.   Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann cinneadh a ghlacadh maidir leis an ábhar a cuireadh faoi bhráid an Bhoird faoi mhír 1 le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

5.   Cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird an cinneadhdtagraítear i mír 1 in iúl do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Foilseofar an cinneadh gan mhoill ar shuíomh gréasáin an Bhoird tar éis don údarás maoirseachta fógra a thabhairt faoin gcinneadh críochnaitheachdtagraítear i mír 6.

6.   Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis cinneadh críochnaitheach ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis don Bhord fógra a thabhairt maidir lena chinneadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, an Bord a chur ar an eolas faoin dáta a gcuirfear fógra faoina chinneadh críochnaitheach chuig an rialaitheoir nó chuig an bpróiseálaí agus chuig an ábhar sonraí, faoi seach. Glacfar cinneadh críochnaitheach na n-údarás maoirseachta lena mbaineann faoi théarmaí Airteagal 60(7), (8) agus (9). Tagrófar sa chinneadh críochnaitheach don chinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus sonrófar ann go ndéanfar an cinneadhdtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhoird i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Ceanglófar leis an gcinneadh críochnaitheach an cinneadhdtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.


whereas

dal 2004 diritto e informatica