search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: 'ballstát' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
 

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha saineathanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

(2)

ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(3)

ciallaíonn “srianadh ar phróiseáil” sonraí pearsanta stóráilte a mharcáil agus é d'aidhm leis sin teorainn a chur leis an bpróiseáil a dhéanfar orthu sa todhchaí;

(4)

ciallaíonn “próifíliú” aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin nó chun na gnéithe sin a thuar;

(5)

ciallaíonn “ainm bréige a chur i bhfeidhm” próiseáil a dhéantar ar chaoi nach féidir na sonraí a chur i leith ábhair sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta;

(6)

ciallaíonn “córas comhdúcháin” aon sraith struchtúraithe de shonraí pearsanta a bhfuil rochtain orthu de réir critéir shonracha, is cuma má tá an sraith sin lárnaithe, díláraithe nó scaipthe ar bhonn feidhmeach nó geografach;

(7)

ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

(8)

ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora;

(9)

ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh. Maidir le húdaráis phoiblí a fhéadfaidh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ní mheasfar gur faighteoirí iad; comhlíonfaidh an phróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil;

(10)

ciallaíonn “tríú páirtí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile seachas an t-ábhar sonraí, an rialaitheoir, an próiseálaí agus daoine a údaraítear, faoi údarás díreach an rialaitheora nó an phróiseálaí, chun na sonraí a phróiseáil;

(11)

ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon chur in iúl atá sonrach, feasach agus gan athbhrí, a dhéanann an t-ábhar sonraí a thabhairt faoi shaoirse, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, á rá gur mian leis nó léí aontú le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

(12)

ciallaíonn “sárú i ndáil le sonraí pearsanta” sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach;

(13)

ciallaíonn “sonraí géiniteacha” sonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine nádúrtha a fuarthas le hoidhreacht nó a fuarthas, a thugann faisnéis uathúil faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine nádúrtha sin agus arb é atá iontu an toradh, go háirithe, ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine nádúrtha atá i gceist;

(14)

ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;

(15)

ciallaíonn “sonraí a bhaineann leis an tsláinte” sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach duine nádúrtha, lena n-áirítear soláthar seirbhísí cúraim sláinte, lena nochtar faisnéis faoina stádas sláinte;

(16)

ciallaíonn “príomhbhunaíocht”:

(a)

maidir le rialaitheoir a bhfuil bunaíochtaí i níos mó ná ballstát amháin aige, an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas, mura rud é go nglactar na cinntí maidir le críocha agus modhanna próiseála na sonraí pearsanta i mbunaíocht eile de chuid an rialaitheora san Aontas agus go bhfuil an chumhacht ag an mbunaíocht sin chun a chur faoi deara cinntí den sórt sin a chur chun feidhme, agus sa chás sin meastar gurb í an bhunaíocht a ghlac cinntí den sórt sin an phríomh-bhunaíocht;

(b)

i ndáil le próiseálaí a bhfuil bunaíochtaí i níos mó ná ballstát amháin aige, an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas, nó mura bhfuil aon riarachán lárnach ag an bpróiseálaí san Aontas, bunaíocht an phróiseálaí san Aontas ina ndéantar na príomhghníomhaíochtaí próiseála i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid an phróiseálaí a mhéid atá an próiseálaí faoi réir oibleagáidí sonracha faoin Rialachán seo;

(17)

ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27;

(18)

ciallaíonn “fiontar” duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma faoi fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go rialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch;

(19)

ciallaíonn “grúpa gnóthas” gnóthas rialaitheach agus a ghnóthais atá faoi rialú;

(20)

ciallaíonn “rialacha ceangailteacha corparáideacha” beartais um chosaint sonraí pearsanta a gcloíonn rialaitheoir nó próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit leo, ar beartais iad le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta nó sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig rialaitheoir nó chuig próiseálaí i dtríú tír amháin nó níos mó laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu;

(21)

ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn ballstát de bhun Airteagal 51;

(22)

ciallaíonn “údarás maoirseachta lena mbaineann” údarás maoirseachta a mbaineann próiseáil somraí pearsanta leis mar gurb amhlaidh:

(a)

go bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe ar chríoch Bhallstáit an údaráis mhaoirseachta sin;

(b)

go bhfuil éifeacht shubstainteach nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil ar ábhair sonraí atá ina gcónaí i mballstát an údaráis mhaoirseachta sin; nó

(c)

go ndearnadh gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta sin;

(23)

ciallaíonn “próiseáil trasteorann” ceann acu seo:

(a)

próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochtaí i níos mó ná ballstát amháin de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i níos mó ná ballstát amháin; nó

(b)

próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar san Aontas a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas ach a bhfuil éifeacht shubstainteach ag an bpróiseáil sin ar ábhair sonraí i níos mó ná ballstát amháin nó gur dóchúil go mbeidh éifeacht shubstainteach aici orthu.

(24)

ciallaíonn “agóid ábhartha réasúnaithe” agóid i gcoinne dréachtchinneadh i dtaca le cibé an ann do shárú ar an Rialachán seo nó nach ann dó, nó an gcomhlíonann an gníomhaíocht a bheartaítear i dtaca leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí an Rialachán seo, agóid a thaispeánann go soiléir suntasacht na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an dréachtchinneadh maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas;

(25)

ciallaíonn “seirbhís de chuid na sochaí faisnéise” seirbhís mar a shainmhínítear í i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(26)

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.

CAIBIDIL II

Prionsabail

Airteagal 40

Cóid iompair

1.   Tabharfaidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta, an Bord agus an Coimisiún spreagadh chun cóid iompair a tharraingt suas a chuideoidh le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na n-earnálacha éagsúla próiseála á gcur san áireamh mar aon le riachtanais sonracha na micreafhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide.

2.   Féadfaidh comhlachais agus comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht do chatagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe cóid iompair a ullmhú, a leasú nó síneadh a chur leo chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shonrú, amhail i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

próiseáil chothrom thrédhearcach;

(b)

na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag rialaitheoirí i gcomhthéacsanna sonracha;

(c)

bailiú sonraí pearsanta;

(d)

ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta;

(e)

an fhaisnéis a sholáthraítear don phobal agus d'ábhar sonraí;

(f)

feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí;

(g)

faisnéis a sholáthraítear do leanaí, agus cosaint leanaí, agus an bealach a ndéantar an toiliú a fháil ó shealbhóirí fhreagracht tuismitheora an linbh;

(h)

na bearta agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 agus na bearta chun slándáil na próiseála dá dtagraítear in Airteagal 32 a áirithiú;

(i)

fógra faoi sháruithe i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt d'údaráis mhaoirseachta agus na sáruithe sin i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl do na hábhair sonraí;

(j)

sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta; nó

(k)

imeachtaí lasmuigh den chúirt agus nósanna imeachta eile um réiteach díospóide chun díospóidí idir rialaitheoirí agus ábhair sonraí i dtaca le próiseáil a réiteach, gan dochar do chearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagal 77 agus Airteagal 79.

3.   De bhreis ar rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir an Rialacháin seo do chloí leo, féadfaidh rialaitheoiri nó próiseálaíthe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo cloí le cóid iompair a fhormheastar de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus a bhfuil bailíocht ghinearálta acu de bhun mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo de bhun Airteagal 3 na cóid sin a chomhlíonadh freisin d'fhonn na coimircí iomchuí a sholáthar faoi chuimsiú chreat aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na téarmaí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 46(2). Déanfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe den sórt sin gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe, trí ionstraimí conarthacha nó trí ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh dlí de, chun na coimircí iomchuí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

4.   I gcód iompair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo beidh sásraí trína mbeidh an chomhlacht dá dtagraítear in Airteagal 41(1) in ann faireachán éigeantach a dhéanamh féachaint an bhfuil a fhorálacha á gcomhlíonadh ag na rialaitheoirí agus ag na próiseálaithe a ghabhann orthu féin é a chur i bhfeidhm, gan dochar do chúraimí ná do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó 56.

5.   Comhlachais agus comhlachtaí eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhfuil sé beartaithe acu cód iompair a ullmhú nó cód iompair atá ann a leasú nó síneadh a chur leis, cuirfidh siad an dréachtchód, an leasú nó an síneadh faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta tuairim faoin Rialachán seo a bheith nó gan a bheith i gcomhréir leis an dréachtchód, leis an leasú nó leis an síneadh, agus formhuineoidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh sin má chinneann sé go bhfuil coimircí iomchuí leordhóthanacha á gcur ar fáil aige.

6.   I gcás ina bhformheastar an dréachtchód, an leasú nó an síneadh de bhun mhír 5, agus i gcás nach mbaineann an cód iompair lena mbaineann le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt ballstát, cláróidh agus foilseoidh an t-údarás maoirseachta an cód.

7.   I gcás ina mbaineann dréachtchód iompair le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt ballstát, déanfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 an cód a chur faoi bhráid an Bhoird, sula bhformheasfaidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 63 agus tabharfaidh an Bord tuairim an bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, an soláthraítear coimircí iomchuí leis.

8.   I gcás ina ndeimhnítear leis an tuairim dá dtagraítear i mír 7 go bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3, go gcuirtear coimircí iomchuí ar fáil leo, cuirfidh an Bord a thuairim faoi bhráid an Choimisiúin.

9.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh go mbeidh bailíocht ghinearálta san Aontas ag an cód iompair, an leasú nó an síneadh atá formheasta agus a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 8 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

10.   Áiritheoidh an Coimisiún go bpoibleofar go cuí na cóid fhormheasta ar cinneadh bailíocht ghinearálta a bheith ag baint leo i gcomhréir le mír 9.

11.   Déanfaidh an Bord na cóid iompair, na leasuithe agus na síntí uile atá formheasta a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí bhíthin bealaí iomchuí.

Airteagal 43

Comhlachtaí deimhniúcháin

1.   Gan dochar do chúraimí agus cumhachtaí an údaráis inniúil mhaoirseachta faoi Airteagal 57 agus Airteagal 58, déanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais acu i ndáil le cosaint sonraí, tar éis dóibh an t-údarás maoirseachta a chur ar an eolas le go mbeidh sé in ann a chumhachtaí a fheidhmiú de bhun phointe (h) d'Airteagal 58(2) nuair is gá sin, an deimhniú a eisiúint agus a athnuachan. Déanfaidh gach ballstát a áirithiú go bhfuil na comhlachtaí deimhniúcháin sin creidiúnaithe ag ceann amháin nó ag an dá cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó Airteagal 56;

(b)

an comhlacht náisiúnta um chreidiúnú arna ainmniú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) i gcomhréir le EN-ISO/IEC 17065/2012 mar aon leis na ceanglais bhreise a shuí an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó Airteagal 56.

2.   Ní dhéanfar creidiúnú a thabhairt do na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an mír sin ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá sé taispeáinte acu go bhfuil siad neamhspleách agus go bhfuil saineolas acu maidir le hábhar an deimhnithe chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta;

(b)

ghabh siad de láimh na critéir a urramú dá dtagraítear in Airteagal 42(5) agus a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63;

(c)

tá nósanna imeachta curtha ar bun acu chun séalaí agus marcanna cosanta sonraí a eisiúint, a athbhreithniú go tráthrialta agus a tharraingt siar;

(d)

tá nósanna imeachta agus struchtúir bunaithe acu chun gearáin a láimhseáil maidir le sáruithe ar an deimhniú nó maidir leis an mbealach ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an deimhniú i bhfeidhm nó maidir leis an mbealach a bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, agus na nósanna imeachta sin agus na struchtúir sin a chur in iúl ar bhealach trédhearcach do na hábhair sonraí agus don phobal; agus

(e)

tá sé taispeáinte acu chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta nach ngabhann coinbhleachtaí leasa leis na cúraimí ná leis na dualgais atá orthu.

3.   Déanfar creidiúnú na gcomhlachtaí deimhniúcháin amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn na gcritéar a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63. I gcás creidiúnú de bhun phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfar, leis na ceanglais sin, na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus na rialacha teicniúla lena ndéantar cur síos ar mhodhanna agus ar nósanna imeachta na gcomhlachtaí deimhniúcháin a chomhlánú.

4.   Beidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 freagrach as measúnú ceart a dhéanamh, a mbeidh an deimhniú nó tarraingt siar an deimhnithe mar thoradh air, gan dochar don fhreagracht atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh. Eiseofar an creidiúnú le haghaidh uastréimhse cúig bliana agus féadfar é a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

5.   Tabharfaidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 na cúiseanna do na húdaráis inniúla mhaoirseachta ar tugadh nó nar tarraingíodh siar an deimhniú a iarradh dá mbarr.

6.   Poibleoidh an t-údarás maoirseachta na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 42(5), i bhfoirm a bhfuil sé easca rochtain a fháil uirthi. Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta na ceanglais agus na critéir sin chuig an mBord. Déanfaidh an Bord na sásraí deimhniúcháin ar fad agus na séalaí cosanta sonraí a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí aon bhealach iomchuí.

7.   Gan dochar do Chaibidil VIII, cúlghairfidh an t-údarás inniúil maoirseachta nó an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú a thug sé do chomhlacht deimhniúcháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo mura gcomhlíontar na coinníollacha don chreidiúnú nó mura mbíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó más rud é go sáraíonn na bearta a dhéanann comhlacht deimhniúcháin an Rialachán seo.

8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92, chun na critéir agus na ceanglais atá le cur san áireamh leis na sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42(1).

9.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos caighdeáin theicniúla do shásraí deimhniúcháin agus do shéalaí agus marcanna cosanta sonraí, agus do shásraí chun na sásraí deimhniúcháin, séalaí agus marcanna sin a chur chun cinn agus a aithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

CAIBIDIL V

Aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha nó go heagraíochtaí idirnáisiúnta

Airteagal 45

Aistrithe ar bhonn cinneadh leordhóthanachta

1.   Féadfar sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta i gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún go n-áirithíonn tríú tír, an críoch nó an earnáil shonraithe, laistigh den tríú tír sin, nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist, go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Ní gá aon údarú sonrach a fháil i gcás aistriú den sórt sin.

2.   Agus a leordhóthanaí atá an leibhéal cosanta á mheas ag an gCoimisiún cuirfidh sé na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

(a)

an smacht reachta, an urraim do chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, reachtaíocht ábhartha, idir ghinearálta agus earnálach, lena n-áirítear i ndáil leis an tslándáil phoiblí, cosaint, an tslándáil náisiúnta agus an dlí coiriúil agus rochtain na n-údarás poiblí ar shonraí pearsanta, maille le cur chun feidhme na reachtaíochta seo, rialacha um chosaint sonraí, rialacha gairmiúla agus bearta slándála, lena n-áirítear rialacha maidir le sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh go tríú tír eile nó go heagraíocht idirnáisiúnta eile, ar rialacha iad atá á gcomhlíonadh sa tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin, an cásdlí, chomh maith le cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe a bheith ar fáil d'ábhair sonraí agus sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach do na hábhair sonraí agus a bhfuil a sonraí pearsanta á n-aistriú;

(b)

ceann amháin nó níos mó d'údaráis neamhspleácha mhaoirseachta a bheith sa tríú tír agus é/iad ag feidhmiú go maith nó a mbeidh eagraíocht idirnáisiúnta faoina réir agus é mar fhreagracht orthu a áirithiú go bhfuil na rialacha maidir le cosaint sonraí á gcomhlíonadh agus á bhforfheidhmiú, lena n-áirítear cumhachtaí iomchuí forfheidhmithe chun comhairle a chur ar na hábhair sonraí agus cúnamh a thabhairt dóibh chuige sin, agus chun comhar a áirithiú le húdaráis mhaoirseachta an Aontais agus na mballstát;

(c)

na tiomantais idirnáisiúnta atá glactha ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, nó oibleagáidí eile a eascraíonn as coinbhinsiúin nó ionstraimí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus óna rannpháirtíocht i gcórais réigiúnacha nó i gcórais iltaobhacha, go háirithe a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint.

3.   Tar éis dó leordhóthanacht leibhéal na cosanta a mheas, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go n-áirithítear i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe amháin nó níos mó i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta, go bhfuil leibhéal cosanta leordhóthanach inti laistigh de réir bhrí mhír 2 den Airteagal seo.Forálfar, leis an ngníomh cur chun feidhme, do shásra chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh, ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana, ina gcuirfear san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa tríú tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin. Sa ghníomh cur chun feidhme, sonrófar cur i bhfeidhm críochach agus earnálach an ghnímh, agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneofar an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

4.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn leanúnach, faireachán ar fhorbairtí i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcaoi a bhfheidhmeodh na cinntí a ghlactar de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus na cinntí a ghlactar ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE.

5.   Sa mhéid is gá, cinnfidh an Coimisiún, i gcás ina léireoidh an fhaisnéis atá ar fáil, go háirithe tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, nach n-áirithítear a thuilleadh leibhéal leordhóthanach cosanta i dtríú tír, i gcríoch ná in earnáil shonraithe sa tríú tír sin, ná in eagraíocht idirnáisiúnta, de bhrí mhír 2 den Airteagal seo, a mhéid is féidir, déanfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a aisghairm, a leasú nó a chur ar fionraí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan éifeacht chúlghabhálach a bheith aige. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Ar mhórchúiseanna prainne a bhfuil bonn cirt cuí leo, déanfaidh an Coimsiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhéir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(3).

6.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta féachaint an bhféadfaí an méid ba chúis leis an gcinneadh a rinneadh de bhun mhír 5 seo a leigheas.

7.   Is gan dochar a bheidh cinneadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo d'aistrithe sonraí pearsanta go dtí an tríú tír, go dtí an chríoch nó go hearnáil shonraithe amhain nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó go dtí an eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 46 go hAirteagal 49.

8.   Déanfaidh an Coimisiún liosta a fhoilsiú, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar a shuíomh gréasáin, de na tríú tíortha, de na críocha agus de na hearnálacha sonraithe i dtríú tír agus de na heagraíochtaí idirnáisiúnta ar chinn an Coimisiún ina leith go raibh nó nach raibh a leibhéil chosanta leormhaith.

9.   Beidh feidhm ag cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a ionadú nó a aisghairm le Cinneadh ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 3 nó mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 47

Rialacha ceangailteacha corporáideacha

1.   Formheasfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta a leagtar amach in Airteagal 63, ar choinníoll:

(a)

go mbeidh siad ceangailteach ó thaobh dlí agus go mbeidh feidhm acu maidir le gach comhalta lena mbaineann i ngrúpa gnóthas, nó i ngrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, lena n-áirítear a gcuid fostaithe,agus go ndéanfaidh gach comhalta iad a fhorfheidhmiú;

(b)

go dtabharfaidh siad cearta in-fhorfheidhmithe go sainráite d'ábhar sonraí maidir lena sonraí pearsanta a phróiseáil; agus

(c)

go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais atá leagtha síos i mír 2.

2.   Leis na rialacha ceangailteacha corparáideacha dá dtagraítear i mír 1, sonrófar ar a laghad:

(a)

struchtúr agus sonraí teagmhála an ghrúpa gnóthas, nó an ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu agus struchtúr agus sonraí teagmhála gach comhalta den ghrúpa sin;

(b)

na haistrithe sonraí nó na sraith d'aistrithe sonraí, lena n-áirítear na catagóirí sonraí pearsanta, an cineál próiseála agus críocha na próiseála sin, an cineál ábhair sonraí lena mbainfidh agus ainm nó ainmneacha an tríú tír nó na dtríú tíortha;

(c)

iad a bheith de chineál ceangailteach ó thaobh dlí, go hinmheánach agus go seachtrach;

(d)

cur i bhfeidhm na bprionsabal ginearálta maidir le cosaint sonraí, go háirithe teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, tréimhsí teoranta stórála, cáilíocht sonraí, cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, an bunús dlí atá leis an próiseáil, próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta, bearta chun slándáil sonraí a áirithiú agus na ceanglais maidir le sonraí a aistriú ar aghaidh chuig comhlachtaí nach bhfuil faoi cheangal na rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(e)

cearta na n-ábhar sonraí maidir le próiseáil agus na modhanna chun na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear an ceart gan a bheith faoi réir cinntí atá bunaithe ar phróifíliú, lena n-áirítear próifíliú i gcomhréir le hAirteagal 22, an ceart gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil maoirseachta agus le cúirteanna inniúla na mballstát i gcomhréir le hAirteagal 79, agus an ceart chun sásaimh, agus, nuair is iomchuí, an ceart chun cúiteamh a fháil de bharr sárú ar na rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(f)

go nglacann an rialaitheoir nó an próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit le dliteanas i gcás ina sáraíonn aon chomhalta lena mbaineann nach bhfuil bunaithe san Aontas na rialacha ceangailteacha corparáideacha; ní bheidh an rialitheoir nó an próisealaí díolmhaithe ón dliteanas sin, go páirteach nó go hiomlán, ach amháin má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste;

(g)

an bealach a gcuirtear an fhaisnéis faoi na rialacha ceangailteacha corparáideacha, agus faoi na forálacha dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) den mhír seo go háirithe, ar fáil do na hábhair sonraí chomh maith le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 14;

(h)

cúraimí aon oifigigh cosanta sonraí a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 37, nó aon duine nó aon eintitis eile atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha ceangailteacha corparáideacha laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, chomh maith le faireachán ar oiliúint agus ar an dóigh a ndéileáiltear le gearáin;

(i)

na nósanna imeachta um ghearáin;

(j)

na sásraí laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu lena n-áirithítear go bhfíoraítear comhlíonadh na rialacha ceangailteacha corparáideacha. Áireofar ar na sásraí sin iniúchtaí ar chosaint sonraí agus modhanna lena n-áirithítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun cearta an ábhair sonraí a chosaint. Ba cheart torthaí an fhíoraithe sin a chur in iúl don duine nó don eintiteas dá dtagraítear i bpointe (h) agus do bhord an ghnóthais rialaithe de ghrúpa gnóthas nóde ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, agus ba cheart iad a bheith ar fáil arna iarraidh sin don údarás inniúil maoirseachta;

(k)

na sásraí chun athruithe ar na rialacha a thaifeadadh agus a thuairisciú agus chun tuairisc a thabhairt don údarás maoirseachta faoi na hathruithe sin;

(l)

an sásra don chomhar leis an údarás maoirseachta chun comhlíonadh a áirithiú i gcás gach comhalta den ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, go háirithe trí thorthaí na bhfíoruithe ar na bearta dá dtagraítear i bpointe (j) den mhír seo a chur ar fáil don údarás maoirseachta;

(m)

na sásraí chun aon cheanglais dlí a bhfuil comhalta den ghrúpa gnóthas nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu faoina réir i dtríú tír a thuairisciú don údarás inniúil maoirseachta, ar dóchúil go mbeadh éifeacht shuntasach dhíobhálach aige ar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis na rialacha ceangailteacha corparáideacha; agus

(n)

an oiliúint iomchuí i ndáil le cosaint sonraí do phearsanra a bhfuil rochtain bhuan nó rialta acu ar shonraí pearsanta.

3.   Féadfaidh an Coimisiún an fhormáid agus na nósanna imeachta a shonrú maidir le faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta i gcás rialacha ceangailteacha corparáideacha de réir bhrí an Airteagail seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Airteagal 48

Aistrithe nó nochtadh sonraí nach bhfuil údaraithe le dlí an Aontais

Aon bhreithiúnas cúirte nó binse agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tíre a cheanglaíonn ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí sonraí pearsanta a aistriú nó a nochtadh, ní aithneofar iad ná ní bheidh siad in-fhorfheidhmithe ar aon bhealach ach amháin má tá siad bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó ballstát, gan dochar d'aon fhorais eile a bheadh ann le haghaidh aistrithe de bhun na Caibidle seo.

Airteagal 51

An t-údarás maoirseachta

1.   Déanfaidh gach ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”).

2.   Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, beidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta féin agus idir iad féin agus an Coimisiún i gcomhréir le Caibidil VII.

3.   I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta amháin bunaithe i mballstát, ainmneoidh an ballstát sin an t-údarás maoirseachta atá chun ionadaíocht ar na húdaráis sin ar an mBord agus leagfaidh sé an sásra amach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na húdaráis eile na rialacha a bhaineann leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

4.   Tabharfaidh gach ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha dá dhlí a ghlacfaidh siad de bhun na Caibidle seo, faoin 25 Bealtaine 2018, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 52

Neamhspleáchas

1.   Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh gach údarás maoirseachta ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách.

2.   Comhalta nó comhaltaí de gach údarás maoirseachta, beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, nuair a bheidh na cúraimí atá orthu á gcomhlíonadh acu agus nuair a bheidh na cumhachtaí atá acu á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine.

3.   Staonfaidh comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus ní ghabhfaidh siad d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó neamhshochrach.

4.   Áiritheoidh gach ballstát go gcuirfear acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar an údarás maoirseachta ar fáil do gach údarás acu chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear na cúraimí agus na cumhachtaí sin nach mór a chur i gcrích i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh agus an chomhair agus i gcomhthéacs rannpháirtíochta ar an mBord.

5.   Áiritheoidh gach ballstát go mbeidh a fhoireann féin ag gach údarás maoirseachta, arna roghnú aige féin, ar foireann í a bheidh faoi réir stiúradh ag comhalta nó comhaltaí an údaráis mhaoirseachta lena mbaineann.

6.   Áiritheoidh gach ballstát go mbeidh gach údarás maoirseachta faoi réir rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas agus áiritheoidh siad go bhfuil buiséad poiblí bliantúil ar leith ag gach údarás maoirseachta, buiséad a fhéadfaidh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó den bhuiséad foriomlán náisiúnta.

Airteagal 54

Rialacha maidir leis an údarás maoirseachta a bhunú

1.   Forálfaidh gach ballstát le dlí do gach ceann den mhéid seo a leanas:

(a)

bunú gach údaráis mhaoirseachta;

(b)

cáilíochtaí agus coinníollacha incháilitheachta atá riachtanach le bheith ceaptha mar chomhalta de gach údarás maoirseachta;

(c)

na rialacha agus na nósanna imeachta chun comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta a cheapadh;

(d)

fad an téarma don chomhalta nó do chomhaltaí gach údaráis mhaoirseachta, téarma nach lú ná ceithre bliana, seachas i gcás an chéad cheapacháin tar éis an 24 Bealtaine 2016, arbh fhéidir tréimhse níos gairide a bheith i gceist le cuid de sa chás inar gá sin chun neamhspleáchas an údaráis mhaoirseachta a chosaint trí nós imeachta ceapacháin a bheidh agaithe;

(e)

na téarmaí athcheapacháin a d'fhéadfadh comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta a bheith incháilithe lena n-aghaidh, agus, i gcás ina mbeidh sé nó siad incháilithe, líon na dtéarmaí; agus

(f)

na coinníollacha lena rialaítear oibleagáidí comhalta nó comhaltaí agus foireann gach údaráis mhaoirseachta, aon toirmisc ar ghníomhaíochtaí, agus gairmeacha beatha agus sochair nach bhfuil ag luí leis na hoibleagáidí sin le linn an téarma oifige agus ina dhiaidh agus rialacha lena rialaítear scor na fostaíochta.

2.   Beidh comhalta nó comhaltaí agus foireann gach údaráis mhaoirseachta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, faoi réir dualgas rúndachta gairmiúla, le linn agus i ndiaidh a dtéarma oifige, maidir le haon fhaisnéis rúnda a dtagann siad uirthi le linn dóibh bheith ag comhlíonadh a ndualgas nó ag feidhmiú a gcumhachtaí. Le linn a dtéarma oifige, bainfidh an dualgas rúndachta gairmiúla sin go háirithe le sáruithe ar an Rialachán seo a bheith á dtuairisciú ag daoine nádúrtha le linn a dtéarma oifige.

Cuid 2

Inniúlacht, cúraimí agus cumhachtaí

Airteagal 56

Inniúlacht an príomhúdaráis mhaoirseachta

1.   Gan dochar d'Airteagal 51, beidh údarás maoirseachta na príomhbhunaíochta nó na bunaíochta aonair de chuid an rialaitheora nó de chuid an phróiseálaí inniúil chun gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta ar an bpróiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60.

2.   De mhaolú ar mhír 1, beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun gearán a láimhseáil arna thaisceadh leis nó sárú ionchasach ar an Rialachán seo, má bhaineann ábhar an cháis le bunaíocht sa Bhallstát dá chuid agus léi sin amháin nó má tá éifeacht shubstainteach aige sin ar ábhair sonraí ina Bhallstát agus sa Bhallstát sin amháin.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas faoin ábhar sin gan mhoill. Laistigh de thréimhse trí seachtaine tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta cinneadh cibé acu an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil nó nach ndéanfaidh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60, agus é á chur san áireamh cibé acu an bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i mballstát an údaráis mhaoirseachta a chuir ar an eolas é nó nach bhfuil.

4.   I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta an cás a láimhseáil, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 54a. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas dréacht le haghaidh cinnidh a chur faoi bhráid an phríomhúdaráis mhaoirseachta sin. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an dréacht sin a chur san áireamh go hiomlán agus an dréachtchinneadh dá dtagraítear in Airteagal 60(3) á ullmhú aige.

5.   I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta gan an cás a láimhseáil, láimhseálfaidh an t-údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas an cás de réir Airteagal 61 agus Airteagal 62.

6.   Is é an príomhúdarás maoirseachta amháin a bheidh ina idirghabhálaí leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí i ndáil le próiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin.

Airteagal 58

Cumhachtaí

1.   Beidh na cumhachtaí imscrúdaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

ordú a thabhairt don rialaitheoir agus don phróiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, d'ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, aon fhaisnéis a éilíonn sé ar mhaithe lena chúraimí a chomhlíonadh a chur ar fáil dó;

(b)

imscrúduithe a dhéanamh i bhfoirm iniúchtaí ar chosaint sonraí;

(c)

athbhreithniú a dhéanamh ar dheimhnithe a eisíodh de bhun Airteagal 42(7);

(d)

fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí faoi shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar an Rialachán seo;

(e)

rochtain a fháil, ón rialaitheoir agus ón bpróiseálaí, ar na sonraí pearsanta ar fad agus ar gach faisnéis is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh; agus

(f)

rochtain a fháil ar aon áitreabh de chuid an rialaitheora agus an phróiseálaí, lena n-áirítear ar aon trealamh agus ar aon mhodh próiseála sonraí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí nós imeachta náisiúnta Ballstáit.

2.   Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

fógraí rabhaidh a thabhairt do rialaitheoir nó do phróiseálaí ina gcuirtear in iúl gur dóchúil go sárófar forálacha an Rialacháin seo leis na hoibríochtaí próiseála a bheartaítear;

(b)

iomarduithe a eisiúint do rialaitheoir nó do phróiseálaí i gcás ina bhfuil oibríochtaí próiseála tar éis forálacha an Rialacháin seo a shárú;

(c)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí iarrataí an ábhair sonraí a chomhlíonadh maidir lena chearta a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo;

(d)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus, nuair is iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe;

(e)

ordú a thabhairt don rialaitheoir sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí;

(f)

teorainn shealadach nó bhuan a fhorchur lena n-áirítear cosc ar phróiseáil;

(g)

ordú a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó go ndéanfaí próiseáil a shrianadh de bhun Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18 agus go gcuirfí na faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta sin dóibh ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin de bhun Airteagal 17(2) agus Airteagal 19;

(h)

deimhniú a tharraingt siar nó ordú a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin deimhniú a tharraingt siar ar deimhniú é a eisíodh de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43, nó ordú a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin gan deimhniú a eisiúint mura bhfuil na ceanglais don deimhniú á gcomhlíonadh nó mura bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(i)

fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear sa mhír seo nó ina n-ionad, ag brath ar dhálaí gach cáis faoi leith; agus

(j)

ordú a thabhairt sreabha sonraí chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a fhionraí.

3.   Beidh na cumhachtaí údaraithe agus comhairleacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

comhairle a thabhairt don rialaitheoir i gcomhréir leis an nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36;

(b)

tuairimí a thabhairt, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air, don pharlaimint náisiúnta, do rialtas an Bhallstáit nó, i gcomhréir lei dlí Ballstáit, do na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile agus don phobal, maidir le haon saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta;

(c)

próiseáil dá dtagraítear in Airteagal 36(5) a údarú, má tá réamhúdarú den sórt sin riachtanach i ndlí an Bhallstáit;

(d)

tuairim a thabhairt agus dréachtchóid iompair a fhormheas de bhun Airteagal 40(5);

(e)

comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú de bhun Airteagal 43;

(f)

deimhnithe a eisiúint agus critéir deimhniúcháin a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 42(5);

(g)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d'Airteagal 46(2) a ghlacadh;

(h)

clásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 46(3) a údarú;

(i)

socruithe riaracháin dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 46(3) a údarú;

(j)

rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47.

4.   Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thabharfar don údarás maoirseachta de bhun an Airteagail seo faoi réir coimircí iomchuí, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí, atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit i gcomhréir leis an gCairt.

5.   Forálfaidh gach ballstát le dlí go mbeidh de chumhacht ag a údarás maoirseachta sáruithe ar an Rialachán seo a thabahirt os comhair na n-údarás breithiúnach agus, i gcás inarb iomchuí, imeachtaí dlíthiúla a thosú nó dul ina mbun ar bhealach eile d'fhonn forálacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú.

6.   Féadfaidh gach ballstát a fhoráil le dlí go mbeidh cumhachtaí breise ag a údarás maoirseachta chomh maith leo siúd dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3. Ní chuirfidh oibriú na gcumhachtaí sin isteach ar fheidhmiú éifeachtach Chaibidil VII.

Airteagal 62

Oibríochtaí comhpháirteacha na n-údarás maoirseachta

1.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha agus bearta comhpháirteacha forfheidhmithe a mbeidh comhaltaí nó foireann údaráis mhaoirseachta na mballstát eile bainteach leo.

2.   I gcás ina mbeidh bunaíochtaí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i roinnt ballstát nó i gcás inar dócha go mbeidh tionchar nach beag ag oibríochtaí próiseála ar líon suntasach ábhar sonraí i mballstát amháin nó níos mó, beidh sé de cheart ag údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha sin. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 56(1) nó Airteagal 56(4) cuireadh don údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha agus freagróidh sé gan mhoill don iarraidh ó údarás maoirseachta maidir lena bheith rannpháirteach.

3.   Féadfaidh údarás maoirseachta, i gcomhréir le dlí Ballstáit, agus le húdarú an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh, cumhachtaí, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaitheacha, a thabhairt do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh atá i mbun oibríochtaí comhpháirteacha nó, a mhéid is a cheadaítear le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh, ceadú do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a gcumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh. Ní fhéadfar na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a fheidhmiú ach amháin faoi threoir agus i láthair chomhaltaí nó fhoireann an údaráis mhaoirseachta óstaigh. Beidh comhaltaí nó foireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh faoi réir dhlí ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh.

4.   I gcás inarb amhlaidh, i gcomhréir le mír 1, go bhfuil foireann údaráis mhaoirseachta tionscnaimh ag feidhmiú i mballstát eile, glacfaidh ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh freagracht as a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear dliteanas, i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad agus iad i mbun a n-oibríochtaí, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a mbeidh siad ag oibriú ar a chríoch.

5.   An ballstát ar ina chríoch a rinneadh an damáiste, slánóidh sé an damáiste sin faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le damáiste a rinne a foireann féin. ballstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a ndearna a foireann féin damáiste do dhuine ar bith i gcríoch Bhallstáit eile, cúiteoidh sé leis an mballstát eile sin ina iomláine aon suimeanna a d'íoc sé leis na daoine a bhí ina dteideal thar a gceann sin.

6.   Gan dochar d'fheidhmiú na gceart i leith tríú páirtithe agus cé is moite de mhír 5, staonfaidh gach ballstát, sa chás dá bhforáiltear i mír 1, ó chúiteamh damáistí a d'fhulaing sé a iarraidh ar Bhallstát eile I dtaca le damáiste dá dtagraítear de bhun mhír 4.

7.   I gcás ina mbeidh oibríocht chomhpháirteach beartaithe agus nach gcomhlíonfaidh údarás maoirseachta laistigh de mhí amháin an oibleagáid a leagadh síos sa dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta eile beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 55. Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach atá le gníomhú faoi Airteagal 66(1) agus go bhfuil gá le tuairim ón mBord, nó cinneadh ceangailteach práinneach uaidh, de bhun Airteagal 66(2).

Roinn 2

Comhsheasmhacht

Airteagal 64

Tuairim an Bhoird

1.   I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil maoirseachta aon cheann de na bearta anseo síos a ghlacadh, eiseoidh an Bord tuairim. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an dréachtchinneadh in iúl don Bhord, sna cásanna seo a leanas:

(a)

dírítear ann ar liosta de na hoibríochtaí próiseála a ghlacadh faoi réir an cheanglais le haghaidh measúnú tionchair ar chosaint sonraí, de bhun Airteagal 35(4);

(b)

baineann sé le hábhar de bhun Airteagal 40(7) féachaint an bhfuil dréachtchód iompair nó leasú nó síneadh ar chód iompair má chomhlíonann sé an Rialachán seo;

(c)

dírítear ann ar chritéir maidir le creidiúnú comhlachta a fhormheas de bhun Airteagal 41(3) nó maidir le comhlacht deimhniúcháin de Airteagal 43(3);

(d)

dírítear ann ar na clásail chaighdeánacha um chosaint sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 46(2) agus in Airteagal 28(8) a chinneadh;

(e)

dírítear ann ar chlásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 46(3) a údarú; nó

(f)

dírítear ann ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de réir bhrí Airteagal 47.

2.   Féadfaidh údarás maoirseachta ar bith, Cathaoirleach an Bhoird nó an Coimisiún, a iarraidh go ndéanfaidh an Bord scrúdú ar aon ábhar a mbeidh feidhm ghinearálta aige nó ar aon ábhar a mbeidh éifeachtaí aige i níos mó ná ballstát amháin d'fhonn tuairim a fháil, go háirithe i gcás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil maoirseachta na hoibleagáidí maidir le cúnamh frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 61 nó maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 62.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Bord tuairim a eisiúint ar an ábhar a cuireadh faoina bhráid ar an gcoinníoll nach mbeidh tuairim eisithe aige cheana féin maidir leis an gceist chéanna. Glacfar an tuairim sin laistigh de thréimhse ocht seachtaine, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh breise sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin agus castacht an ábhair á cur san áireamh. Maidir leis an dréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a scaipeadh ar chomhaltaí an Bhoird i gcomhréir le mír 5, comhalta nach bhfuil agóid déanta aige laistigh de thréimhse réasúnta arna sonrú ag an gCathaoirleach, measfar go dtoilíonn sé leis an dréachtchinneadh.

4.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis ábhartha a chur in iúl trí mheán leictreonach don Bhord, agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe, lena n-áiritheofar, de réir mar a bheidh, achoimre ar na fíricí, an dréachtchinneadh, na forais is bonn leis an ngá atá le beart den sórt sin a achtú, agus na tuairimí ó údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann.

5.   Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird, gan aon mhoill mhíchuí, na nithe seo a leanas a chur ar an eolas trí mheán leictreonach:

(a)

comhaltaí an Bhoird agus an Coimisiún faoi aon fhaisnéis ábhartha a cuireadh in iúl dó, agus úsáid á baint aige as formáid chaighdeánaithe chuige sin. Soláthróidh rúnaíocht an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí aistriúcháin den fhaisnéis ábhartha, nuair is gá; agus

(b)

an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear, de réir mar a bheidh, i mír 1 agus i mír 2, chomh maith leis an gCoimisiún faoin tuairim agus poibleoidh sé í.

6.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta a dhréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3.

7.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 an tuairim ón mBord san áireamh ina hiomláine agus cuirfidh sé in iúl trí mheán leictreonach do Chathaoirleach an Bhoird laistigh de choicís tar éis dó an tuairim a fháil cibé acu an seasfaidh sé leis an dréachtchinneadh nó an leasóidh sé é agus, i gcás inarb ann do leasuithe, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an dréachtchinneadh leasaithe ar aghaidh freisin agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe.

8.   I gcás ina gcuireann an t-údarás maoirseachta lena mbaineann in iúl do Chathaoirleach an Bhoird, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, nach bhfuil sé ar intinn aige tuairim an Bhoird a leanuint, ina hiomláine nó go páirteach, agus na forais ábhartha á soláthar aige, beidh feidhm ag Airteagal 65(1).

Airteagal 68

An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   Bunaítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (an “Bord”) leis an Rialachán seo mar chomhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

2.   Is é Cathaoirleach an Bhoird a dhéanfaidh ionadaíocht thar a cheann.

3.   Ar an mBord, beidh ceannaire ó údarás maoirseachta amháin ó gach ballstát agus beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, nó a n-ionadaithe faoi seach.

4.   I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás maoirseachta amháin i mballstát freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo, ceapfar ionadaí comhpháirteach i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.

5.   Beidh sé de cheart ag an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an Bhoird ach ní bheidh cead vótála aige. Déanfaidh an Coimisiún ionadaí a ainmniú. Déanfaidh cathaoirleach an Bhoird gníomhaíochtaí an Bhoird sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 65, beidh cearta vótála ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le cinntí a bhaineann leis na prionsabail agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a fhreagraíonn go substaintiúil do na cinn sa Rialachán seo, agus maidir leis na cinntí sin amháin.

Airteagal 81

Imeachtaí a chur ar fionraí

1.   I gcás ina mbeidh faisnéis ag cúirt inniúil Ballstáit faoi imeachtaí a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, ar imeachtaí iad atá ar feitheamh i gcúirt i mballstát eile, rachaidh an chúirt inniúil i dteagmháil leis an gcúirt sin sa Bhallstát eile chun a dhearbhú gurb ann do na himeachtaí sin.

2.   I gcás ina mbeidh imeachtaí ar feitheamh i gcúirt i mballstát eile, ar imeachtaí iad a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, féadfaidh aon chúirt inniúil, seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, na himeachtaí sin a chur ar fionraí.

3.   I gcás ina mbeidh na himeachtaí sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair dlínse a dhiúltú freisin, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair i leith na gcaingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.

Airteagal 83

Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh

1.   Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 4, i mír agus i mír 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.

2.   Gearrfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar dhálaí gach cáis aonair, de bhreis ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) agus i bpointe (j) d'Airteagal 58(2) nó ina n-ionad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)

cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus cineál, raon feidhme nó cuspóir na próiseála lena mbaineann á gcur san áireamh chomh maith le líon na n-ábhar sonraí do shonraí a ndearnadh difear dóibh agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;

(b)

cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;

(c)

aon ghníomhaíocht a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí chun an damáiste a bhain do na hábhair sonraí a mhaolú;

(d)

méid na freagrachta atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir siad chun feidhme de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 32 á gcur san áireamh;

(e)

aon sáruithe ábhartha a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí roimhe seo;

(f)

a mhéid comhair a bhí ann leis an údarás maoirseachta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;

(g)

na catagóirí de shonraí pearsanta a ndearna an sárú difear dóibh;

(h)

an bealach ina bhfuair an t-údarás maoirseachta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an sárú in iúl, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;

(i)

i gcás inar ordaíodh bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(2) i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí lena mbaineann maidir leis an ábhar céanna roimhe sin, ar comhlíonadh na bearta sin;

(j)

a mhéid a gcloítear le cóid iompair formheasta de bhun Airteagal 40 nó sásraí deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42; agus

(k)

aon imthosca ghéaraitheacha nó mhaolaitheacha eile is infheidhme i leith dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú.

3.   Más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d'aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí.

4.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2a, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 10 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)

na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir agus ar an bpróiseálaí de bhun Airteagal 8, Airteagal 11, Airteagal 25 go hAirteagal 26 agus Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(b)

na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(c)

na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht faireacháin de bhun Airteagal 41(4);

5.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)

na bunphrionsabail le haghaidh próiseála, lena n-áirítear coinníollacha maidir le toiliú, de bhun Airteagail 5, 6, 7 agus 9;

(b)

cearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagail 12-22;

(c)

aistrithe sonraí pearsanta chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 44 go hAirteagal 49;

(d)

aon oibleagáidí de bhun dlí Ballstáit arna nglacadh faoi Chaibidil IX;

(e)

neamh-chomhlíonadh ordaithe nó teorannaithe shealadaigh nó chinntithigh ar phróiseáil nó fionraí na sreabh sonraí ag an údarás maoirseachta de bhun Airteagal 58(2) nó mainneachtain rochtain a sholáthar de shárú ar Airteagal 58(1).

6.   Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2), i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

7.   Gan dochar do na cumhachtaí ceartúcháin atá ag údaráis mhaoirseachta de bhun Airteagal 58(2), féadfaidh gach ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.

8.   Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag an údarás maoirseachta faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí.

9.   I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit do ghearradh fíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta inniúil an gearradh sin a thionscnamh agus go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla é, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a ghearrfaidh na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a ghearrfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe féin a ghlacann siad de bhun na mire seo faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 84

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis eile is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, go hairithe sáruithe nach bhfuil faoi réir fínealacha ariaracháin de bhun Airteagal 83, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh gach ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin ina dhlí atá á nglacadh aige de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 agus, tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.

CAIBIDIL IX

Forálacha a bhaineann le cásanna sonracha próiseála

Airteagal 85

Próiseáil agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

1.   Déanfaidh na Ballstáit réiteach de réir dlí idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear próiseáil chun críocha iriseoireachta agus chun críocha léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha.

2.   I gcás próiseáil a dhéantar chun críocha iriseoireachta nó chun críche léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha, déanfaidh na Ballstáit foráil do dhíolúintí nó do mhaoluithe ó Chaibidil II (prionsabail), Chaibidil III (cearta an ábhair sonraí ), Chaibidil IV (an rialaitheoir agus an próiseálaí), Chaibidil V (sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta), Chaibidil VI (údaráis mhaoirseachta neamhspleácha), Chaibidil VII (comhar agus comhsheasmhacht) agus Caibidil X (staideanna sonracha próiseála sonraí) má tá gá leo chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

3.   Tabharfaidh gach ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha ina dhlí atá glactha aige de bhun mhír 2 agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 88

Próiseáil i gcomhthéacs na fostaíochta

1.   Féadfaidh na Ballstáit, leis an dlí nó le comhaontuithe comhchoiteanna, foráil a dhéanamh do rialacha níos sonraí chun a áirithiú go ndéanfar cearta agus saoirsí na bhfostaithe a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ó thaobh na fostaíochta de, go háirithe chun na críocha seo a leanas: earcaíocht, feidhmiú an chonartha fostaíochta, lena n-áirítear comhlíonadh na n-oibleagáidí arna leagan síos de réir dlí nó comhaontuithe comhchoiteanna, bainistiú, pleanáil agus eagrú na hoibre, comhionannas agus éagsúlacht san ionad oibre, sláinte agus slándáil ag an obair, cosaint maoin an fhostóra nó an chustaiméara agus feidhmiú agus tairbhiú de cheart agus de sochair a bhaineann le fostaíocht, ar bhonn aonair nó comhchoiteann, agus chun críoch deireadh a chur leis an gcaidreamh fostaíochta.

2.   Áireofar ar na rialacha sin bearta oiriúnacha agus sonracha chun dínit, cearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú, go háirithe maidir le trédhearcacht na próiseála, aistriú sonraí pearsanta laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, agus i gcórais faireacháin san ionad oibre.

3.   Tabharfaidh gach ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin ina dhlí atá á nglacadh aige de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 agus, tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 90

Oibleagáidí rúndachta

1.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a ghlacadh chun cumhachtaí na n-údarás maoirseachta a leagtar síos i bpointe (e) agus i bpointe (f) d'Airteagal 58(1) a leagan amach i ndáil le rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí rúndachta coibhéiseacha eile, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit nó faoi rialacha a bhunaigh comhlachtaí náisiúnta inniúla, i gcás gur gá sin agus gur comhréireach é chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an oibleagáid rúndachta. Ní bheidh feidhm ag na rialacha sin ach maidir le sonraí pearsanta a fhaigheann an rialaitheoir nó an próiseálaí ó ghníomhaíocht atá cumhdaithe leis an oibleagáid rúndachta sin.

2.   Tabharfaidh gach ballstát fógra don Choimisiún faoi na rialacha arna nglacadh de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.

Airteagal 91

Rialacha cosanta sonraí atá ag eaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha cheana

1.   I gcás ina gcuireann eaglaisí agus comhlachais nó pobail reiligiúnacha rialacha cuimsitheacha i bhfeidhm i mballstát, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar rialacha iad a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil, féadfaidh na rialacha sin leanúint d'fheidhm a bheith acu, ar choinníoll go ndéanfar iad a thabhairt i gcomhréir leis an Rialacháin seo.

2.   Maidir le heaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha a chuireann rialacha cuimsitheacha i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir maoirseacht ag údarás maoirseachta neamhspleách a fhéadfadh a bheith sonrach, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil VI den Rialachán seo.

CAIBIDIL X

Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

Airteagal 99

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Aibreán 2016

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.A. HENNIS-PLASSCHAERT


(1)  IO C 229, 31.7.2012, lch. 90.

(2)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 127.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 8 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Aibreán 2016.

(4)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(5)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (C(2003) 1422) (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(6)  Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghnoimhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (féach leathanach 89 den Iris Oifigiúil seo)

(8)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir um thrádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(9)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(10)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (IO L 354, 31.12.2008, lch. 70).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch 1).

(14)  Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(17)  IO C 192, 30.6.2012, lch. 7.

(18)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(19)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


whereas

dal 2004 diritto e informatica