Airteagal 79
An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí
1. Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n-áirítear an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta de bhun Airteagal 77, beidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil ag gach ábhar sonraí i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí paearsanta nóa sonraí pearsanta i nemahchomhlíonadh an Rialachain seo.
2. Tionscnófar imeachtaí i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí. De rogha air sin, féadfar na himeachtaí sin a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an ábhar sonraí, ach amháin más údarás poiblí de chuid Ballstáit é an rialaitheoir nó an próiseálaí atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí.
Airteagal 81
Imeachtaí a chur ar fionraí
1. I gcás ina mbeidh faisnéis ag cúirt inniúil Ballstáit faoi imeachtaí a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, ar imeachtaí iad atá ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, rachaidh an chúirt inniúil i dteagmháil leis an gcúirt sin sa Bhallstát eile chun a dhearbhú gurb ann do na himeachtaí sin.
2. I gcás ina mbeidh imeachtaí ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, ar imeachtaí iad a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, féadfaidh aon chúirt inniúil, seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, na himeachtaí sin a chur ar fionraí.
3. I gcás ina mbeidh na himeachtaí sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair dlínse a dhiúltú freisin, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair i leith na gcaingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.
whereas
(144) I gcás ina bhfuil cúis ag cúirt ar tugadh imeachtaí os a comhair i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta le creidiúint go bhfuil imeachtaí maidir leis an bpróiseáil chéanna, amhail an t-ábhar céanna maidir le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, nó an chúis chéanna chaingne, á dtabhairt os comhair cúirt inniúil i mBallstát eile, ba cheart di dul i dteagmháil leis an gcúirt sin le dearbhú go bhfuil imeachtaí gaolmhara den sórt sin ann.
Más rud é go bhfuil imeachtaí gaolmhara ar feitheamh os comhair cúirt i mBallstát eile, féadfaidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí nó féadfaidh sí, arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe, dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin ar tugadh imeacht os a comhair más rud é go bhfuil dlínse i leith na n-imeachtaí atá i gceist ag an gcúirt sin agus go gceadaítear faoina dlí imeachtaí gaolmhara den sórt sin a chomhdhlúthú.
Meastar imeachtaí a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile chun an baol a sheachaint go dtabharfaí breithiúnais bunoscionn le chéile dá mbeadh imeachtaí ar leithligh ann.
- = -
(145) Maidir le himeachtaí i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí, ba cheart rogha a bheith ag an ngearánaí caingean a thabhairt os comhair na gcúirteanna sna Ballstáit ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí nó sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an ábhar sonraí, ach amháin más údarás poiblí de chuid Ballstáit atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí é an rialaitheoir.
- = -
(146) Ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí aon damáiste a d'fhéadfadh duine a fhulaingt de bharr próiseáil a sháraíonn an Rialachán seo a chúiteamh.
Ba cheart an rialaitheoir nó an próiseálaí a dhíolmhú ón dliteanas má chruthaíonn sé nach bhfuil sé freagrach ar shlí ar bith as an damáiste.
Ba cheart coincheap an damáiste a léiriú go leathan i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais ar shlí ina léireofaí go hiomlán cuspóirí an Rialacháin seo.
Tá sé sin gan dochar d'éilimh maidir le damáiste a thagann as sárú na rialacha eile atá ann i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit. Áirítear freisin ar phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo próiseáil a sháraíonn na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí Ballstáit lena sonraítear rialacha an Rialacháin seo.
Ba cheart do na hábhair sonraí cúiteamh iomlán agus éifeachtach a fháil as an damáiste a d'fhulaing siad.
I gcás ina bhfuil rialaitheoirí nó próiseálaithe páirteach sa phróiseáil céanna, ba cheart gach rialaitheoir nó gach próiseálaí a chur faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste.
Mar sin féin, i gcás ina bhfuil siad uamtha leis na himeachtaí breithiúnacha céanna, i gcomhréir le dlí Ballstáit, féadfar cúiteamh a chionroinnt de réir fhreagracht gach rialaitheora nó fhreagracht gach próiseálaí maidir leis an damáiste a rinneadh mar thoradh ar an bpróiseáil, ar choinníoll go n-áirithítear cúiteamh iomlán agus éifeachtach don ábhar sonraí a d'fhulaing an damáiste.
Féadfaidh aon rialaitheoir nó próiseálaí a d'íoc cúiteamh iomlán imeachtaí iontaofa a thionscnamh ina dhiaidh sin i gcoinne rialaitheoirí nó próiseálaithe eile atá páirteach sa phróiseáil chéanna.
- = -
(147) Nuair atá rialacha sonracha maidir le dlínse sa Rialachán seo, go háirithe maidir le himeachtaí lena lorgaítear leigheas breithiúnach, lena n-áirítear cúiteamh, i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí, níor cheart, le rialacha maidir le dlínse ghinearálta amhail na cinn sin atá i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm rialacha sonracha den sórt sin.
- = -