search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: 'bhoird' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index bhoird:


whereas bhoird:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 966

 

Airteagal 40

Cóid iompair

1.   Tabharfaidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta, an Bord agus an Coimisiún spreagadh chun cóid iompair a tharraingt suas a chuideoidh le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na n-earnálacha éagsúla próiseála á gcur san áireamh mar aon le riachtanais sonracha na micreafhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide.

2.   Féadfaidh comhlachais agus comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht do chatagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe cóid iompair a ullmhú, a leasú nó síneadh a chur leo chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shonrú, amhail i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

próiseáil chothrom thrédhearcach;

(b)

na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag rialaitheoirí i gcomhthéacsanna sonracha;

(c)

bailiú sonraí pearsanta;

(d)

ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta;

(e)

an fhaisnéis a sholáthraítear don phobal agus d'ábhar sonraí;

(f)

feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí;

(g)

faisnéis a sholáthraítear do leanaí, agus cosaint leanaí, agus an bealach a ndéantar an toiliú a fháil ó shealbhóirí fhreagracht tuismitheora an linbh;

(h)

na bearta agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 agus na bearta chun slándáil na próiseála dá dtagraítear in Airteagal 32 a áirithiú;

(i)

fógra faoi sháruithe i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt d'údaráis mhaoirseachta agus na sáruithe sin i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl do na hábhair sonraí;

(j)

sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta; nó

(k)

imeachtaí lasmuigh den chúirt agus nósanna imeachta eile um réiteach díospóide chun díospóidí idir rialaitheoirí agus ábhair sonraí i dtaca le próiseáil a réiteach, gan dochar do chearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagal 77 agus Airteagal 79.

3.   De bhreis ar rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir an Rialacháin seo do chloí leo, féadfaidh rialaitheoiri nó próiseálaíthe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo cloí le cóid iompair a fhormheastar de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus a bhfuil bailíocht ghinearálta acu de bhun mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo de bhun Airteagal 3 na cóid sin a chomhlíonadh freisin d'fhonn na coimircí iomchuí a sholáthar faoi chuimsiú chreat aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na téarmaí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 46(2). Déanfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe den sórt sin gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe, trí ionstraimí conarthacha nó trí ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh dlí de, chun na coimircí iomchuí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

4.   I gcód iompair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo beidh sásraí trína mbeidh an chomhlacht dá dtagraítear in Airteagal 41(1) in ann faireachán éigeantach a dhéanamh féachaint an bhfuil a fhorálacha á gcomhlíonadh ag na rialaitheoirí agus ag na próiseálaithe a ghabhann orthu féin é a chur i bhfeidhm, gan dochar do chúraimí ná do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó 56.

5.   Comhlachais agus comhlachtaí eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhfuil sé beartaithe acu cód iompair a ullmhú nó cód iompair atá ann a leasú nó síneadh a chur leis, cuirfidh siad an dréachtchód, an leasú nó an síneadh faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta tuairim faoin Rialachán seo a bheith nó gan a bheith i gcomhréir leis an dréachtchód, leis an leasú nó leis an síneadh, agus formhuineoidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh sin má chinneann sé go bhfuil coimircí iomchuí leordhóthanacha á gcur ar fáil aige.

6.   I gcás ina bhformheastar an dréachtchód, an leasú nó an síneadh de bhun mhír 5, agus i gcás nach mbaineann an cód iompair lena mbaineann le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt Ballstát, cláróidh agus foilseoidh an t-údarás maoirseachta an cód.

7.   I gcás ina mbaineann dréachtchód iompair le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt Ballstát, déanfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 an cód a chur faoi bhráid an bhoird, sula bhformheasfaidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 63 agus tabharfaidh an Bord tuairim an bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, an soláthraítear coimircí iomchuí leis.

8.   I gcás ina ndeimhnítear leis an tuairim dá dtagraítear i mír 7 go bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3, go gcuirtear coimircí iomchuí ar fáil leo, cuirfidh an Bord a thuairim faoi bhráid an Choimisiúin.

9.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh go mbeidh bailíocht ghinearálta san Aontas ag an cód iompair, an leasú nó an síneadh atá formheasta agus a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 8 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

10.   Áiritheoidh an Coimisiún go bpoibleofar go cuí na cóid fhormheasta ar cinneadh bailíocht ghinearálta a bheith ag baint leo i gcomhréir le mír 9.

11.   Déanfaidh an Bord na cóid iompair, na leasuithe agus na síntí uile atá formheasta a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí bhíthin bealaí iomchuí.

Airteagal 41

Faireachán a dhéanamh ar chóid fhormheasta iompair

1.   Gan dochar do chúraimí ná do chumhachtaí an údaráis mhaoirseachta atá inniúil faoi Airteagal 57 agus Airteagal 58, comhlacht a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais aige maidir le hábhar an chóid agus a bhfuil creidiúnú aige chun na críche sin ón údarás inniúil maoirseachta, féadfaidh sé faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an chóid iompair de bhun Airteagal 40.

2.   Féadfar creidiúnú a thabhairt do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cóid iompair, más fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhlacht sin:

(a)

tá sé taispeáinte aige go bhfuil sé neamhspleách agus go bhfuil saineolas aige maidir le hábhar an chóid chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta;

(b)

tá nósanna imeachta bunaithe aige a chuirfeadh ar a chumas incháilitheacht na rialaitheoirí agus na bpróiseálaithe lena mbaineann a mheas chun an cód a chur i bhfeidhm, faireachán a dhéanamh ar a mhéid atá forálacha an chóid á gcomhlíonadh acu agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar fheidhmiú an chóid;

(c)

tá nósanna imeachta agus struchtúir bunaithe aige chun gearáin a láimhseáil maidir le sáruithe ar an gcód nó maidir leis an mbealach ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an cód i bhfeidhm nó maidir leis an mbealach a bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, agus na nósanna imeachta sin agus na struchtúir sin a chur in iúl ar bhealach trédhearcach do na hábhair sonraí agus don phobal; agus

(d)

tá sé taispeáinte aige chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta nach ngabhann coinbhleachtaí leasa leis na cúraimí ná leis na dualgais atá air.

3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta na dréachtchritéir maidir le creidiúnú a thabhairt do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi bhráid an bhoird de bhun an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

4.   Gan dochar do chúraimí agus cumhachtaí an údaráis inniúil maoirseachta ná d'fhorálacha Chaibidil VIII, glacfaidh comhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, bearta faoi leith, faoi réir coimircí iomchuí, i gcás ina sáróidh rialaitheoir nó próiseálaí an cód, lena n-áirítear an rialaitheoir nó an próiseálaí lena mbaineann a chur ar fionraí nó a eisiamh ón gcód. Cuirfidh sé na bearta sin in iúl don údarás inniúil maoirseachta mar aon leis na cúiseanna ar ghlac sé iad.

5.   Cúlghairfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an creidiúnú a thabharfar do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 mura gcomhlíontar coinníollacha an chreidiúnaithe nó mura mbíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó más rud é go sáraíonn bearta a ghalcann an comhlacht an Rialachán seo.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann údaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí.

Airteagal 57

Cúraimí

1.   Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;

(b)

déanfaidh sé feasacht agus tuiscint i measc an phobail a chur chun cinn maidir leis na rioscaí, leis na rialacha, leis na coimircí agus leis na cearta a bhaineann le próiseáil. Tabharfar aird ar leith ar ghníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le leanaí;

(c)

cuirfidh sé comhairle, i gcomhréir le dlí Ballstáit, ar an bparlaimint náisiúnta, ar an rialtas, agus ar institiúidí agus ar chomhlachtaí eile maidir le bearta reachtacha agus riaracháin a bhaineann le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil;

(d)

déanfaidh sé feasacht maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo i measc rialaitheoirí agus próiseálaithe a chur chun cinn;

(e)

arna iarraidh sin air, soláthróidh sé faisnéis d'aon ábhar sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo agus, más iomchuí, comhoibreoidh sé leis na húdaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile chun na críche sin;

(f)

láimhseálfaidh sé gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí, nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas i gcomhréir le hAirteagal 80, agus déanfaidh sé imscrúdú, a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus cuirfidh sé an gearánaí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile;

(g)

oibreoidh sé i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta eile agus roinnfidh sé faisnéis leo agus cuirfidh sé cúnamh frithpháirteach ar fáil dóibh, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhonn comhsheasmhach;

(h)

déanfaidh sé imscrúduithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás maoirseachta eile nó ó údarás poiblí eile;

(i)

déanfaidh sé faireachán ar fhorbairtí ábhartha, sa mhéid go bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe forbairtí i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus i gcleachtais tráchtála;

(j)

glacfaidh sé na clásail chonarthacha chaighdeánacha dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d'Airteagal 46(2);

(k)

bunóidh sé agus coimeádfaidh sé ar bun liosta i ndáil leis an gceanglas le haghaidh measúnú tionchair a dhéanamh ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 35(4);

(l)

tabharfaidh sé comhairle maidir leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 36(2);

(m)

spreagfaidh sé cóid iompair a tharraingt suas de bhun Airteagal 40(1) agus tabharfaidh sé tuairim fúthu agus formheasfaidh sé na cóid iompair sin a bhfuil coimircí leordhóthanacha ag gabháil leo, de bhun Airteagal 40(5);

(n)

spreagfaidh sé bunú sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí, agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí freisin, agus formheasfaidh sé na critéir deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 (5);

(o)

i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil ar dheimhniúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 42(7);

(p)

dréachtóidh agus foilseoidh sé na critéir i ndáil le comhlacht a chreidiúnú chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus i ndáil le comhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;

(q)

seolfaidh sé creidiúnú do chomhlacht chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus creidiúnú do chomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;

(r)

údaróidh sé na clásail chonarthacha agus na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 463;

(s)

déanfaidh sé rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47;

(t)

rannchuideoidh sé le gníomhaíochtaí an bhoird;

(u)

coimeádfaidh sé taifid inmheánacha ar sháruithe ar an Rialachán seo agus ar na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 58(2); agus

(v)

comhlíonfaidh sé aon chúraimí eile a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Déanfaidh gach údarás maoirseachta taisceadh na ngearán dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 a éascú trí bhearta amhail foirm le haghaidh gearán a dhéanamh, a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, gan modhanna eile cumarsáide a eisiamh.

3.   Comhlíonfaidh gach údarás maoirseachta a chúraimí gan aon chostas a ghearradh ar an ábhar sonraí ná, i gcás inarb infheidhme, ar an oifigeach cosanta sonraí.

4.   I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí gan bhunús nó go bhfuil siad iomarcach, go háirithe mar gheall ar a atarlaithí atá siad, féadfaidh an t-údarás maoirseachta táille réasúnta a ghearradh ar bhonn na gcostas riaracháin, sin nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata. Is faoin údarás maoirseachta a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.

Airteagal 64

Tuairim an bhoird

1.   I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil maoirseachta aon cheann de na bearta anseo síos a ghlacadh, eiseoidh an Bord tuairim. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an dréachtchinneadh in iúl don Bhord, sna cásanna seo a leanas:

(a)

dírítear ann ar liosta de na hoibríochtaí próiseála a ghlacadh faoi réir an cheanglais le haghaidh measúnú tionchair ar chosaint sonraí, de bhun Airteagal 35(4);

(b)

baineann sé le hábhar de bhun Airteagal 40(7) féachaint an bhfuil dréachtchód iompair nó leasú nó síneadh ar chód iompair má chomhlíonann sé an Rialachán seo;

(c)

dírítear ann ar chritéir maidir le creidiúnú comhlachta a fhormheas de bhun Airteagal 41(3) nó maidir le comhlacht deimhniúcháin de Airteagal 43(3);

(d)

dírítear ann ar na clásail chaighdeánacha um chosaint sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 46(2) agus in Airteagal 28(8) a chinneadh;

(e)

dírítear ann ar chlásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 46(3) a údarú; nó

(f)

dírítear ann ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de réir bhrí Airteagal 47.

2.   Féadfaidh údarás maoirseachta ar bith, Cathaoirleach an bhoird nó an Coimisiún, a iarraidh go ndéanfaidh an Bord scrúdú ar aon ábhar a mbeidh feidhm ghinearálta aige nó ar aon ábhar a mbeidh éifeachtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin d'fhonn tuairim a fháil, go háirithe i gcás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil maoirseachta na hoibleagáidí maidir le cúnamh frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 61 nó maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 62.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Bord tuairim a eisiúint ar an ábhar a cuireadh faoina bhráid ar an gcoinníoll nach mbeidh tuairim eisithe aige cheana féin maidir leis an gceist chéanna. Glacfar an tuairim sin laistigh de thréimhse ocht seachtaine, trí thromlach simplí de chomhaltaí an bhoird. Féadfar síneadh breise sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin agus castacht an ábhair á cur san áireamh. Maidir leis an dréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a scaipeadh ar chomhaltaí an bhoird i gcomhréir le mír 5, comhalta nach bhfuil agóid déanta aige laistigh de thréimhse réasúnta arna sonrú ag an gCathaoirleach, measfar go dtoilíonn sé leis an dréachtchinneadh.

4.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis ábhartha a chur in iúl trí mheán leictreonach don Bhord, agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe, lena n-áiritheofar, de réir mar a bheidh, achoimre ar na fíricí, an dréachtchinneadh, na forais is bonn leis an ngá atá le beart den sórt sin a achtú, agus na tuairimí ó údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann.

5.   Déanfaidh Cathaoirleach an bhoird, gan aon mhoill mhíchuí, na nithe seo a leanas a chur ar an eolas trí mheán leictreonach:

(a)

comhaltaí an bhoird agus an Coimisiún faoi aon fhaisnéis ábhartha a cuireadh in iúl dó, agus úsáid á baint aige as formáid chaighdeánaithe chuige sin. Soláthróidh rúnaíocht an bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí aistriúcháin den fhaisnéis ábhartha, nuair is gá; agus

(b)

an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear, de réir mar a bheidh, i mír 1 agus i mír 2, chomh maith leis an gCoimisiún faoin tuairim agus poibleoidh sé í.

6.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta a dhréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3.

7.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 an tuairim ón mBord san áireamh ina hiomláine agus cuirfidh sé in iúl trí mheán leictreonach do Chathaoirleach an bhoird laistigh de choicís tar éis dó an tuairim a fháil cibé acu an seasfaidh sé leis an dréachtchinneadh nó an leasóidh sé é agus, i gcás inarb ann do leasuithe, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an dréachtchinneadh leasaithe ar aghaidh freisin agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe.

8.   I gcás ina gcuireann an t-údarás maoirseachta lena mbaineann in iúl do Chathaoirleach an bhoird, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, nach bhfuil sé ar intinn aige tuairim an bhoird a leanuint, ina hiomláine nó go páirteach, agus na forais ábhartha á soláthar aige, beidh feidhm ag Airteagal 65(1).

Airteagal 65

Réiteach díospóide ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach i gcásanna aonair, déanfaidh an Bord cinneadh ceangailteach a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

más amhlaidh, i gcás dá dtagraítear in Airteagal 60(4), gur ardaigh údarás maoirseachta lena mbaineann agóid ábhartha agus réasúnaithe i gcoinne dréachtchinneadh ón bpríomhúdarás nó i gcás inar dhiúltaigh an príomhúdarás d'agóid den sórt sin ar an mbunús nach bhfuil sí ábhartha nó réasúnaithe. Bainfidh an cinneadh ceangailteach leis na ceisteanna go léir atá ina n-ábhar don agóid ábhartha réasúnaithe, go háirithe an ann do shárú ar an Rialachán seo;

(b)

i gcás ina mbeidh tuairimí contrártha maidir le cé acu ceann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann is inniúil maidir leis an bpríomhbhunaíocht;

(c)

I gcás nach n-iarrfaidh údarás inniúil maoirseachta tuairim an bhoird sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 64(1), nó i gcás nach ndéanfaidh sé tuairim an bhoird, a eisíodh faoi Airteagal 64, a leanuint. Sa chás sin, féadfaidh aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a chur in iúl don Bhord.

2.   Laistigh de mhí amháin iar dtarchur an ábhair, glacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an bhoird. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin go ceann mí eile i ngeall ar chastacht an ábhair. An cinneadh dá dtagraítear i mír 1, beidh sé réasúnaithe agus seolfar é chuig an príomhúdarás maoirseachta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta uile lena mbaineann agus beidh sé ina cheangal orthu fairis sin.

3.   I gcás nach mbeidh an Bord in ann cinneadh a ghlacadh laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh sé a chinneadh laistigh de choicís tar éis dheireadh an dara mí dá dtagraítear i mír 2 trí thromlach simplí de chomhaltaí an bhoird. I gcás ina bhfuil deighilt idir comhaltaí an bhoird, glacfar an cinneadh trí vóta óna Chathaoirleach.

4.   Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann cinneadh a ghlacadh maidir leis an ábhar a cuireadh faoi bhráid an bhoird faoi mhír 1 le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

5.   Cuirfidh Cathaoirleach an bhoird an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Foilseofar an cinneadh gan mhoill ar shuíomh gréasáin an bhoird tar éis don údarás maoirseachta fógra a thabhairt faoin gcinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 6.

6.   Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis cinneadh críochnaitheach ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis don Bhord fógra a thabhairt maidir lena chinneadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, an Bord a chur ar an eolas faoin dáta a gcuirfear fógra faoina chinneadh críochnaitheach chuig an rialaitheoir nó chuig an bpróiseálaí agus chuig an ábhar sonraí, faoi seach. Glacfar cinneadh críochnaitheach na n-údarás maoirseachta lena mbaineann faoi théarmaí Airteagal 60(7), (8) agus (9). Tagrófar sa chinneadh críochnaitheach don chinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus sonrófar ann go ndéanfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an bhoird i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Ceanglófar leis an gcinneadh críochnaitheach an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 66

Nós imeachta práinne

1.   In imthosca eisceachtúla, má mheasann údarás maoirseachta lena mbaineann go bhfuil géarghá le gníomhú chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, féadfaidh sé, de mhaolú ar an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, 64 agus 65 nó de mhaolú ar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 60, bearta sealadacha a ghlacadh láithreach bonn, ar bearta iad a cheapfar chun go mbeadh éifeachtaí dlí acu ar a chríoch féin agus tréimhse bailíochta, nach mó ná trí mhí, a bheith sonraithe ina leith. Déanfaidh an t-údarás maoirseachta na bearta sin agus na cúiseanna lena nglacadh a chur in iúl gan mhoill do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, don Bhord agus don Choimisiún.

2.   I gcás ina bhfuil beart déanta ag údarás maoirseachta de bhun mhír 1 agus ina measann sé gur gá bearta críochnaitheacha a ghlacadh ar bhonn práinne, féadfaidh sé tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach a iarraidh ar an mBord, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim nó leis an gcinneadh sin a iarraidh.

3.   Féadfaidh aon údarás maoirseachta tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach, de réir mar a bheidh, a iarraidh ar an mBord, i gcás nach bhfuil an beart cuí glactha ag údarás maoirseachta inniúil i gcásanna ina bhfuil gá práinneach le gníomhú, chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim sin nó leis an gcinneadh sin a iarraidh, lena n-áirítear leis an bpráinn atá le gníomhú.

4.   De mhaolú ar Airteagal 64(3) agus ar Airteagal 65(2), glacfar tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo laistigh de choicís, trí thromlach simplí de chomhaltaí an bhoird.

Airteagal 68

An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

1.   Bunaítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (an “Bord”) leis an Rialachán seo mar chomhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

2.   Is é Cathaoirleach an bhoird a dhéanfaidh ionadaíocht thar a cheann.

3.   Ar an mBord, beidh ceannaire ó údarás maoirseachta amháin ó gach Ballstát agus beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, nó a n-ionadaithe faoi seach.

4.   I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás maoirseachta amháin i mBallstát freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo, ceapfar ionadaí comhpháirteach i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.

5.   Beidh sé de cheart ag an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an bhoird ach ní bheidh cead vótála aige. Déanfaidh an Coimisiún ionadaí a ainmniú. Déanfaidh cathaoirleach an bhoird gníomhaíochtaí an bhoird sin a chur in iúl don Choimisiún.

6.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 65, beidh cearta vótála ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le cinntí a bhaineann leis na prionsabail agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a fhreagraíonn go substaintiúil do na cinn sa Rialachán seo, agus maidir leis na cinntí sin amháin.

Airteagal 70

Cúraimí an bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí

1.   Áiritheoidh an Bord go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Chuige sin, déanfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin, nó, i gcás inarb ábhartha, arna iarraidh sin don Choimisiún, an méid seo leanas go háirithe:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar an Rialachán seo agus áiritheoidh sé go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 64 agus in Airteagal 65, gan dochar do na cúraimí a bheidh ar na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta;

(b)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le haon tsaincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta san Aontas, lena n-áirítear aon leasuithe atá beartaithe maidir leis an Rialachán seo;

(c)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an bhformáid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta le haghaidh rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(d)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr maidir le nósanna imeachta a bhaineann le naisc chuig sonraí pearsanta, agus cóipeanna nó macasamhlaithe na sonraí sin, a léirscriosadh ó sheirbhísí cumarsáide atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear in Airteagal 17(2);

(e)

scrúdóidh sé, ar a thionscnamh féin, arna iarraidh sin do chomhalta dá chuid nó don Choimisiún, ceist ar bith lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr a eisiúint do na húdaráis mhaoirseachta d'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a spreagadh;

(f)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo d'fhonn na critéir agus na coinníollacha maidir le cinntí atá bunaithe ar phróifíliú de bhun Airteagal 22(2) a shonrú tuilleadh;

(g)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo le haghaidh na sáruithe ar na sonraí pearsanta a shuíomh agus le cinneadh a dhéanamh maidir leis an moill mhíchuí dá dtagraítear inAirteagal 33 (1) agus (2), agus maidir leis na himthosca ar leith ina gceanglaítear ar rialaitheoir nó próiseálaí fógraa a thbahairt maidir leis an sárú i ndáil le sonraí pearsantal;

(h)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo maidir leis na himthosca inar dócha go ráineodh ardriosca atá ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) i gcás ina ndéanfar sárú ar shonraí pearsanta.

(i)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo chun na critéir agus na ceanglais a shonrú tuilleadh maidir le haistrithe sonraí pearsanta atá bunaithe ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a gcloíonn rialaitheoirí leo agus rialacha ceangailteacha corparáideacha a gcloíonn próiseálaithe leo agus maidir le tuilleadh ceanglas riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar cosaint ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí lena mbaineann, arb ábhar do na sonraí iad, dá dtagraítear in Airteagal 47;

(j)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den Airteagal seo ar mhaithe leis na critéir agus na ceanglais chun na haistrithe sonraí pearsanta arna mbunú ar Airteagal 49(1) a shonrú tuilleadh;

(k)

tarraingeoidh sé suas treoirlínte d'údaráis mhaoirseachta maidir le bearta dá dtagraítear inAirteagal 58 (1), (2) agus (4) a chur i bhfeidhm agus maidir le fíneálacha riaracháin a shocrú de bhun Airteagal 83;

(l)

athbhreithneoidh sé cur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte, na moltaí agus na ndea-chleachtas dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f);

(m)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) de mhír 1 chun nósanna imeachta coiteanna a bhunú trína bhféadfaidh daoine nádúrtha tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe ar an Rialachán seo de bhun Airteagal 54(2);

(n)

déanfaidh sé tarraingt suas na gcód iompair a spreagadh agus sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú de bhun Airteagal 40 agus de bhun Airteagal 42;

(o)

déanfaidh sé creidiúnú ar na comhlachtaí deimhniúcháin agus déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil air de bhun Airteagal 43a agus coinneoidh sé clár poiblí de na comhlachtaí creidiúnaithe de bhun Airteagal 43(6), agus déanfaidh sé amhlaidh i leith na rialaitheoirí creidiúnaithe nó na bpróiseálaithe creidiúnaithe atá bunaithe i dtríú tíortha de bhun Airteagal 42(7);

(p)

sonróidh sé na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 43(3) i dtaca leis na comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú faoi Airteagal 42;

(q)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún maidir leis na ceanglais deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(8);

(r)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún maidir leis na deilbhíní dá dtagraítear in Airteagal 12(7);

(s)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún le haghaidh measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an leibhéil chosanta i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear le haghaidh measúnú a dhéanamh féachaint an ndéanann nó nach ndéanann tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó sa tríú tír sin,, nó eagraíocht idirnáisiúnta, leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú a thuilleadh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na doiciméid uile is gá, lena n-áirítear comhfhreagras le rialtas an tríú tír, dtaca leis an tríú tír sin, an críoch sin nó leis an earnáil phróiseála shonraithe sin nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta, a sholáthar don Bhord.

(t)

eiseoidh sé tuairimí ar dhréachtchinntí ó údaráis mhaoirseachta de bhun an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear inAirteagal 64(1)ar ábhair a thíolacfar de bhun Airteagal 64(2) agus eiseoidh sé cinntí ceangailteacha de bhun Airteagal 65, lena n-áirítear i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 66;

(u)

déanfaidh sé an comhar agus an malartú éifeachtach déthaobhach agus iltaobhach faisnéise agus dea=chleachtas idir na húdaráis mhaoirseachta a chur chun cinn;

(v)

cuirfidh sé cláir choiteanna oiliúna chun cinn agus éascóidh sé malartuithe pearsanra idir na húdaráis mhaoirseachta agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha nó le húdaráis mhaoirseachta eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(w)

déanfaidh sé an malartú faisnéise agus doiciméad ar reachtaíocht agus ar chleachtas um chosaint sonraí a chur chun cinn le húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí ar fud an domhain.

(x)

tabharfaidh sé tuairimí uaidh maidir le cóid iompair arna dtarraingt suas ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 40(9); agus

(y)

coinneoidh sé clár leictreonach a mbeidh rochtain ag an bpobal air i dtaobh cinntí a rinne údaráis mhaoirseachta agus cúirteanna maidir le saincheisteanna a láimhseáladh sa sásra comhsheasmhachta.

2.   I gcás ina n-iarrann an Coimisiún comhairle ar an mBord, féadfaidh sé teorainn ama a shonrú, agus práinn an ábhair á cur san áireamh.

3.   Cuirfidh an Bord a thuairimí, a threoirlínte, a mholtaí agus a dhea-chleachtais ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 87 agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.

4.   Rachaidh an Bord, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus tabharfaidh sé an deis dóibh a mbarúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnach. Déanfaidh an Bord, gan dochar d'Airteagal 76, torthaí an nós imeachta comhairliúcháin a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 74

Cúraimí an Chathaoirligh

1.   Is iad na cúraimí seo a leanas a bheidh ar an gcathaoirleach:

(a)

cruinnithe an bhoird a thionól agus a chlár oibre a ullmhú;

(b)

cinntí a ghlac an Bord de bhun Airteagal 65 a chur in iúl don phríomhúdarás maoirseachta agus do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann;

(c)

feidhmiú tráthúil chúraimí an bhoird a áirithiú, go háirithe i ndáil leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 65.

2.   Déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí leithroinnt na gcúraimí idir an cathaoirleach agus na leaschathaoirligh a leagadh síos ina rialacha nós imeachta.

Airteagal 75

An Rúnaíocht

1.   Beidh rúnaíocht ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a sholáthróidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

2.   Déanfaidh an rúnaíocht na cúraimí a bheidh uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an bhoird.

3.   Foireann sin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh sí faoi réir línte tuairiscithe ar leithligh seachas na cinn a bheidh ar an bhfoireann a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

4.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, meabhrán tuisceana a bhunú agus a fhoilsiú, lena gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme, lena gcinnteofar téarmaí an chomhair eatarthu, agus a bheidh infheidhme maidir le foireann rúnaíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo.

5.   Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochúil don Bhord.

6.   Beidh freagracht ar an rúnaíocht as an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

gnó laethúil an bhoird;

(b)

an chumarsáid idir comhaltaí an bhoird, a Cathaoirleach agus an Coimisiún;

(c)

cumarsáid le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal;

(d)

úsáid modhanna leictreonacha don chumarsáid inmheánach agus sheachtrach;

(e)

faisnéis ábhartha a aistriú;

(f)

cruinnithe an bhoird a ullmhú agus bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leo;

(g)

tuairimí, cinntí ar réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta agus téacsanna eile a ghlacfaidh an Bord a ullmhú, a dhréachtú agus a fhoilsiú.

Airteagal 76

Rúndacht

1.   Beidh plé an bhoird faoi rún i gcás go measann an Bord gur gá sin, de réir mar a bhforáiltear dó sin ina rialacha nós imeachta.

2.   Le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) rialófar rochtain ar dhoiciméid a chuirfear faoi bhráid chomhaltaí an bhoird, agus a chuirfear faoi bhráid saineolaithe agus ionadaithe tríú páirtithe.

CAIBIDIL VIII

Leigheasanna, dliteanas agus pionóis


whereas

dal 2004 diritto e informatica