(102) Tá an Rialachán seo gan dochar do chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích idir an taontas agus tríú tíortha a rialaíonn aistriú sonraí pearsanta, lena n-áirítear coimircí iomchuí do na hábhair sonraí.
Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích a bhfuil aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta mar chuid díobh, fad nach ndéanann comhaontuithe den sórt sin difear don Rialachán seo ná d'aon fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais agus go n-áirítear leo leibhéal leordhóthanach cosanta do chearta bunúsacha na n-ábhar sonraí do na sonraí.
- = -
(104) I gcomhréir leis na bunluachanna ar a bhfuil an taontas fothaithe, go háirithe cosaint chearta an duine, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh aige ar thríú tír nó ar chríoch nó ar earnáil shonraithe i dtríú tír, an tslí ina ndéanann tríú tír ar leith an smacht reachta, rochtain ar cheartas mar aon leis na noirm agus na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus an dlí ginearálta agus an dlí earnála atá aici, lena n-áirítear reachtaíocht a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, le cosaint agus leis an tslándáil náisiúnta mar aon leis an ord poiblí agus leis an dlí coiriúil, a urramú.
Agus cinneadh leordhóthanachta maidir le críoch nó le hearnáil shonraithe i dtaca le tríú tír á ghlacadh, ba cheart a chur san áireamh critéir shoiléire oibiachtúla, amhail gníomhaíochtaí sonracha próiseála agus raon feidhme na gcaighdeán dlíthiúil is infheidhme agus na reachtaíochta atá i bhfeidhm sa tríú tír.
Ba cheart don tríú tír ráthaíochtaí a thabhairt lena n-áiritheofaí leibhéal leordhóthanach cosanta arb ionann é go bunúsach agus an leibhéal a áirithítear laistigh den Aontas, go háirithe i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta in earnáil ar leith nó i roinnt earnálacha ar leith.
Go háirithe, ba cheart don tríú tír maoirseacht neamhspleách éifeachtach ar chosaint sonraí a áirithiú agus ba cheart di foráil a dhéanamh maidir le sásraí comhair leis na húdaráis na mBallstát um chosaint sonraí, agus ba cheart cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe agus sásamh éifeachtach riaracháin agus sásamh éifeachtach breithiúnach a thabhairt do na hábhair sonraí.
- = -
(115) Glacann roinnt tríú tíortha dlíthe, rialacháin agus gníomhartha dlí eile a cheaptar le gníomhaíochtaí próiseála sonraí daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a rialáil go díreach faoi dhlínse na mBallstát.
D'fhéadfaí a áireamh leis sin breithiúnais ó chúirteanna nó ó bhinsí nó cinntí ó údaráis riaracháin i dtríú tíortha lena gceanglaítear ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí sonraí pearsanta a aistriú nó a nochtadh, agus nach bhfuil bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an taontas nó Ballstát.
D'fhéadfadh sé go sárófaí dlí idirnáisiúnta dá gcuirfí na dlíthe, na rialacháin agus na gníomhartha dlí eile sin i bhfeidhm lasmuigh de dhlínse na dtíortha sin agus d'fhéadfadh sé cur isteach ar an gcosaint do dhaoine nádúrtha a áirithítear san Aontas leis an Rialachán seo.
Níor cheart aistrithe a cheadú ach i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha an Rialacháin seo maidir le haistrithe chuig tríú tíortha.
Féadfaidh an cás a bheith amhlaidh, inter alia, má tá gá leis an nochtadh ar fhoras tábhachtach leasa phoiblí a aithnítear i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.
- = -
(163) Ba cheart cosaint a dhéanamh ar an bhfaisnéis rúnda a bhailíonn an taontas agus na húdaráis náisiúnta staidrimh chun staidreamh Eorpach oifigiúil agus staidreamh náisiúnta oifigiúil a tháirgeadh.
Ba cheart staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh mar a leagtar amach in Airteagal 338(2) CFAE, agus ba cheart do staidreamh náisiúnta dlí Ballstáit a chomhlíonadh.
Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), foráiltear do thuilleadh sonraíochtaí maidir le rúndacht staidrimh do staidreamh Eorpach.
- = -
(170) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, leibhéal coibhéiseach cosanta do dhaoine nádúrtha agus saorshreabhadh sonraí pearsanta ar fud an Aontais a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an taontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
- = -