interactive GDPR 2016/0679 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- sonraí 20
- agus 19
- chun 18
- pearsanta 12
- críocha 7
- bhfuil 7
- ceart 6
- próiseáil 6
- chaibidil 6
- bhun 5
- faoi 5
- rialaitheoir 5
- léirscriosadh 5
- fháil 4
- dlí 4
- oibleagáid 4
- airteagal 4
- faisnéis 4
- tuairimí 4
- airteagal 4
- leis 4
- nochtadh 4
- ballstáit 4
- próiseála 3
- t-ábhar 3
- chosaint 3
- leas 3
- phobail 3
- lena 3
- chur 3
- ndéanfar 3
- atá 3
- réir 3
- dhlí 3
- gcás 3
- ndéanfaí 3
- mhoill 3
- léirithe 2
- dtagraítear 2
- fáil 2
- i 2
- acadúil 2
- iriseoireachta 2
- liteartha 2
- aontais 2
- feidhm 2
- forálacha 2
- faoina 2
- mhír 2
- ealaíne 2
Airteagal 17
An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”)
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan mhoill mhíchuí agus beidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais seo a leanas:
(a) | níl na sonraí riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó a próiseáladh iad; |
(b) | tarraingíonn an t-ábhar sonraí siar a thoiliú a bhfuil an phróiseáil bunaithe air i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(1) nó le pointe (a) d'Airteagal 9(2) agus i gcás nach bhfuil aon fhoras dlíthiúil eile leis an bpróiseáil; |
(c) | déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(1) agus ní ann d'fhorais dhlisteanacha sháraitheacha maidir leis an bpróiseáil, nó déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(2); |
(d) | rinneadh próiseáil mhídhleathach ar na sonraí pearsanta; |
(e) | is gá na sonraí pearsanta a léirscriosadh le go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir; |
(f) | bailíodh na sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thairiscint. |
2. I gcás inar chuir an rialaitheoir na sonraí pearsanta ar fáil don phobal agus ina bhfuil sé d'oibleagáid air de bhun mhír 1 na sonraí pearsanta a léirscriosadh, déanfaidh an rialaitheoir, agus an teicneolaíocht atá ar fáil agus costas an chur chun feidhme á gcur san áireamh, bearta réasúnta, lena n-áirítear bearta teicniúla, chun na rialaitheoirí a bhfuil próiseáil á déanamh acu a chur ar an eolas faoi go bhfuil sé iarrtha ag an ábhar sonraí go ndéanfadh rialaitheoirí den sórt sin aon nasc leis na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh nó aon chóip nó aon mhacasamhlú de na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh.
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 a mhéid go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach sna cásanna seo a leanas:
(a) | chun an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú; |
(b) | chun go gcomhlíonfar oibleagáid dhlíthiúil lena n-éilítear próiseáil le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir; |
(c) | ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí i gcomhréir le pointe (h) agus le pointe (i) d'Airteagal 9(2) chomh maith le hAirteagal 9(3); |
(d) | chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) a mhéid is dócha nach féidir cuspóirí na próiseala sin a ghnóthú nó go ndéanfaí dochar dá ngnóthú de bharr an chirt dá dtagraítear i mír 1; nó |
(e) | chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint. |
Airteagal 85
Próiseáil agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil
1. Déanfaidh na Ballstáit réiteach de réir dlí idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear próiseáil chun críocha iriseoireachta agus chun críocha léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha.
2. I gcás próiseáil a dhéantar chun críocha iriseoireachta nó chun críche léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha, déanfaidh na Ballstáit foráil do dhíolúintí nó do mhaoluithe ó Chaibidil II (prionsabail), Chaibidil III (cearta an ábhair sonraí ), Chaibidil IV (an rialaitheoir agus an próiseálaí), Chaibidil V (sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta), Chaibidil VI (údaráis mhaoirseachta neamhspleácha), Chaibidil VII (comhar agus comhsheasmhacht) agus Caibidil X (staideanna sonracha próiseála sonraí) má tá gá leo chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.
3. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha ina dhlí atá glactha aige de bhun mhír 2 agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.
whereas
dal 2004 diritto e informatica