search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: 'mbord' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index mbord:


whereas mbord:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1146

 

Airteagal 35

Measúnú tionchair ar chosaint sonraí

1.   I gcás inar dóchúil go dtarlódh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha de bharr chineál na próiseála, go háirithe próiseáil ina n-úsáidfí nuatheicneolaíochtaí, déanfaidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an phróiseáil, measúnú ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála a bheartaítear a dheanamh ar chosaint na sonraí pearsanta, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh. Le measúnú aonair, féadfar tabhairt faoi shraith d'oibríochtaí próiseála comhchosúla a bhfuil ardrioscaí comhchosúla ag baint leo.

2.   Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an oifigeach cosanta sonraí, má tá ceann ceaptha, agus measúnú tionchair ar chosaint sonraí á dhéanamh.

3.   An measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear i mír 1, beidh gá leis go háirithe i gcásanna:

(a)

meastóireacht chórasach, chuimsitheach a bheith á déanamh ar na gnéithe pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha, ar measúnú é atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe lena n-áirítear próifíliú, agus a mbeidh cinntí á mbunú air a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu do dhuine nádúrtha nó a mbeidh éifeachtaí suntasacha comhchosúla acu ar an duine nádúrtha;

(b)

próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1), nó ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10; nó

(c)

faireachán córasach mórscála ar limistéir atá inrochtana don phobal.

4.   Bunóidh an t-údarás maoirseachta liosta de na cineálacha oibríochtaí próiseála atá faoi réir an cheanglais maidir le measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sé an liosta sin ar fáil don phobal. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta na liostaí sin chuig an mbord dá dtagraítear in Airteagal 68.

5.   Féadfaidh an t-údarás maoirseachta liosta a leagan amach agus a chur ar fáil go poiblí de na cineálacha oibríochtaí próiseála nach gá measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh ina leith. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta na liostaí sin chuig an mbord.

6.   Sula nglacfar na liostaí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 i bhfeidhm i gcás ina bhfuil baint ag an liosta le gníomhaíochtaí próiseála a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil d'ábhair sonraí, nó a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar iompar na ndaoine sin i mBallstáit éagsúla, nó i gcás ina bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí próiseála a d'fhéadfadh cur isteach ar shaorghluaiseacht sonraí pearsanta san Aontas.

7.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa mheasúnú:

(a)

tuairisc chórasach ar na hoibríochtaí próiseála atá beartaithe agus críocha na próiseála agus, más infheidhme, na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir;

(b)

measúnú ar riachtanas agus comhréireacht na n-oibríochtaí próiseála i gcomhréir leis na críocha;

(c)

measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1; agus

(d)

na bearta a cheaptar a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, lena n-áirítear coimircí, bearta slándála agus sásraí chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus chun a thaispeáint go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, cearta agus leasanna dlisteanacha ábhar sonraí agus daoine eile lena mbaineann á gcur san áireamh.

8.   Maidir leis na rialaitheoirí agus na próiseálaithe ábhartha a bheith ag comhlíonadh na gcód iompair formheasta dá dtagraítear in Airteagal 40, cuirfear é sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála a dhéanann na rialaitheoirí nó na próiseálaithe sin, go háirithe chun críocha measúnú tionchair ar chosaint sonraí.

9.   I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an rialaitheoir ar ábhair sonraí nó ar a n-ionadaithe a dtuairimí a thabhairt maidir leis an bpróiseáil atá beartaithe, gan dochar do chosaint leasanna tráchtála nó poiblí ná do shlándáil oibríochtaí próiseála.

10.   I gcás ina bhfuil bunús dlí ag an bpróiseáil de bhun phointe (c) nó (e) d'Airteagal 6(1) i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit ar faoina réir atá an rialaitheoir, agus go rialaíonn an dlí sin an oibríocht próiseála shonrach nó an sraith d'oibríochtaí atá i gceist, agus ina bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta cheana mar chuid de mheasúnú ginearálta tionchair i gcomhthéacs ghlacadh an bhunúis dlí sin, ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 7, mura measann na Ballstáit go bhfuil sé riachtanach measúnú den sórt sin a dhéanamh sula rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí próiseála.

11.   I gcás inar gá, déanfaidh an rialaitheoir athbhreithniú chun a mheas an bhfuil an phróiseáil á déanamh i gcomhréir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí, ar a laghad nuair a bhíonn athrú sa riosca a bhaineann le hoibríochtaí próiseála.

Airteagal 42

Deimhniú

1.   Tabharfaidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta, an Bord agus an Coimisiún spreagadh, go háirithe ar leibhéal an Aontais, chun sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú, ionas go bhféadfar a thaispeáint go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibríochtaí próiseála a dhéanann rialaitheoirí agus próiseálaithe. Cuirfear na riachtanais shonracha a bheidh ag micrifhiontar agus ag fiontair bheaga agus meánmhéide san áireamh.

2.   De bhreis ar rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir an Rialachain seo do chloí le sásraí deimhniúcháin um chosaint soraí, séalaí nó marcanna cosanta sonraí arna bhformheas de bhun mhír 5 den Airteagal seo, féadfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo de bhun Airteagal 3 faoi chuimsiú aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha agus go heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na téarmaí dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 46(2) iad a bhunú chun a thaispeáint go bhfuil coimircí iomchuí arna soláthar acu. Déanfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe den sórt sin gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe, trí ionstraimí conarthacha nó trí ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, chun na coimircí iomchuí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

3.   Is deimhniú deonach a bheidh i gceist agus beidh sé ar fáil trí phróiseas atá trédhearcach.

4.   Le deimhniú de bhun an Airteagail seo, ní laghdaítear an fhreagracht atá ar an rialaitheoir ná ar an bpróiseálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh agus is gan dochar é do chúraimí agus do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó 56.

5.   Maidir le deimhniú de bhun an Airteagail seo, is iad na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43 a eiseoidh é, nó is é an t-údarás maoirseachta a eiseoidh é, ar bhonn na gcritéar arna bhformheas ag an údarás inniúil maoirseachta sin de bhun Airteagal 58(3) nó ag an mbord de bhun Airteagal 63. I gcás ina bhformheasann an Bord na critéir, féadfaidh sé go dtiocfaidh comhdheimhniú, an Séala Eorpach Cosanta Sonraí, mar thoradh air sin.

6.   An rialaitheoir nó an próiseálaí a chuireann an phróiseáil a dhéanann sé faoi bhráid an tsásra deimhniúcháin, cuirfidh sé an fhaisnéis go léir is gá maidir lena ghníomhaíochtaí próiseála ar fáil don chomhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43, nó nuair is infheidhme, don údarás inniúil maoirseachta agus tabharfaidh sé gach rochtain dóibh ar a ghníomhaíochtaí próiseála d'fhonn dul i mbun an nós imeachta deimhniúcháin.

7.   Eiseofar deimhniú don rialaitheoir nó do phróiseálaí ar feadh uastréimhse trí bliana agus féadfar é a athnuachan, faoi na coinníollacha céanna, fad a leanfar de na ceanglais ábhartha a chomhlíonadh. I gcás inarb infheidhme, tarraingeoidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43 deimhniú siar, nó tarraingeoidh an t-údarás inniúil maoirseachta siar é i gcás nach bhfuil na ceanglais le haghaidh deimhniúcháin á gcomhlíonadh nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh.

8.   Déanfaidh an Bord na sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí ar fad agus na séalaí agus marcanna cosanta sonraí ar fad a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí aon bhealach iomchuí.

Airteagal 43

Comhlachtaí deimhniúcháin

1.   Gan dochar do chúraimí agus cumhachtaí an údaráis inniúil mhaoirseachta faoi Airteagal 57 agus Airteagal 58, déanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais acu i ndáil le cosaint sonraí, tar éis dóibh an t-údarás maoirseachta a chur ar an eolas le go mbeidh sé in ann a chumhachtaí a fheidhmiú de bhun phointe (h) d'Airteagal 58(2) nuair is gá sin, an deimhniú a eisiúint agus a athnuachan. Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go bhfuil na comhlachtaí deimhniúcháin sin creidiúnaithe ag ceann amháin nó ag an dá cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó Airteagal 56;

(b)

an comhlacht náisiúnta um chreidiúnú arna ainmniú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) i gcomhréir le EN-ISO/IEC 17065/2012 mar aon leis na ceanglais bhreise a shuí an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó Airteagal 56.

2.   Ní dhéanfar creidiúnú a thabhairt do na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an mír sin ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá sé taispeáinte acu go bhfuil siad neamhspleách agus go bhfuil saineolas acu maidir le hábhar an deimhnithe chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta;

(b)

ghabh siad de láimh na critéir a urramú dá dtagraítear in Airteagal 42(5) agus a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63;

(c)

tá nósanna imeachta curtha ar bun acu chun séalaí agus marcanna cosanta sonraí a eisiúint, a athbhreithniú go tráthrialta agus a tharraingt siar;

(d)

tá nósanna imeachta agus struchtúir bunaithe acu chun gearáin a láimhseáil maidir le sáruithe ar an deimhniú nó maidir leis an mbealach ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an deimhniú i bhfeidhm nó maidir leis an mbealach a bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, agus na nósanna imeachta sin agus na struchtúir sin a chur in iúl ar bhealach trédhearcach do na hábhair sonraí agus don phobal; agus

(e)

tá sé taispeáinte acu chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta nach ngabhann coinbhleachtaí leasa leis na cúraimí ná leis na dualgais atá orthu.

3.   Déanfar creidiúnú na gcomhlachtaí deimhniúcháin amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn na gcritéar a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63. I gcás creidiúnú de bhun phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfar, leis na ceanglais sin, na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus na rialacha teicniúla lena ndéantar cur síos ar mhodhanna agus ar nósanna imeachta na gcomhlachtaí deimhniúcháin a chomhlánú.

4.   Beidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 freagrach as measúnú ceart a dhéanamh, a mbeidh an deimhniú nó tarraingt siar an deimhnithe mar thoradh air, gan dochar don fhreagracht atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh. Eiseofar an creidiúnú le haghaidh uastréimhse cúig bliana agus féadfar é a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

5.   Tabharfaidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 na cúiseanna do na húdaráis inniúla mhaoirseachta ar tugadh nó nar tarraingíodh siar an deimhniú a iarradh dá mbarr.

6.   Poibleoidh an t-údarás maoirseachta na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 42(5), i bhfoirm a bhfuil sé easca rochtain a fháil uirthi. Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta na ceanglais agus na critéir sin chuig an mbord. Déanfaidh an Bord na sásraí deimhniúcháin ar fad agus na séalaí cosanta sonraí a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí aon bhealach iomchuí.

7.   Gan dochar do Chaibidil VIII, cúlghairfidh an t-údarás inniúil maoirseachta nó an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú a thug sé do chomhlacht deimhniúcháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo mura gcomhlíontar na coinníollacha don chreidiúnú nó mura mbíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó más rud é go sáraíonn na bearta a dhéanann comhlacht deimhniúcháin an Rialachán seo.

8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92, chun na critéir agus na ceanglais atá le cur san áireamh leis na sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42(1).

9.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos caighdeáin theicniúla do shásraí deimhniúcháin agus do shéalaí agus marcanna cosanta sonraí, agus do shásraí chun na sásraí deimhniúcháin, séalaí agus marcanna sin a chur chun cinn agus a aithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

CAIBIDIL V

Aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha nó go heagraíochtaí idirnáisiúnta

Airteagal 51

An t-údarás maoirseachta

1.   Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”).

2.   Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, beidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta féin agus idir iad féin agus an Coimisiún i gcomhréir le Caibidil VII.

3.   I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta amháin bunaithe i mBallstát, ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás maoirseachta atá chun ionadaíocht ar na húdaráis sin ar an mbord agus leagfaidh sé an sásra amach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na húdaráis eile na rialacha a bhaineann leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

4.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha dá dhlí a ghlacfaidh siad de bhun na Caibidle seo, faoin 25 Bealtaine 2018, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 52

Neamhspleáchas

1.   Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh gach údarás maoirseachta ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách.

2.   Comhalta nó comhaltaí de gach údarás maoirseachta, beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, nuair a bheidh na cúraimí atá orthu á gcomhlíonadh acu agus nuair a bheidh na cumhachtaí atá acu á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine.

3.   Staonfaidh comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus ní ghabhfaidh siad d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó neamhshochrach.

4.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar an údarás maoirseachta ar fáil do gach údarás acu chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear na cúraimí agus na cumhachtaí sin nach mór a chur i gcrích i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh agus an chomhair agus i gcomhthéacs rannpháirtíochta ar an mbord.

5.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a fhoireann féin ag gach údarás maoirseachta, arna roghnú aige féin, ar foireann í a bheidh faoi réir stiúradh ag comhalta nó comhaltaí an údaráis mhaoirseachta lena mbaineann.

6.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh gach údarás maoirseachta faoi réir rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas agus áiritheoidh siad go bhfuil buiséad poiblí bliantúil ar leith ag gach údarás maoirseachta, buiséad a fhéadfaidh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó den bhuiséad foriomlán náisiúnta.

Airteagal 61

Cúnamh frithpháirteach

1.   Tabharfaidh údaráis mhaoirseachta faisnéis ábhartha agus cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar shlí chomhsheasmhach, agus cuirfidh siad bearta i bhfeidhm le go bhféadfar oibriú go héifeachtach i gcomhar lena chéile. Is é is mó a chumhdófar le cúnamh frithpháirteach, amhail iarrataí ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarrataí ar réamhúdaruithe agus réamhchomhairliúcháin, cigireachtaí agus imscrúduithe.

2.   Déanfaidh gach údarás maoirseachta na bearta iomchuí uile is gá d'fhonn iarraidh ó údarás maoirseachta eile a fhreagairt agus déanfar é sin gan mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar a áireamh sna bearta sin, go háirithe, faisnéis ábhartha a tharchur maidir le himscrúdú a dhéanamh.

3.   Cuimseofar san iarraidh ar chúnamh gach faisnéis is gá, lena n-áirítear cuspóir na hiarrata agus na cúiseanna atá léi. Úsáidfear an fhaisnéis a mhalartaítear chun na críche ar iarradh an fhaisnéis dá leith, agus chuige sin amháin.

4.   An t-údarás maoirseachta iarrtha, ní fhéadfaidh sé diúltú an iarraidh a chomhlíonadh ach amháin:

(a)

mura bhfuil sé inniúil ar ábhar na hiarrata nó ar na bearta a iarrfar air a fheidhmiú; nó

(b)

dá sáródh comhlíonadh na hiarrata an Rialachán seo dlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bhfuil an t-údarás maoirseachta a fhaigheann an iarraidh faoina réir.

5.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta iarrtha an t-údarás maoirseachta iarrthach ar an eolas faoi thorthaí na hiarrata nó, de réir mar a bheidh, faoin dul chun cinn nó faoi na bearta atá déanta chun freagairt don iarraidh. I gcásanna diúltaithe faoi mhír 4, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta iarrtha míniú ar na cúiseanna atá le haon diúltú iarraidh de bhun mhír 4 a chomhlíonadh.

6.   De ghnáth, is trí mhodhanna leictreonacha a sholáthróidh údaráis mhaoirseachta iarrtha an fhaisnéis a iarrfaidh údaráis mhaoirseachta eile agus bainfear úsáid as formáid chaighdeánaithe chuige sin.

7.   Ní ghearrfaidh údaráis mhaoirseachta táille as aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh siad de bhun cúnamh frithpháirteach a iarraidh. Féadfaidh údaráis mhaoirseachta rialacha a chomhaontú le chéile le go slánóidh údaráis mhaoirseachta eile iad maidir le caiteachas sonrach a éiríonn as cúnamh frithpháirteach a sholáthar i ndálaí eisceachtúla.

8.   I gcás nach soláthróidh údarás maoirseachta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil ó údarás maoirseachta eile, féadfaidh an t-údarás maoirseachta iarrthach beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstáit féin i gcomhréir le hAirteagal 55(1). Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach maidir le gníomhú faoi Airteagal 66(1), agus go mbeidh gá le cinneadh ceangailteach práinneach ón mbord de bhun Airteagal 61(2).

9.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus na nósanna imeachta don chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear san Airteagal seo a shonrú agus na socruithe maidir le faisnéis a mhalartú trí mhodhanna leictreonacha idir údaráis mhaoirseachta, agus idir údaráis mhaoirseachta agus an Bord, go háirithe an fhormáid chaighdeánaithe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Airteagal 62

Oibríochtaí comhpháirteacha na n-údarás maoirseachta

1.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha agus bearta comhpháirteacha forfheidhmithe a mbeidh comhaltaí nó foireann údaráis mhaoirseachta na mBallstát eile bainteach leo.

2.   I gcás ina mbeidh bunaíochtaí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i roinnt Ballstát nó i gcás inar dócha go mbeidh tionchar nach beag ag oibríochtaí próiseála ar líon suntasach ábhar sonraí i mBallstát amháin nó níos mó, beidh sé de cheart ag údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha sin. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 56(1) nó Airteagal 56(4) cuireadh don údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha agus freagróidh sé gan mhoill don iarraidh ó údarás maoirseachta maidir lena bheith rannpháirteach.

3.   Féadfaidh údarás maoirseachta, i gcomhréir le dlí Ballstáit, agus le húdarú an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh, cumhachtaí, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaitheacha, a thabhairt do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh atá i mbun oibríochtaí comhpháirteacha nó, a mhéid is a cheadaítear le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh, ceadú do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a gcumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh. Ní fhéadfar na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a fheidhmiú ach amháin faoi threoir agus i láthair chomhaltaí nó fhoireann an údaráis mhaoirseachta óstaigh. Beidh comhaltaí nó foireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh faoi réir dhlí Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh.

4.   I gcás inarb amhlaidh, i gcomhréir le mír 1, go bhfuil foireann údaráis mhaoirseachta tionscnaimh ag feidhmiú i mBallstát eile, glacfaidh Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh freagracht as a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear dliteanas, i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad agus iad i mbun a n-oibríochtaí, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a mbeidh siad ag oibriú ar a chríoch.

5.   An Ballstát ar ina chríoch a rinneadh an damáiste, slánóidh sé an damáiste sin faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le damáiste a rinne a foireann féin. Ballstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a ndearna a foireann féin damáiste do dhuine ar bith i gcríoch Bhallstáit eile, cúiteoidh sé leis an mBallstát eile sin ina iomláine aon suimeanna a d'íoc sé leis na daoine a bhí ina dteideal thar a gceann sin.

6.   Gan dochar d'fheidhmiú na gceart i leith tríú páirtithe agus cé is moite de mhír 5, staonfaidh gach Ballstát, sa chás dá bhforáiltear i mír 1, ó chúiteamh damáistí a d'fhulaing sé a iarraidh ar Bhallstát eile I dtaca le damáiste dá dtagraítear de bhun mhír 4.

7.   I gcás ina mbeidh oibríocht chomhpháirteach beartaithe agus nach gcomhlíonfaidh údarás maoirseachta laistigh de mhí amháin an oibleagáid a leagadh síos sa dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta eile beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 55. Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach atá le gníomhú faoi Airteagal 66(1) agus go bhfuil gá le tuairim ón mbord, nó cinneadh ceangailteach práinneach uaidh, de bhun Airteagal 66(2).

Roinn 2

Comhsheasmhacht

Airteagal 64

Tuairim an Bhoird

1.   I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil maoirseachta aon cheann de na bearta anseo síos a ghlacadh, eiseoidh an Bord tuairim. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an dréachtchinneadh in iúl don Bhord, sna cásanna seo a leanas:

(a)

dírítear ann ar liosta de na hoibríochtaí próiseála a ghlacadh faoi réir an cheanglais le haghaidh measúnú tionchair ar chosaint sonraí, de bhun Airteagal 35(4);

(b)

baineann sé le hábhar de bhun Airteagal 40(7) féachaint an bhfuil dréachtchód iompair nó leasú nó síneadh ar chód iompair má chomhlíonann sé an Rialachán seo;

(c)

dírítear ann ar chritéir maidir le creidiúnú comhlachta a fhormheas de bhun Airteagal 41(3) nó maidir le comhlacht deimhniúcháin de Airteagal 43(3);

(d)

dírítear ann ar na clásail chaighdeánacha um chosaint sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 46(2) agus in Airteagal 28(8) a chinneadh;

(e)

dírítear ann ar chlásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 46(3) a údarú; nó

(f)

dírítear ann ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de réir bhrí Airteagal 47.

2.   Féadfaidh údarás maoirseachta ar bith, Cathaoirleach an Bhoird nó an Coimisiún, a iarraidh go ndéanfaidh an Bord scrúdú ar aon ábhar a mbeidh feidhm ghinearálta aige nó ar aon ábhar a mbeidh éifeachtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin d'fhonn tuairim a fháil, go háirithe i gcás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil maoirseachta na hoibleagáidí maidir le cúnamh frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 61 nó maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 62.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Bord tuairim a eisiúint ar an ábhar a cuireadh faoina bhráid ar an gcoinníoll nach mbeidh tuairim eisithe aige cheana féin maidir leis an gceist chéanna. Glacfar an tuairim sin laistigh de thréimhse ocht seachtaine, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh breise sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin agus castacht an ábhair á cur san áireamh. Maidir leis an dréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a scaipeadh ar chomhaltaí an Bhoird i gcomhréir le mír 5, comhalta nach bhfuil agóid déanta aige laistigh de thréimhse réasúnta arna sonrú ag an gCathaoirleach, measfar go dtoilíonn sé leis an dréachtchinneadh.

4.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis ábhartha a chur in iúl trí mheán leictreonach don Bhord, agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe, lena n-áiritheofar, de réir mar a bheidh, achoimre ar na fíricí, an dréachtchinneadh, na forais is bonn leis an ngá atá le beart den sórt sin a achtú, agus na tuairimí ó údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann.

5.   Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird, gan aon mhoill mhíchuí, na nithe seo a leanas a chur ar an eolas trí mheán leictreonach:

(a)

comhaltaí an Bhoird agus an Coimisiún faoi aon fhaisnéis ábhartha a cuireadh in iúl dó, agus úsáid á baint aige as formáid chaighdeánaithe chuige sin. Soláthróidh rúnaíocht an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí aistriúcháin den fhaisnéis ábhartha, nuair is gá; agus

(b)

an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear, de réir mar a bheidh, i mír 1 agus i mír 2, chomh maith leis an gCoimisiún faoin tuairim agus poibleoidh sé í.

6.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta a dhréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3.

7.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 an tuairim ón mbord san áireamh ina hiomláine agus cuirfidh sé in iúl trí mheán leictreonach do Chathaoirleach an Bhoird laistigh de choicís tar éis dó an tuairim a fháil cibé acu an seasfaidh sé leis an dréachtchinneadh nó an leasóidh sé é agus, i gcás inarb ann do leasuithe, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an dréachtchinneadh leasaithe ar aghaidh freisin agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe.

8.   I gcás ina gcuireann an t-údarás maoirseachta lena mbaineann in iúl do Chathaoirleach an Bhoird, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, nach bhfuil sé ar intinn aige tuairim an Bhoird a leanuint, ina hiomláine nó go páirteach, agus na forais ábhartha á soláthar aige, beidh feidhm ag Airteagal 65(1).

Airteagal 65

Réiteach díospóide ag an mbord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach i gcásanna aonair, déanfaidh an Bord cinneadh ceangailteach a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

más amhlaidh, i gcás dá dtagraítear in Airteagal 60(4), gur ardaigh údarás maoirseachta lena mbaineann agóid ábhartha agus réasúnaithe i gcoinne dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás nó i gcás inar dhiúltaigh an príomhúdarás d'agóid den sórt sin ar an mbunús nach bhfuil sí ábhartha nó réasúnaithe. Bainfidh an cinneadh ceangailteach leis na ceisteanna go léir atá ina n-ábhar don agóid ábhartha réasúnaithe, go háirithe an ann do shárú ar an Rialachán seo;

(b)

i gcás ina mbeidh tuairimí contrártha maidir le cé acu ceann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann is inniúil maidir leis an bpríomhbhunaíocht;

(c)

I gcás nach n-iarrfaidh údarás inniúil maoirseachta tuairim an Bhoird sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 64(1), nó i gcás nach ndéanfaidh sé tuairim an Bhoird, a eisíodh faoi Airteagal 64, a leanuint. Sa chás sin, féadfaidh aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a chur in iúl don Bhord.

2.   Laistigh de mhí amháin iar dtarchur an ábhair, glacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin go ceann mí eile i ngeall ar chastacht an ábhair. An cinneadh dá dtagraítear i mír 1, beidh sé réasúnaithe agus seolfar é chuig an príomhúdarás maoirseachta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta uile lena mbaineann agus beidh sé ina cheangal orthu fairis sin.

3.   I gcás nach mbeidh an Bord in ann cinneadh a ghlacadh laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh sé a chinneadh laistigh de choicís tar éis dheireadh an dara mí dá dtagraítear i mír 2 trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. I gcás ina bhfuil deighilt idir comhaltaí an Bhoird, glacfar an cinneadh trí vóta óna Chathaoirleach.

4.   Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann cinneadh a ghlacadh maidir leis an ábhar a cuireadh faoi bhráid an Bhoird faoi mhír 1 le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

5.   Cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Foilseofar an cinneadh gan mhoill ar shuíomh gréasáin an Bhoird tar éis don údarás maoirseachta fógra a thabhairt faoin gcinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 6.

6.   Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis cinneadh críochnaitheach ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis don Bhord fógra a thabhairt maidir lena chinneadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, an Bord a chur ar an eolas faoin dáta a gcuirfear fógra faoina chinneadh críochnaitheach chuig an rialaitheoir nó chuig an bpróiseálaí agus chuig an ábhar sonraí, faoi seach. Glacfar cinneadh críochnaitheach na n-údarás maoirseachta lena mbaineann faoi théarmaí Airteagal 60(7), (8) agus (9). Tagrófar sa chinneadh críochnaitheach don chinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus sonrófar ann go ndéanfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhoird i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Ceanglófar leis an gcinneadh críochnaitheach an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 66

Nós imeachta práinne

1.   In imthosca eisceachtúla, má mheasann údarás maoirseachta lena mbaineann go bhfuil géarghá le gníomhú chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, féadfaidh sé, de mhaolú ar an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, 64 agus 65 nó de mhaolú ar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 60, bearta sealadacha a ghlacadh láithreach bonn, ar bearta iad a cheapfar chun go mbeadh éifeachtaí dlí acu ar a chríoch féin agus tréimhse bailíochta, nach mó ná trí mhí, a bheith sonraithe ina leith. Déanfaidh an t-údarás maoirseachta na bearta sin agus na cúiseanna lena nglacadh a chur in iúl gan mhoill do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, don Bhord agus don Choimisiún.

2.   I gcás ina bhfuil beart déanta ag údarás maoirseachta de bhun mhír 1 agus ina measann sé gur gá bearta críochnaitheacha a ghlacadh ar bhonn práinne, féadfaidh sé tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach a iarraidh ar an mbord, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim nó leis an gcinneadh sin a iarraidh.

3.   Féadfaidh aon údarás maoirseachta tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach, de réir mar a bheidh, a iarraidh ar an mbord, i gcás nach bhfuil an beart cuí glactha ag údarás maoirseachta inniúil i gcásanna ina bhfuil gá práinneach le gníomhú, chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim sin nó leis an gcinneadh sin a iarraidh, lena n-áirítear leis an bpráinn atá le gníomhú.

4.   De mhaolú ar Airteagal 64(3) agus ar Airteagal 65(2), glacfar tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo laistigh de choicís, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird.

Airteagal 68

An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   Bunaítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (an “Bord”) leis an Rialachán seo mar chomhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

2.   Is é Cathaoirleach an Bhoird a dhéanfaidh ionadaíocht thar a cheann.

3.   Ar an mbord, beidh ceannaire ó údarás maoirseachta amháin ó gach Ballstát agus beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, nó a n-ionadaithe faoi seach.

4.   I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás maoirseachta amháin i mBallstát freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo, ceapfar ionadaí comhpháirteach i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.

5.   Beidh sé de cheart ag an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an Bhoird ach ní bheidh cead vótála aige. Déanfaidh an Coimisiún ionadaí a ainmniú. Déanfaidh cathaoirleach an Bhoird gníomhaíochtaí an Bhoird sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 65, beidh cearta vótála ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le cinntí a bhaineann leis na prionsabail agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a fhreagraíonn go substaintiúil do na cinn sa Rialachán seo, agus maidir leis na cinntí sin amháin.

Airteagal 70

Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí

1.   Áiritheoidh an Bord go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Chuige sin, déanfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin, nó, i gcás inarb ábhartha, arna iarraidh sin don Choimisiún, an méid seo leanas go háirithe:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar an Rialachán seo agus áiritheoidh sé go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 64 agus in Airteagal 65, gan dochar do na cúraimí a bheidh ar na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta;

(b)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le haon tsaincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta san Aontas, lena n-áirítear aon leasuithe atá beartaithe maidir leis an Rialachán seo;

(c)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an bhformáid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta le haghaidh rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(d)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr maidir le nósanna imeachta a bhaineann le naisc chuig sonraí pearsanta, agus cóipeanna nó macasamhlaithe na sonraí sin, a léirscriosadh ó sheirbhísí cumarsáide atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear in Airteagal 17(2);

(e)

scrúdóidh sé, ar a thionscnamh féin, arna iarraidh sin do chomhalta dá chuid nó don Choimisiún, ceist ar bith lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr a eisiúint do na húdaráis mhaoirseachta d'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a spreagadh;

(f)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo d'fhonn na critéir agus na coinníollacha maidir le cinntí atá bunaithe ar phróifíliú de bhun Airteagal 22(2) a shonrú tuilleadh;

(g)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo le haghaidh na sáruithe ar na sonraí pearsanta a shuíomh agus le cinneadh a dhéanamh maidir leis an moill mhíchuí dá dtagraítear inAirteagal 33 (1) agus (2), agus maidir leis na himthosca ar leith ina gceanglaítear ar rialaitheoir nó próiseálaí fógraa a thbahairt maidir leis an sárú i ndáil le sonraí pearsantal;

(h)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo maidir leis na himthosca inar dócha go ráineodh ardriosca atá ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) i gcás ina ndéanfar sárú ar shonraí pearsanta.

(i)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo chun na critéir agus na ceanglais a shonrú tuilleadh maidir le haistrithe sonraí pearsanta atá bunaithe ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a gcloíonn rialaitheoirí leo agus rialacha ceangailteacha corparáideacha a gcloíonn próiseálaithe leo agus maidir le tuilleadh ceanglas riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar cosaint ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí lena mbaineann, arb ábhar do na sonraí iad, dá dtagraítear in Airteagal 47;

(j)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den Airteagal seo ar mhaithe leis na critéir agus na ceanglais chun na haistrithe sonraí pearsanta arna mbunú ar Airteagal 49(1) a shonrú tuilleadh;

(k)

tarraingeoidh sé suas treoirlínte d'údaráis mhaoirseachta maidir le bearta dá dtagraítear inAirteagal 58 (1), (2) agus (4) a chur i bhfeidhm agus maidir le fíneálacha riaracháin a shocrú de bhun Airteagal 83;

(l)

athbhreithneoidh sé cur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte, na moltaí agus na ndea-chleachtas dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f);

(m)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) de mhír 1 chun nósanna imeachta coiteanna a bhunú trína bhféadfaidh daoine nádúrtha tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe ar an Rialachán seo de bhun Airteagal 54(2);

(n)

déanfaidh sé tarraingt suas na gcód iompair a spreagadh agus sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú de bhun Airteagal 40 agus de bhun Airteagal 42;

(o)

déanfaidh sé creidiúnú ar na comhlachtaí deimhniúcháin agus déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil air de bhun Airteagal 43a agus coinneoidh sé clár poiblí de na comhlachtaí creidiúnaithe de bhun Airteagal 43(6), agus déanfaidh sé amhlaidh i leith na rialaitheoirí creidiúnaithe nó na bpróiseálaithe creidiúnaithe atá bunaithe i dtríú tíortha de bhun Airteagal 42(7);

(p)

sonróidh sé na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 43(3) i dtaca leis na comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú faoi Airteagal 42;

(q)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún maidir leis na ceanglais deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(8);

(r)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún maidir leis na deilbhíní dá dtagraítear in Airteagal 12(7);

(s)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún le haghaidh measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an leibhéil chosanta i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear le haghaidh measúnú a dhéanamh féachaint an ndéanann nó nach ndéanann tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó sa tríú tír sin,, nó eagraíocht idirnáisiúnta, leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú a thuilleadh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na doiciméid uile is gá, lena n-áirítear comhfhreagras le rialtas an tríú tír, dtaca leis an tríú tír sin, an críoch sin nó leis an earnáil phróiseála shonraithe sin nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta, a sholáthar don Bhord.

(t)

eiseoidh sé tuairimí ar dhréachtchinntí ó údaráis mhaoirseachta de bhun an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear inAirteagal 64(1)ar ábhair a thíolacfar de bhun Airteagal 64(2) agus eiseoidh sé cinntí ceangailteacha de bhun Airteagal 65, lena n-áirítear i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 66;

(u)

déanfaidh sé an comhar agus an malartú éifeachtach déthaobhach agus iltaobhach faisnéise agus dea=chleachtas idir na húdaráis mhaoirseachta a chur chun cinn;

(v)

cuirfidh sé cláir choiteanna oiliúna chun cinn agus éascóidh sé malartuithe pearsanra idir na húdaráis mhaoirseachta agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha nó le húdaráis mhaoirseachta eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(w)

déanfaidh sé an malartú faisnéise agus doiciméad ar reachtaíocht agus ar chleachtas um chosaint sonraí a chur chun cinn le húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí ar fud an domhain.

(x)

tabharfaidh sé tuairimí uaidh maidir le cóid iompair arna dtarraingt suas ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 40(9); agus

(y)

coinneoidh sé clár leictreonach a mbeidh rochtain ag an bpobal air i dtaobh cinntí a rinne údaráis mhaoirseachta agus cúirteanna maidir le saincheisteanna a láimhseáladh sa sásra comhsheasmhachta.

2.   I gcás ina n-iarrann an Coimisiún comhairle ar an mbord, féadfaidh sé teorainn ama a shonrú, agus práinn an ábhair á cur san áireamh.

3.   Cuirfidh an Bord a thuairimí, a threoirlínte, a mholtaí agus a dhea-chleachtais ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 87 agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.

4.   Rachaidh an Bord, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus tabharfaidh sé an deis dóibh a mbarúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnach. Déanfaidh an Bord, gan dochar d'Airteagal 76, torthaí an nós imeachta comhairliúcháin a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 75

An Rúnaíocht

1.   Beidh rúnaíocht ag an mbord Eorpach um Chosaint Sonraí, a sholáthróidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

2.   Déanfaidh an rúnaíocht na cúraimí a bheidh uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird.

3.   Foireann sin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mbord faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh sí faoi réir línte tuairiscithe ar leithligh seachas na cinn a bheidh ar an bhfoireann a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

4.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, meabhrán tuisceana a bhunú agus a fhoilsiú, lena gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme, lena gcinnteofar téarmaí an chomhair eatarthu, agus a bheidh infheidhme maidir le foireann rúnaíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mbord faoin Rialachán seo.

5.   Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochúil don Bhord.

6.   Beidh freagracht ar an rúnaíocht as an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

gnó laethúil an Bhoird;

(b)

an chumarsáid idir comhaltaí an Bhoird, a Cathaoirleach agus an Coimisiún;

(c)

cumarsáid le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal;

(d)

úsáid modhanna leictreonacha don chumarsáid inmheánach agus sheachtrach;

(e)

faisnéis ábhartha a aistriú;

(f)

cruinnithe an Bhoird a ullmhú agus bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leo;

(g)

tuairimí, cinntí ar réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta agus téacsanna eile a ghlacfaidh an Bord a ullmhú, a dhréachtú agus a fhoilsiú.


whereas

dal 2004 diritto e informatica