GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
CAIBIDIL IV
Rialaitheoir agus próiseálaí
Roinn 5
Cóid iompair agus deimhniú
Airteagal 40 Cóid iompair
1. Tabharfaidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta, an Bord agus an Coimisiún spreagadh chun cóid iompair a tharraingt suas a chuideoidh le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na n-earnálacha éagsúla próiseála á gcur san áireamh mar aon le riachtanais sonracha na micreafhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide. 2. Féadfaidh comhlachais agus comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht do chatagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe cóid iompair a ullmhú, a leasú nó síneadh a chur leo chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shonrú, amhail i dtaca leis an méid seo a leanas:
3. De bhreis ar rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir an Rialacháin seo do chloí leo, féadfaidh rialaitheoiri nó próiseálaíthe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo cloí le cóid iompair a fhormheastar de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus a bhfuil bailíocht ghinearálta acu de bhun mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo de bhun Airteagal 3 na cóid sin a chomhlíonadh freisin d'fhonn na coimircí iomchuí a sholáthar faoi chuimsiú chreat aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na téarmaí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 46(2). Déanfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe den sórt sin gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe, trí ionstraimí conarthacha nó trí ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh dlí de, chun na coimircí iomchuí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí. 4. I gcód iompair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo beidh sásraí trína mbeidh an chomhlacht dá dtagraítear in Airteagal 41(1) in ann faireachán éigeantach a dhéanamh féachaint an bhfuil a fhorálacha á gcomhlíonadh ag na rialaitheoirí agus ag na próiseálaithe a ghabhann orthu féin é a chur i bhfeidhm, gan dochar do chúraimí ná do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó 56. 5. Comhlachais agus comhlachtaí eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhfuil sé beartaithe acu cód iompair a ullmhú nó cód iompair atá ann a leasú nó síneadh a chur leis, cuirfidh siad an dréachtchód, an leasú nó an síneadh faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta tuairim faoin Rialachán seo a bheith nó gan a bheith i gcomhréir leis an dréachtchód, leis an leasú nó leis an síneadh, agus formhuineoidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh sin má chinneann sé go bhfuil coimircí iomchuí leordhóthanacha á gcur ar fáil aige. 6. I gcás ina bhformheastar an dréachtchód, an leasú nó an síneadh de bhun mhír 5, agus i gcás nach mbaineann an cód iompair lena mbaineann le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt Ballstát, cláróidh agus foilseoidh an t-údarás maoirseachta an cód. 7. I gcás ina mbaineann dréachtchód iompair le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt Ballstát, déanfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 an cód a chur faoi bhráid an Bhoird, sula bhformheasfaidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 63 agus tabharfaidh an Bord tuairim an bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, an soláthraítear coimircí iomchuí leis. 8. I gcás ina ndeimhnítear leis an tuairim dá dtagraítear i mír 7 go bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3, go gcuirtear coimircí iomchuí ar fáil leo, cuirfidh an Bord a thuairim faoi bhráid an Choimisiúin. 9. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh go mbeidh bailíocht ghinearálta san Aontas ag an cód iompair, an leasú nó an síneadh atá formheasta agus a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 8 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2). 10. Áiritheoidh an Coimisiún go bpoibleofar go cuí na cóid fhormheasta ar cinneadh bailíocht ghinearálta a bheith ag baint leo i gcomhréir le mír 9. 11. Déanfaidh an Bord na cóid iompair, na leasuithe agus na síntí uile atá formheasta a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí bhíthin bealaí iomchuí.
|
GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
IV SKYRIUS
Duomenų valdytojas ir duomenų tvarkytojas
5 skirsnis
Elgesio kodeksai ir sertifikavimas
40 straipsnis Elgesio kodeksai
1. Valstybės narės, priežiūros institucijos, Valdyba ir Komisija skatina parengti elgesio kodeksus, kuriais būtų siekiama padėti tinkamai taikyti šį reglamentą, atsižvelgiant į konkrečius įvairių su duomenų tvarkymu susijusių sektorių ypatumus ir į konkrečius labai mažų, mažųjų ir vidutinių įmonių poreikius. 2. Asociacijos ir kitos įstaigos, atstovaujančios įvairių kategorijų duomenų valdytojams arba duomenų tvarkytojams, gali parengti elgesio kodeksus arba iš dalies pakeisti ar išplėsti tokius kodeksus siekdamos nustatyti, kaip turi būti taikomas šis reglamentas, atsižvelgiant į:
3. Pagal šio straipsnio 5 dalį patvirtintų ir pagal šio straipsnio 9 dalį visuotinai galiojančių elgesio kodeksų gali laikytis ne tik duomenų valdytojai arba duomenų tvarkytojai, kuriems taikomas šis reglamentas, bet ir duomenų valdytojai ir duomenų tvarkytojai, kuriems pagal 3 straipsnį šis reglamentas netaikomas, kad užtikrintų asmens duomenų perdavimo į trečiąsias valstybes arba tarptautinėms organizacijoms tinkamas apsaugos priemones, kaip numatyta 46 straipsnio 2 dalies e punkte. Tokie duomenų valdytojai arba duomenų tvarkytojai gali prisiimti privalomus ir vykdytinus įsipareigojimus taikyti šias tinkamas apsaugos priemones, be kita ko, duomenų subjektų teisių atžvilgiu, naudodamiesi sutartinėmis arba kitomis teisiškai privalomomis priemonėmis. 4. Šio straipsnio 2 dalyje nurodytame elgesio kodekse numatomi mechanizmai, leidžiantys 41 straipsnio 1 dalyje nurodytai įstaigai vykdyti privalomą duomenų valdytojų arba duomenų tvarkytojų, kurie įsipareigoja taikyti kodeksą, šio kodekso nuostatų laikymosi stebėseną, nedarant poveikio priežiūros institucijoms, kurios yra kompetentingos pagal 55 arba 56 straipsnį, užduotimis ir įgaliojimams. 5. Šio straipsnio 2 dalyje nurodytos asociacijos ir kitos įstaigos, ketinančios parengti elgesio kodeksą arba iš dalies pakeisti ar išplėsti galiojantį kodeksą, pateikia kodekso projektą, pakeitimą ar išplėtimą priežiūros institucijai, kuri yra kompetentinga pagal 55 straipsnį. Priežiūros institucija pateikia nuomonę dėl to, ar kodekso projektas, pakeitimas ar išplėtimas atitinka šį reglamentą, ir patvirtina tokį kodekso projektą, pakeitimą ar išplėtimą, jei nustato, kad jame numatytos pakankamos tinkamos apsaugos priemonės. 6. Jeigu pagal 5 dalį patvirtinamas elgesio kodekso projektas ar pakeitimas arba išplėtimas, ir jei atitinkamas elgesio kodeksas nėra susijęs su keliose valstybėse narėse vykdoma duomenų tvarkymo veikla, priežiūros institucija užregistruoja ir paskelbia kodeksą. 7. Jeigu elgesio kodekso projektas yra susijęs su keliose valstybėse narėse vykdoma duomenų tvarkymo veikla, priežiūros institucija, kuri yra kompetentinga pagal 55 straipsnį, prieš patvirtindama kodekso projektą, pakeitimą ar išplėtimą, taikydama 63 straipsnyje nurodytą procedūrą, pateikia jį Valdybai, kuri pateikia nuomonę dėl to, ar kodekso projektas, pakeitimas ar išplėtimas atitinka šį reglamentą, arba, esant šio straipsnio 3 dalyje nurodytai situacijai, ar jame nustatytos tinkamos apsaugos priemonės. 8. Jeigu 7 dalyje nurodytoje nuomonėje patvirtinama, kad kodekso projektas, pakeitimas ar išplėtimas atitinka šį reglamentą, arba, esant 3 dalyje nurodytai situacijai, jame nustatytos tinkamos apsaugos priemonės, Valdyba pateikia savo nuomonę Komisijai. 9. Komisija įgyvendinimo aktais gali nuspręsti, kad pagal šio straipsnio 8 dalį jai pateiktas patvirtinti elgesio kodeksas, pakeitimas ar išplėtimas visuotinai galioja Sąjungoje. Tie įgyvendinimo aktai priimami laikantis 93 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros. 10. Komisija užtikrina, kad patvirtinti kodeksai, kurie sprendimu pagal 9 dalį pripažinti visuotinai galiojančiais, būtų tinkamai skelbiami viešai. 11. Valdyba įtraukia į registrą visus patvirtintus elgesio kodeksus, pakeitimus ir išplėtimus ir padaro juos viešai prieinamus naudodamasi atitinkamomis priemonėmis.
|
dal 2004 diritto e informatica