search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: 'chaibidil' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index chaibidil:


whereas chaibidil:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 691

 

Airteagal 2

Raon feidhme ábhartha

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

(b)

má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme chaibidil 2 de Theideal V CAE;

(c)

má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;

(d)

má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

3.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.

4.   Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.

Airteagal 41

Faireachán a dhéanamh ar chóid fhormheasta iompair

1.   Gan dochar do chúraimí ná do chumhachtaí an údaráis mhaoirseachta atá inniúil faoi Airteagal 57 agus Airteagal 58, comhlacht a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais aige maidir le hábhar an chóid agus a bhfuil creidiúnú aige chun na críche sin ón údarás inniúil maoirseachta, féadfaidh sé faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an chóid iompair de bhun Airteagal 40.

2.   Féadfar creidiúnú a thabhairt do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cóid iompair, más fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhlacht sin:

(a)

tá sé taispeáinte aige go bhfuil sé neamhspleách agus go bhfuil saineolas aige maidir le hábhar an chóid chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta;

(b)

tá nósanna imeachta bunaithe aige a chuirfeadh ar a chumas incháilitheacht na rialaitheoirí agus na bpróiseálaithe lena mbaineann a mheas chun an cód a chur i bhfeidhm, faireachán a dhéanamh ar a mhéid atá forálacha an chóid á gcomhlíonadh acu agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar fheidhmiú an chóid;

(c)

tá nósanna imeachta agus struchtúir bunaithe aige chun gearáin a láimhseáil maidir le sáruithe ar an gcód nó maidir leis an mbealach ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an cód i bhfeidhm nó maidir leis an mbealach a bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, agus na nósanna imeachta sin agus na struchtúir sin a chur in iúl ar bhealach trédhearcach do na hábhair sonraí agus don phobal; agus

(d)

tá sé taispeáinte aige chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta nach ngabhann coinbhleachtaí leasa leis na cúraimí ná leis na dualgais atá air.

3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta na dréachtchritéir maidir le creidiúnú a thabhairt do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi bhráid an Bhoird de bhun an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

4.   Gan dochar do chúraimí agus cumhachtaí an údaráis inniúil maoirseachta ná d'fhorálacha chaibidil VIII, glacfaidh comhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, bearta faoi leith, faoi réir coimircí iomchuí, i gcás ina sáróidh rialaitheoir nó próiseálaí an cód, lena n-áirítear an rialaitheoir nó an próiseálaí lena mbaineann a chur ar fionraí nó a eisiamh ón gcód. Cuirfidh sé na bearta sin in iúl don údarás inniúil maoirseachta mar aon leis na cúiseanna ar ghlac sé iad.

5.   Cúlghairfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an creidiúnú a thabharfar do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 mura gcomhlíontar coinníollacha an chreidiúnaithe nó mura mbíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó más rud é go sáraíonn bearta a ghalcann an comhlacht an Rialachán seo.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann údaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí.

Airteagal 43

Comhlachtaí deimhniúcháin

1.   Gan dochar do chúraimí agus cumhachtaí an údaráis inniúil mhaoirseachta faoi Airteagal 57 agus Airteagal 58, déanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais acu i ndáil le cosaint sonraí, tar éis dóibh an t-údarás maoirseachta a chur ar an eolas le go mbeidh sé in ann a chumhachtaí a fheidhmiú de bhun phointe (h) d'Airteagal 58(2) nuair is gá sin, an deimhniú a eisiúint agus a athnuachan. Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go bhfuil na comhlachtaí deimhniúcháin sin creidiúnaithe ag ceann amháin nó ag an dá cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó Airteagal 56;

(b)

an comhlacht náisiúnta um chreidiúnú arna ainmniú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) i gcomhréir le EN-ISO/IEC 17065/2012 mar aon leis na ceanglais bhreise a shuí an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó Airteagal 56.

2.   Ní dhéanfar creidiúnú a thabhairt do na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an mír sin ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá sé taispeáinte acu go bhfuil siad neamhspleách agus go bhfuil saineolas acu maidir le hábhar an deimhnithe chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta;

(b)

ghabh siad de láimh na critéir a urramú dá dtagraítear in Airteagal 42(5) agus a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63;

(c)

tá nósanna imeachta curtha ar bun acu chun séalaí agus marcanna cosanta sonraí a eisiúint, a athbhreithniú go tráthrialta agus a tharraingt siar;

(d)

tá nósanna imeachta agus struchtúir bunaithe acu chun gearáin a láimhseáil maidir le sáruithe ar an deimhniú nó maidir leis an mbealach ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an deimhniú i bhfeidhm nó maidir leis an mbealach a bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, agus na nósanna imeachta sin agus na struchtúir sin a chur in iúl ar bhealach trédhearcach do na hábhair sonraí agus don phobal; agus

(e)

tá sé taispeáinte acu chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta nach ngabhann coinbhleachtaí leasa leis na cúraimí ná leis na dualgais atá orthu.

3.   Déanfar creidiúnú na gcomhlachtaí deimhniúcháin amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn na gcritéar a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63. I gcás creidiúnú de bhun phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfar, leis na ceanglais sin, na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus na rialacha teicniúla lena ndéantar cur síos ar mhodhanna agus ar nósanna imeachta na gcomhlachtaí deimhniúcháin a chomhlánú.

4.   Beidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 freagrach as measúnú ceart a dhéanamh, a mbeidh an deimhniú nó tarraingt siar an deimhnithe mar thoradh air, gan dochar don fhreagracht atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh. Eiseofar an creidiúnú le haghaidh uastréimhse cúig bliana agus féadfar é a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

5.   Tabharfaidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 na cúiseanna do na húdaráis inniúla mhaoirseachta ar tugadh nó nar tarraingíodh siar an deimhniú a iarradh dá mbarr.

6.   Poibleoidh an t-údarás maoirseachta na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 42(5), i bhfoirm a bhfuil sé easca rochtain a fháil uirthi. Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta na ceanglais agus na critéir sin chuig an mBord. Déanfaidh an Bord na sásraí deimhniúcháin ar fad agus na séalaí cosanta sonraí a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí aon bhealach iomchuí.

7.   Gan dochar do chaibidil VIII, cúlghairfidh an t-údarás inniúil maoirseachta nó an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú a thug sé do chomhlacht deimhniúcháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo mura gcomhlíontar na coinníollacha don chreidiúnú nó mura mbíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó más rud é go sáraíonn na bearta a dhéanann comhlacht deimhniúcháin an Rialachán seo.

8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92, chun na critéir agus na ceanglais atá le cur san áireamh leis na sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42(1).

9.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos caighdeáin theicniúla do shásraí deimhniúcháin agus do shéalaí agus marcanna cosanta sonraí, agus do shásraí chun na sásraí deimhniúcháin, séalaí agus marcanna sin a chur chun cinn agus a aithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

CAIBIDIL V

Aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha nó go heagraíochtaí idirnáisiúnta

Airteagal 44

Prionsabal ginearálta maidir le haistrithe

Aon sonraí pearsanta atá á bpróiseáil nó atá beartaithe lena bpróiseáil tar éis iad a aistriú go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, ní dhéanfar iad a aistriú ach amháin má chomhlíonann an rialaitheoir agus an próiseálaí, faoi réir na bhforálacha eile atá sa Rialachán seo, na coinníollacha atá leagtha síos sa chaibidil seo, lena n-áirítear na coinníollacha a bhaineann le sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta eile. Cuirfear na forálacha ar fad sa chaibidil seo i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbaintear an bonn den leibhéal cosanta do dhaoine nádúrtha a ráthaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 58

Cumhachtaí

1.   Beidh na cumhachtaí imscrúdaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

ordú a thabhairt don rialaitheoir agus don phróiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, d'ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, aon fhaisnéis a éilíonn sé ar mhaithe lena chúraimí a chomhlíonadh a chur ar fáil dó;

(b)

imscrúduithe a dhéanamh i bhfoirm iniúchtaí ar chosaint sonraí;

(c)

athbhreithniú a dhéanamh ar dheimhnithe a eisíodh de bhun Airteagal 42(7);

(d)

fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí faoi shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar an Rialachán seo;

(e)

rochtain a fháil, ón rialaitheoir agus ón bpróiseálaí, ar na sonraí pearsanta ar fad agus ar gach faisnéis is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh; agus

(f)

rochtain a fháil ar aon áitreabh de chuid an rialaitheora agus an phróiseálaí, lena n-áirítear ar aon trealamh agus ar aon mhodh próiseála sonraí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí nós imeachta náisiúnta Ballstáit.

2.   Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

fógraí rabhaidh a thabhairt do rialaitheoir nó do phróiseálaí ina gcuirtear in iúl gur dóchúil go sárófar forálacha an Rialacháin seo leis na hoibríochtaí próiseála a bheartaítear;

(b)

iomarduithe a eisiúint do rialaitheoir nó do phróiseálaí i gcás ina bhfuil oibríochtaí próiseála tar éis forálacha an Rialacháin seo a shárú;

(c)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí iarrataí an ábhair sonraí a chomhlíonadh maidir lena chearta a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo;

(d)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus, nuair is iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe;

(e)

ordú a thabhairt don rialaitheoir sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí;

(f)

teorainn shealadach nó bhuan a fhorchur lena n-áirítear cosc ar phróiseáil;

(g)

ordú a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó go ndéanfaí próiseáil a shrianadh de bhun Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18 agus go gcuirfí na faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta sin dóibh ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin de bhun Airteagal 17(2) agus Airteagal 19;

(h)

deimhniú a tharraingt siar nó ordú a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin deimhniú a tharraingt siar ar deimhniú é a eisíodh de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43, nó ordú a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin gan deimhniú a eisiúint mura bhfuil na ceanglais don deimhniú á gcomhlíonadh nó mura bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(i)

fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear sa mhír seo nó ina n-ionad, ag brath ar dhálaí gach cáis faoi leith; agus

(j)

ordú a thabhairt sreabha sonraí chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a fhionraí.

3.   Beidh na cumhachtaí údaraithe agus comhairleacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

comhairle a thabhairt don rialaitheoir i gcomhréir leis an nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36;

(b)

tuairimí a thabhairt, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air, don pharlaimint náisiúnta, do rialtas an Bhallstáit nó, i gcomhréir lei dlí Ballstáit, do na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile agus don phobal, maidir le haon saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta;

(c)

próiseáil dá dtagraítear in Airteagal 36(5) a údarú, má tá réamhúdarú den sórt sin riachtanach i ndlí an Bhallstáit;

(d)

tuairim a thabhairt agus dréachtchóid iompair a fhormheas de bhun Airteagal 40(5);

(e)

comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú de bhun Airteagal 43;

(f)

deimhnithe a eisiúint agus critéir deimhniúcháin a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 42(5);

(g)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d'Airteagal 46(2) a ghlacadh;

(h)

clásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 46(3) a údarú;

(i)

socruithe riaracháin dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 46(3) a údarú;

(j)

rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47.

4.   Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thabharfar don údarás maoirseachta de bhun an Airteagail seo faoi réir coimircí iomchuí, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí, atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit i gcomhréir leis an gCairt.

5.   Forálfaidh gach Ballstát le dlí go mbeidh de chumhacht ag a údarás maoirseachta sáruithe ar an Rialachán seo a thabahirt os comhair na n-údarás breithiúnach agus, i gcás inarb iomchuí, imeachtaí dlíthiúla a thosú nó dul ina mbun ar bhealach eile d'fhonn forálacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú.

6.   Féadfaidh gach Ballstát a fhoráil le dlí go mbeidh cumhachtaí breise ag a údarás maoirseachta chomh maith leo siúd dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3. Ní chuirfidh oibriú na gcumhachtaí sin isteach ar fheidhmiú éifeachtach chaibidil VII.

Airteagal 83

Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh

1.   Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 4, i mír agus i mír 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.

2.   Gearrfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar dhálaí gach cáis aonair, de bhreis ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) agus i bpointe (j) d'Airteagal 58(2) nó ina n-ionad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)

cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus cineál, raon feidhme nó cuspóir na próiseála lena mbaineann á gcur san áireamh chomh maith le líon na n-ábhar sonraí do shonraí a ndearnadh difear dóibh agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;

(b)

cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;

(c)

aon ghníomhaíocht a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí chun an damáiste a bhain do na hábhair sonraí a mhaolú;

(d)

méid na freagrachta atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir siad chun feidhme de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 32 á gcur san áireamh;

(e)

aon sáruithe ábhartha a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí roimhe seo;

(f)

a mhéid comhair a bhí ann leis an údarás maoirseachta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;

(g)

na catagóirí de shonraí pearsanta a ndearna an sárú difear dóibh;

(h)

an bealach ina bhfuair an t-údarás maoirseachta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an sárú in iúl, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;

(i)

i gcás inar ordaíodh bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(2) i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí lena mbaineann maidir leis an ábhar céanna roimhe sin, ar comhlíonadh na bearta sin;

(j)

a mhéid a gcloítear le cóid iompair formheasta de bhun Airteagal 40 nó sásraí deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42; agus

(k)

aon imthosca ghéaraitheacha nó mhaolaitheacha eile is infheidhme i leith dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú.

3.   Más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d'aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí.

4.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2a, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 10 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)

na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir agus ar an bpróiseálaí de bhun Airteagal 8, Airteagal 11, Airteagal 25 go hAirteagal 26 agus Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(b)

na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(c)

na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht faireacháin de bhun Airteagal 41(4);

5.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)

na bunphrionsabail le haghaidh próiseála, lena n-áirítear coinníollacha maidir le toiliú, de bhun Airteagail 5, 6, 7 agus 9;

(b)

cearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagail 12-22;

(c)

aistrithe sonraí pearsanta chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 44 go hAirteagal 49;

(d)

aon oibleagáidí de bhun dlí Ballstáit arna nglacadh faoi chaibidil IX;

(e)

neamh-chomhlíonadh ordaithe nó teorannaithe shealadaigh nó chinntithigh ar phróiseáil nó fionraí na sreabh sonraí ag an údarás maoirseachta de bhun Airteagal 58(2) nó mainneachtain rochtain a sholáthar de shárú ar Airteagal 58(1).

6.   Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2), i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

7.   Gan dochar do na cumhachtaí ceartúcháin atá ag údaráis mhaoirseachta de bhun Airteagal 58(2), féadfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.

8.   Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag an údarás maoirseachta faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí.

9.   I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit do ghearradh fíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta inniúil an gearradh sin a thionscnamh agus go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla é, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a ghearrfaidh na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a ghearrfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe féin a ghlacann siad de bhun na mire seo faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 85

Próiseáil agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

1.   Déanfaidh na Ballstáit réiteach de réir dlí idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear próiseáil chun críocha iriseoireachta agus chun críocha léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha.

2.   I gcás próiseáil a dhéantar chun críocha iriseoireachta nó chun críche léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha, déanfaidh na Ballstáit foráil do dhíolúintí nó do mhaoluithe ó chaibidil II (prionsabail), chaibidil III (cearta an ábhair sonraí ), chaibidil IV (an rialaitheoir agus an próiseálaí), chaibidil V (sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta), chaibidil VI (údaráis mhaoirseachta neamhspleácha), chaibidil VII (comhar agus comhsheasmhacht) agus Caibidil X (staideanna sonracha próiseála sonraí) má tá gá leo chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

3.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha ina dhlí atá glactha aige de bhun mhír 2 agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.


whereas

dal 2004 diritto e informatica