search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: 'treoir' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
 

Airteagal 2

Raon feidhme ábhartha

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

(b)

má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;

(c)

má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;

(d)

má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

3.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.

4.   Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den treoir sin.

Airteagal 28

An próiseálaí

1.   I gcás ina mbeidh próiseáil le déanamh thar ceann rialaitheora, ní bhainfidh an rialaitheoir úsáid ach as próiseálaithe a thugann ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfear bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfaidh an phróiseáil ceanglais an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcosnófar cearta an ábhair sonraí.

2.   Ní fhostóidh próiseálaí cúnamh próiseálaí eile, gan údarú sonrach nó ginearálta a fháil ón rialaitheoir i scríbhinn. sin, i gcás údaraithe sonraigh nó ghinearálta, déanfaidh an próiseálaí an rialaitheoir a chur ar an eolas i gcónaí maidir le haon athrú a bheadh beartaithe a bhaineann le próiseálaithe a chur leis nó in ionad próiseálaithe eile, sa chaoi go mbeadh deis ag an rialaitheoir agóid a dhéanamh i gcoinne athruithe den chineál sin.

3.   Rialófar an phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí le conradh nó le gníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir ó thaobh dlí agus ina leagtar amach ábhar agus fad na próiseála, cineál agus críoch na próiseála, cineál na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí do na sonraí agus oibleagáidí agus cearta an rialaitheora. Foráilfear sa chonradh nó sa ghníomh dlíthiúil eile go ndéanfaidh an próiseálaí an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

ní phróiseálfaidh sé na sonraí pearsanta ach amháin ar threoracha doiciméadaithe a fháil ón rialaitheoir chuige sin, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura n-éilítear an phróiseáil sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit ar faoina réir atá an próiseálaí; agus sa chás sin, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir in iúl faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfar an phróiseáil, ach amháin mura gcoisctear an fhaisnéis sin faoin dlí sin ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí;

(b)

áiritheoidh sé go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun na sonraí pearsanta a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí;

(c)

déanfaidh sé gach beart is gá de bhun Airteagal 32;

(d)

urramóidh sé na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus 4 faoina bhfostófar próiseálaí eile;

(e)

agus cineál na próiseála á chursan áireamh, cuideoidh sé leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III;

(f)

cúnamh a thabhairt don rialaitheoir chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 36, á chur san áireamh dó cineál na próiseála agus an fhaisnéis atá ar fáil don phróiseálaí;

(g)

ar rogha an rialaitheora, tabharfaidh sé na sonraí pearsanta uile ar ais don rialaitheoir nó scriosfaidh sé iad, tar éis dheireadh sholáthar na seirbhísí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí agus na cóipeanna atá ar marthain a scriosadh, mura rud é go n-éilíonn dlí an Aontais nó dlí Ballstáit go ndéanfar na sonraí údarú sonrach nó ginearálta sin a stóráil; agus

(h)

cuirfidh sé ar fáil don rialaitheoir an fhaisnéis uile is gá chun comhlíonadh na n-oibleagáidí atá leagtha síos san Airteagal seo a thaipseáint agus ceadóidh sé go ndéanfaidh an rialaitheoir nó iniúchóir eile dá dtabharfaidh an rialaitheoir sainordú, iniúchtaí, lena n-áirítear cigireachtaí, agus beidh baint aige leis na hiniúchtaí agus leis na cigireachtaí sin.

I dtaca le pointe (h) den chéad fhomhír, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas láithreach, más rud é, ina thuairim, go sáraíonn treoir an Rialachán seo nó forálacha maidir le cosaint sonraí de chuid an Aontais nó Ballstáit.

4.   I gcás ina bhfostóidh próiseálaí cúnamh próiseálaí eile d'fhonn gníomhaíochtaí sonracha próiseála a chur i gcrích thar ceann an rialaitheora, déanfar na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna atá leagtha amach sa chonradh nó i ngníomh dlíthiúil eile idir an rialaitheoir agus an próiseálaí dá dtagraítear i mír 2 a fhorchur ar an bpróiseálaí eile, trí chonradh nó trí ghníomh dlíthiúil eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit, lena dtabharfar go háirithe ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfear na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfaidh an phróiseáil ceanglais an Rialacháin seo. I gcás ina mainníonn an próiseálaí eile a oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh, beidh an chéad phróiseálaí go hiomlán dlite don rialaitheoir as feidhmiú oibleagáidí an phróiseálaí eile.

5.   Má chloíonn próiseálaí le cód formheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásra deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar eilimint le ráthaíochtaí leordhóthanacha iomchuí amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 den Airteagal seo a thaispeáint.

6.   Gan dochar do chonradh aonair idir an rialaitheoir agus an próiseálaí, féadfaidh an conradh nó an gníomh dlíthiúil eile dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo a bheith bunaithe, go hiomlán nó go páirteach, ar chlásail chaighdeánacha chonarthacha dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo, lena n-áirítear nuair atá siad mar chuid de dheimhniúchán a dheonaítear don rialaitheoir nó don phróiseálaí de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43.

7.   Féadfaidh an Coimisiún clásail chaighdeánacha chonarthacha a leagan síos le haghaidh na n-ábhar dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

8.   Féadfaidh údarás maoirseachta clásail chaighdeánacha chonarthacha a ghlacadh le haghaidh na n-ábhar dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

9.   Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh an conradh nó an gníomh dlíthiúil eile dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4.

10.   Gan dochar d'Airteagal 82, d'Airteagal 83 agus d'Airteagal 84, má sháraíonn próiseálaí an Rialachán seo trí chríocha agus modhanna na próiseála a chinneadh, measfar gur rialaitheoir é an próiseálaí i ndáil leis an bpróiseáil sin.

Airteagal 38

Post an oifigigh cosanta sonraí

1.   Áiritheoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí go bhfuil baint ag an oifigeach cosanta sonraí, go cuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Tacóidh an rialaitheoir agus an próiseálaí leis an oifigeach cosanta sonraí agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 39 á gcur i gcrích aige trí na hacmhainní is gá a chur ar fáil dó chun na cúraimí sin a chur i gcrích agus áiritheoidh siad go mbeidh rochtain aige ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála, agus chun a shaineolas nó a saineolas a choinneáil.

3.   Áiritheoidh an rialaitheoir agus an próiseálaí nach bhfaighidh an t-oifigeach cosanta sonraí treoir ar bith maidir leis na cúraimí sin a chur i gcrích. Ní ghearrfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí pionós air nó uirthi ná ní chuirfidh siad as a phost nó a post é nó í as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh. Tabharfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí tuairisc go díreach do leibhéal bainistíochta is airde an rialaitheora nó an phróiseálaí.

4.   Féadfaidh ábhair sonraí dul i dteagmháil leis an oifigeach cosanta sonraí maidir le haon saincheist a bhaineann le próiseáil a sonraí agus maidir le feidhmiú a gceart faoin Rialachán seo.

5.   Beidh an t-oifigeach cosanta sonraí faoi cheangal sicréideachta nó rúndachta maidir le comhlíonadh a chúraimí nó a cúraimí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.

6.   Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí cúraimí eile agus dualgais eile a chomhlíonadh. Áiritheoidh an rialaitheoir nó an próiseálaí nach n-eascraíonn coinbhleacht leasa as na cúraimí ná as na dualgais sin.

Airteagal 46

Aistrithe faoi réir coimircí iomchuí

1.   I gcás nach mbeidh cinneadh déanta de bhun Airteagal 45(3), ní fhéadfaidh rialaitheoir ná próiseálaí sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír ná go heagraíocht idirnáisiúnta ach amháin má tá coimircí iomchuí soláthraithe ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, agus ar an gcoinníoll go bhfuil cearta in-fhorfheidhmithe agus réitigh éifeachtacha dlí ar fáil d'ábhair sonraí.

2.   Féadfar foráil a dhéanamh do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, gan aon údarú sonrach a bheith ag teastáil ó údarás maoirseachta, trí:

(a)

ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí agus in-fhorfheidhmithe idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí;

(b)

rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir le hAirteagal 47;

(c)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);

(d)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag údarás maoirseachta agus arna bhformheas ag an gCoimisiún de bhun an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);

(e)

cód iompair formheasta de bhun Airteagal 40 i dteannta gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí; nó

(f)

sásra deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42 i dteannta le gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

3.   Faoi réir an údaraithe ón údarás inniúil maoirseachta, féadfar foráil a dhéanamh freisin do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, ó:

(a)

clásail chonarthacha idir an rialaitheoir nó an próiseálaí agus an rialaitheoir, an próiseálaí nó faighteoir na sonraí pearsanta sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta; nó

(b)

forálacha le cur isteach i socruithe riaracháin idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí, lena n-áirítear cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe do na hábhair sonraí.

4.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Leanfaidh údaruithe ó Bhallstát nó ó údarás maoirseachta de bheith bailí ar bhonn Airteagal 26(2) de Threoir 95/46/CE go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta sin iad a leasú nó a aisghairm nó go gcuirfidh sé údaruithe eile ina n-ionad, más gá. Beidh feidhm ag na cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 26(4) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a athchur nó a aisghairm, más gá, le treoir ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 70

Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí

1.   Áiritheoidh an Bord go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Chuige sin, déanfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin, nó, i gcás inarb ábhartha, arna iarraidh sin don Choimisiún, an méid seo leanas go háirithe:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar an Rialachán seo agus áiritheoidh sé go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 64 agus in Airteagal 65, gan dochar do na cúraimí a bheidh ar na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta;

(b)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le haon tsaincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta san Aontas, lena n-áirítear aon leasuithe atá beartaithe maidir leis an Rialachán seo;

(c)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an bhformáid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta le haghaidh rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(d)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr maidir le nósanna imeachta a bhaineann le naisc chuig sonraí pearsanta, agus cóipeanna nó macasamhlaithe na sonraí sin, a léirscriosadh ó sheirbhísí cumarsáide atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear in Airteagal 17(2);

(e)

scrúdóidh sé, ar a thionscnamh féin, arna iarraidh sin do chomhalta dá chuid nó don Choimisiún, ceist ar bith lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr a eisiúint do na húdaráis mhaoirseachta d'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a spreagadh;

(f)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo d'fhonn na critéir agus na coinníollacha maidir le cinntí atá bunaithe ar phróifíliú de bhun Airteagal 22(2) a shonrú tuilleadh;

(g)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo le haghaidh na sáruithe ar na sonraí pearsanta a shuíomh agus le cinneadh a dhéanamh maidir leis an moill mhíchuí dá dtagraítear inAirteagal 33 (1) agus (2), agus maidir leis na himthosca ar leith ina gceanglaítear ar rialaitheoir nó próiseálaí fógraa a thbahairt maidir leis an sárú i ndáil le sonraí pearsantal;

(h)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo maidir leis na himthosca inar dócha go ráineodh ardriosca atá ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) i gcás ina ndéanfar sárú ar shonraí pearsanta.

(i)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo chun na critéir agus na ceanglais a shonrú tuilleadh maidir le haistrithe sonraí pearsanta atá bunaithe ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a gcloíonn rialaitheoirí leo agus rialacha ceangailteacha corparáideacha a gcloíonn próiseálaithe leo agus maidir le tuilleadh ceanglas riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar cosaint ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí lena mbaineann, arb ábhar do na sonraí iad, dá dtagraítear in Airteagal 47;

(j)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den Airteagal seo ar mhaithe leis na critéir agus na ceanglais chun na haistrithe sonraí pearsanta arna mbunú ar Airteagal 49(1) a shonrú tuilleadh;

(k)

tarraingeoidh sé suas treoirlínte d'údaráis mhaoirseachta maidir le bearta dá dtagraítear inAirteagal 58 (1), (2) agus (4) a chur i bhfeidhm agus maidir le fíneálacha riaracháin a shocrú de bhun Airteagal 83;

(l)

athbhreithneoidh sé cur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte, na moltaí agus na ndea-chleachtas dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f);

(m)

eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) de mhír 1 chun nósanna imeachta coiteanna a bhunú trína bhféadfaidh daoine nádúrtha tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe ar an Rialachán seo de bhun Airteagal 54(2);

(n)

déanfaidh sé tarraingt suas na gcód iompair a spreagadh agus sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú de bhun Airteagal 40 agus de bhun Airteagal 42;

(o)

déanfaidh sé creidiúnú ar na comhlachtaí deimhniúcháin agus déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil air de bhun Airteagal 43a agus coinneoidh sé clár poiblí de na comhlachtaí creidiúnaithe de bhun Airteagal 43(6), agus déanfaidh sé amhlaidh i leith na rialaitheoirí creidiúnaithe nó na bpróiseálaithe creidiúnaithe atá bunaithe i dtríú tíortha de bhun Airteagal 42(7);

(p)

sonróidh sé na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 43(3) i dtaca leis na comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú faoi Airteagal 42;

(q)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún maidir leis na ceanglais deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(8);

(r)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún maidir leis na deilbhíní dá dtagraítear in Airteagal 12(7);

(s)

tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún le haghaidh measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an leibhéil chosanta i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear le haghaidh measúnú a dhéanamh féachaint an ndéanann nó nach ndéanann tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó sa tríú tír sin,, nó eagraíocht idirnáisiúnta, leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú a thuilleadh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na doiciméid uile is gá, lena n-áirítear comhfhreagras le rialtas an tríú tír, dtaca leis an tríú tír sin, an críoch sin nó leis an earnáil phróiseála shonraithe sin nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta, a sholáthar don Bhord.

(t)

eiseoidh sé tuairimí ar dhréachtchinntí ó údaráis mhaoirseachta de bhun an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear inAirteagal 64(1)ar ábhair a thíolacfar de bhun Airteagal 64(2) agus eiseoidh sé cinntí ceangailteacha de bhun Airteagal 65, lena n-áirítear i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 66;

(u)

déanfaidh sé an comhar agus an malartú éifeachtach déthaobhach agus iltaobhach faisnéise agus dea=chleachtas idir na húdaráis mhaoirseachta a chur chun cinn;

(v)

cuirfidh sé cláir choiteanna oiliúna chun cinn agus éascóidh sé malartuithe pearsanra idir na húdaráis mhaoirseachta agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha nó le húdaráis mhaoirseachta eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(w)

déanfaidh sé an malartú faisnéise agus doiciméad ar reachtaíocht agus ar chleachtas um chosaint sonraí a chur chun cinn le húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí ar fud an domhain.

(x)

tabharfaidh sé tuairimí uaidh maidir le cóid iompair arna dtarraingt suas ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 40(9); agus

(y)

coinneoidh sé clár leictreonach a mbeidh rochtain ag an bpobal air i dtaobh cinntí a rinne údaráis mhaoirseachta agus cúirteanna maidir le saincheisteanna a láimhseáladh sa sásra comhsheasmhachta.

2.   I gcás ina n-iarrann an Coimisiún comhairle ar an mBord, féadfaidh sé teorainn ama a shonrú, agus práinn an ábhair á cur san áireamh.

3.   Cuirfidh an Bord a thuairimí, a threoirlínte, a mholtaí agus a dhea-chleachtais ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 87 agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.

4.   Rachaidh an Bord, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus tabharfaidh sé an deis dóibh a mbarúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnach. Déanfaidh an Bord, gan dochar d'Airteagal 76, torthaí an nós imeachta comhairliúcháin a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 71

Tuarascálacha

1.   Tarraingeoidh an Bord suas tuarascáil bhliantúil ar chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil san Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Déanfar an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí agus é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

2.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil athbhreithniú ar chur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte, na moltaí agus na ndea-chleachtas dá dtagraítear i bpointe (l) d'Airteagal 70(1), chomh maith leis na cinntí ceangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 65.

Airteagal 94

treoir 95/46/CE a aisghairm

1.   Déantar treoir 95/46/CE a aisghairm an 25 Bealtaine 2018.

2.   Déanfar aon tagairtí don treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Déanfar aon tagairtí don Mheitheal um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil a bunaíodh le hAirteagal 29 de Threoir 95/46/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí a bhunaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 95

An gaol le treoir 2002/58/CE

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo oibleagáidí breise a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le próiseáil i dtaobh soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chuirtear ar fáil go poiblí i líonraí cumarsáide poiblí san Aontas, maidir le hábhair a bhfuil siad faoi réir oibleagáidí sonracha ina dtaobh a bhfuil an chríoch chéanna leo is atá leagtha amach i dtreoir 2002/58/CE.

Airteagal 99

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Aibreán 2016

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.A. HENNIS-PLASSCHAERT


(1)  IO C 229, 31.7.2012, lch. 90.

(2)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 127.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 8 Aibreán 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Aibreán 2016.

(4)  treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(5)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (C(2003) 1422) (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(6)  Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(7)  treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghnoimhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (féach leathanach 89 den Iris Oifigiúil seo)

(8)  treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an treoir um thrádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(9)  treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(10)  treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (IO L 354, 31.12.2008, lch. 70).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch 1).

(14)  treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(17)  IO C 192, 30.6.2012, lch. 7.

(18)  treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(19)  treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).


whereas

dal 2004 diritto e informatica