search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: 'bhallstát' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index bhallstát:


whereas bhallstát:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 618

 

Airteagal 46

Aistrithe faoi réir coimircí iomchuí

1.   I gcás nach mbeidh cinneadh déanta de bhun Airteagal 45(3), ní fhéadfaidh rialaitheoir ná próiseálaí sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír ná go heagraíocht idirnáisiúnta ach amháin má tá coimircí iomchuí soláthraithe ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, agus ar an gcoinníoll go bhfuil cearta in-fhorfheidhmithe agus réitigh éifeachtacha dlí ar fáil d'ábhair sonraí.

2.   Féadfar foráil a dhéanamh do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, gan aon údarú sonrach a bheith ag teastáil ó údarás maoirseachta, trí:

(a)

ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí agus in-fhorfheidhmithe idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí;

(b)

rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir le hAirteagal 47;

(c)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);

(d)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag údarás maoirseachta agus arna bhformheas ag an gCoimisiún de bhun an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);

(e)

cód iompair formheasta de bhun Airteagal 40 i dteannta gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí; nó

(f)

sásra deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42 i dteannta le gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

3.   Faoi réir an údaraithe ón údarás inniúil maoirseachta, féadfar foráil a dhéanamh freisin do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, ó:

(a)

clásail chonarthacha idir an rialaitheoir nó an próiseálaí agus an rialaitheoir, an próiseálaí nó faighteoir na sonraí pearsanta sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta; nó

(b)

forálacha le cur isteach i socruithe riaracháin idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí, lena n-áirítear cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe do na hábhair sonraí.

4.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Leanfaidh údaruithe ó bhallstát nó ó údarás maoirseachta de bheith bailí ar bhonn Airteagal 26(2) de Threoir 95/46/CE go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta sin iad a leasú nó a aisghairm nó go gcuirfidh sé údaruithe eile ina n-ionad, más gá. Beidh feidhm ag na cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 26(4) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a athchur nó a aisghairm, más gá, le Treoir ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 56

Inniúlacht an príomhúdaráis mhaoirseachta

1.   Gan dochar d'Airteagal 51, beidh údarás maoirseachta na príomhbhunaíochta nó na bunaíochta aonair de chuid an rialaitheora nó de chuid an phróiseálaí inniúil chun gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta ar an bpróiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60.

2.   De mhaolú ar mhír 1, beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun gearán a láimhseáil arna thaisceadh leis nó sárú ionchasach ar an Rialachán seo, má bhaineann ábhar an cháis le bunaíocht sa bhallstát dá chuid agus léi sin amháin nó má tá éifeacht shubstainteach aige sin ar ábhair sonraí ina bhallstát agus sa bhallstát sin amháin.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas faoin ábhar sin gan mhoill. Laistigh de thréimhse trí seachtaine tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta cinneadh cibé acu an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil nó nach ndéanfaidh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60, agus é á chur san áireamh cibé acu an bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a chuir ar an eolas é nó nach bhfuil.

4.   I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta an cás a láimhseáil, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 54a. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas dréacht le haghaidh cinnidh a chur faoi bhráid an phríomhúdaráis mhaoirseachta sin. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an dréacht sin a chur san áireamh go hiomlán agus an dréachtchinneadh dá dtagraítear in Airteagal 60(3) á ullmhú aige.

5.   I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta gan an cás a láimhseáil, láimhseálfaidh an t-údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas an cás de réir Airteagal 61 agus Airteagal 62.

6.   Is é an príomhúdarás maoirseachta amháin a bheidh ina idirghabhálaí leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí i ndáil le próiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin.

Airteagal 62

Oibríochtaí comhpháirteacha na n-údarás maoirseachta

1.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha agus bearta comhpháirteacha forfheidhmithe a mbeidh comhaltaí nó foireann údaráis mhaoirseachta na mBallstát eile bainteach leo.

2.   I gcás ina mbeidh bunaíochtaí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i roinnt Ballstát nó i gcás inar dócha go mbeidh tionchar nach beag ag oibríochtaí próiseála ar líon suntasach ábhar sonraí i mBallstát amháin nó níos mó, beidh sé de cheart ag údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha sin. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 56(1) nó Airteagal 56(4) cuireadh don údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha agus freagróidh sé gan mhoill don iarraidh ó údarás maoirseachta maidir lena bheith rannpháirteach.

3.   Féadfaidh údarás maoirseachta, i gcomhréir le dlí Ballstáit, agus le húdarú an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh, cumhachtaí, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaitheacha, a thabhairt do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh atá i mbun oibríochtaí comhpháirteacha nó, a mhéid is a cheadaítear le dlí bhallstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh, ceadú do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a gcumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú i gcomhréir le dlí bhallstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh. Ní fhéadfar na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a fheidhmiú ach amháin faoi threoir agus i láthair chomhaltaí nó fhoireann an údaráis mhaoirseachta óstaigh. Beidh comhaltaí nó foireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh faoi réir dhlí Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh.

4.   I gcás inarb amhlaidh, i gcomhréir le mír 1, go bhfuil foireann údaráis mhaoirseachta tionscnaimh ag feidhmiú i mBallstát eile, glacfaidh Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh freagracht as a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear dliteanas, i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad agus iad i mbun a n-oibríochtaí, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a mbeidh siad ag oibriú ar a chríoch.

5.   An Ballstát ar ina chríoch a rinneadh an damáiste, slánóidh sé an damáiste sin faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le damáiste a rinne a foireann féin. Ballstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a ndearna a foireann féin damáiste do dhuine ar bith i gcríoch Bhallstáit eile, cúiteoidh sé leis an mBallstát eile sin ina iomláine aon suimeanna a d'íoc sé leis na daoine a bhí ina dteideal thar a gceann sin.

6.   Gan dochar d'fheidhmiú na gceart i leith tríú páirtithe agus cé is moite de mhír 5, staonfaidh gach Ballstát, sa chás dá bhforáiltear i mír 1, ó chúiteamh damáistí a d'fhulaing sé a iarraidh ar bhallstát eile I dtaca le damáiste dá dtagraítear de bhun mhír 4.

7.   I gcás ina mbeidh oibríocht chomhpháirteach beartaithe agus nach gcomhlíonfaidh údarás maoirseachta laistigh de mhí amháin an oibleagáid a leagadh síos sa dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta eile beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 55. Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach atá le gníomhú faoi Airteagal 66(1) agus go bhfuil gá le tuairim ón mBord, nó cinneadh ceangailteach práinneach uaidh, de bhun Airteagal 66(2).

Roinn 2

Comhsheasmhacht

Airteagal 77

An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta

1.   Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t-ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo.

2.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn agus toradh an ghearáin, lena n-áirítear an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 78.

Airteagal 78

An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne údarás maoirseachta

1.   Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh a bhaineann leo a dhéanann údarás maoirseachta agus atá ina cheangal de réir dlí.

2.   Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach ábhar sonraí leigheas éifeachtach breithiúnach a bheith aige i gcás nach láimhseálann an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 agus Airteagal 56 gearán nó i gcás nach gcuireann sé an t-ábhar sonraí ar an eolas laistigh de thrí mhí maidir le dul chun cinn nó le toradh an ghearáin arna thaisceadh de bhun Airteagal 77.

3.   Tionscnófar imeachtaí i gcoinne údarás maoirseachta os comhair na gcúirteanna sa bhallstát ina bhfuil an t-údarás maoirseachta bunaithe.

4.   I gcás imeachtaí a thionscnaítear i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta ar thug an Bord tuairim nó cinneadh uaidh roimhe tríd an sásra comhsheasmhachta, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an cinneadh nó an tuairim sin ar aghaidh chuig an gCúirt.

Airteagal 79

An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí

1.   Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n-áirítear an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta de bhun Airteagal 77, beidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil ag gach ábhar sonraí i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí paearsanta nóa sonraí pearsanta i nemahchomhlíonadh an Rialachain seo.

2.   Tionscnófar imeachtaí i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí os comhair na gcúirteanna sa bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí. De rogha air sin, féadfar na himeachtaí sin a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sa bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an ábhar sonraí, ach amháin más údarás poiblí de chuid Ballstáit é an rialaitheoir nó an próiseálaí atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí.

Airteagal 80

Ionadaíocht d'ábhair sonraí

1.   Beidh an ceart ag an ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach, atá comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtacha chun leas an phobail aige nó aici, agus atá gníomhach sa réimse cosanta sonraí ó thaobh cearta agus saoirsí aahr sonraí a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint, ar sainordú é chun an gearán a thaisceadh ar a shon nó ar a son, chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 77, in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú ar a shon nó ar a son, agus chun an ceart cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 82 a fháil ar a shon nó ar a son i gcás ina bhforáiltear dó dó sin le dlí Ballstáit.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil sé de cheart ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 77, sa bhallstát sin, agus na cearta dá dtagraítear in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin Rialachán seo mar thoradh ar an bpróiseáil.

Airteagal 81

Imeachtaí a chur ar fionraí

1.   I gcás ina mbeidh faisnéis ag cúirt inniúil Ballstáit faoi imeachtaí a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, ar imeachtaí iad atá ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, rachaidh an chúirt inniúil i dteagmháil leis an gcúirt sin sa bhallstát eile chun a dhearbhú gurb ann do na himeachtaí sin.

2.   I gcás ina mbeidh imeachtaí ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, ar imeachtaí iad a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, féadfaidh aon chúirt inniúil, seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, na himeachtaí sin a chur ar fionraí.

3.   I gcás ina mbeidh na himeachtaí sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair dlínse a dhiúltú freisin, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair i leith na gcaingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.

Airteagal 83

Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh

1.   Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 4, i mír agus i mír 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.

2.   Gearrfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar dhálaí gach cáis aonair, de bhreis ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) agus i bpointe (j) d'Airteagal 58(2) nó ina n-ionad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)

cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus cineál, raon feidhme nó cuspóir na próiseála lena mbaineann á gcur san áireamh chomh maith le líon na n-ábhar sonraí do shonraí a ndearnadh difear dóibh agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;

(b)

cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;

(c)

aon ghníomhaíocht a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí chun an damáiste a bhain do na hábhair sonraí a mhaolú;

(d)

méid na freagrachta atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir siad chun feidhme de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 32 á gcur san áireamh;

(e)

aon sáruithe ábhartha a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí roimhe seo;

(f)

a mhéid comhair a bhí ann leis an údarás maoirseachta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;

(g)

na catagóirí de shonraí pearsanta a ndearna an sárú difear dóibh;

(h)

an bealach ina bhfuair an t-údarás maoirseachta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an sárú in iúl, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;

(i)

i gcás inar ordaíodh bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(2) i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí lena mbaineann maidir leis an ábhar céanna roimhe sin, ar comhlíonadh na bearta sin;

(j)

a mhéid a gcloítear le cóid iompair formheasta de bhun Airteagal 40 nó sásraí deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42; agus

(k)

aon imthosca ghéaraitheacha nó mhaolaitheacha eile is infheidhme i leith dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú.

3.   Más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d'aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí.

4.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2a, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 10 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)

na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir agus ar an bpróiseálaí de bhun Airteagal 8, Airteagal 11, Airteagal 25 go hAirteagal 26 agus Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(b)

na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(c)

na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht faireacháin de bhun Airteagal 41(4);

5.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)

na bunphrionsabail le haghaidh próiseála, lena n-áirítear coinníollacha maidir le toiliú, de bhun Airteagail 5, 6, 7 agus 9;

(b)

cearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagail 12-22;

(c)

aistrithe sonraí pearsanta chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 44 go hAirteagal 49;

(d)

aon oibleagáidí de bhun dlí Ballstáit arna nglacadh faoi Chaibidil IX;

(e)

neamh-chomhlíonadh ordaithe nó teorannaithe shealadaigh nó chinntithigh ar phróiseáil nó fionraí na sreabh sonraí ag an údarás maoirseachta de bhun Airteagal 58(2) nó mainneachtain rochtain a sholáthar de shárú ar Airteagal 58(1).

6.   Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2), i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

7.   Gan dochar do na cumhachtaí ceartúcháin atá ag údaráis mhaoirseachta de bhun Airteagal 58(2), féadfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa bhallstát sin.

8.   Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag an údarás maoirseachta faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí.

9.   I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit do ghearradh fíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta inniúil an gearradh sin a thionscnamh agus go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla é, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a ghearrfaidh na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a ghearrfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe féin a ghlacann siad de bhun na mire seo faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.


whereas

dal 2004 diritto e informatica