interactive GDPR 2016/0679 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- airteagal 11
- sonraí 10
- agus 6
- ceart 6
- chun 6
- atá 5
- cearta 4
- bhfuil 4
- ballstáit 4
- rialaitheoir 4
- próiseálaí 3
- fháil 3
- ábhar 3
- ábhair 3
- thaisceadh 3
- shon 3
- leigheas 3
- gearán 3
- pearsanta 2
- thoradh 2
- fheidhmiú 2
- comhair 2
- dá dtagraítear 2
- údarás 2
- eagraíocht 2
- dlí 2
- chomhlacht 2
- poiblí 2
- bhallstát 2
- rialachán 2
- gcúirteanna 2
- dtagraítear 2
- maoirseachta 2
- bhun 2
- gcás 2
- faoin 2
- gcoinne 2
- lena 2
- breithiúnach 2
- éifeachtach 2
- gníomhach 1
- mheasann 1
- leis 1
- inniúil 1
- réimse 1
- aige 1
- reachtacha 1
- cuspóirí 1
- gcomhréir 1
- leas an phobail 1
Airteagal 79
An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí
1. Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n-áirítear an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta de bhun Airteagal 77, beidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil ag gach ábhar sonraí i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí paearsanta nóa sonraí pearsanta i nemahchomhlíonadh an Rialachain seo.
2. Tionscnófar imeachtaí i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí. De rogha air sin, féadfar na himeachtaí sin a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an ábhar sonraí, ach amháin más údarás poiblí de chuid Ballstáit é an rialaitheoir nó an próiseálaí atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí.
Airteagal 80
Ionadaíocht d'ábhair sonraí
1. Beidh an ceart ag an ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach, atá comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtacha chun leas an phobail aige nó aici, agus atá gníomhach sa réimse cosanta sonraí ó thaobh cearta agus saoirsí aahr sonraí a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint, ar sainordú é chun an gearán a thaisceadh ar a shon nó ar a son, chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 77, in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú ar a shon nó ar a son, agus chun an ceart cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 82 a fháil ar a shon nó ar a son i gcás ina bhforáiltear dó dó sin le dlí Ballstáit.
2. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil sé de cheart ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 77, sa Bhallstát sin, agus na cearta dá dtagraítear in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin Rialachán seo mar thoradh ar an bpróiseáil.
whereas
dal 2004 diritto e informatica