(22) Maidir le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, is cuma má dhéantar an phróiseáil féin laistigh den Aontas nó mura ndéantar.
Tugtar le tuiscint le húsáid an fhocail “bunaíocht” go ndéantar gníomhaíocht éifeachtach iarbhír inti trí shocruithe seasmhacha.
Ní hí foirm dhlíthiúil na bunaíochta sin, cibé acu an brainse nó fochuideachta a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aici í, an toisc chinntitheach ina leith sin.
- = -
(36) Ba cheart gurb é an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas ag rialaitheoir príomhbhunaíocht an rialaitheora san Aontas, murar i mbunaíocht eile de chuid an rialaitheora san Aontas a ghlactar na cinntí maidir le críocha agus modhanna phróiseáil na sonraí pearsanta, agus sa chás sin ba cheart an bhunaíocht eile sin a mheas mar an phríomhbhunaíocht.
Ba cheart príomhbhunaíocht de chuid rialaitheora san Aontas a chinneadh de réir critéir oibiachtúla agus, tríd an gcinneadh sin, ba cheart a thabhairt le tuiscint gur inti a dhéantar feidhmiú éifeachtach agus iarbhír na ngníomhaíochtaí bainistíochta lena ndéantar na príomhchinntí maidir le críocha agus modhanna na próiseála trí shocruithe cobhsaí.
Níor cheart don chritéar sin a bheith ag brath ar cibé an ndéantar an phróiseáil ar shonraí pearsanta ag an áit sin.
Má tá modhanna teicniúla agus teicneolaíochtaí ann agus in úsáid chun sonraí pearsanta a phróiseáil nó chun gníomhaíochtaí próiseála a dhéanamh, ní hionann sin is a rá gur príomhbhunaíocht an áit sin agus, dá bhrí sin, ní critéir chinntitheacha iad sin maidir le príomhbhunaíocht.
Ba cheart an áit ina bhfuil a riarachán lárnach san Aontas príomhbhunaíocht an phróiseálaí nó, mura bhfuil aon riarachán lárnach aige san Aontas, ba cheart gurbh í an áit ina ndéantar na príomhghníomhaíochtaí próiseála san Aontas.
I gcásanna a bhaineann leis an rialaitheoir agus leis an bpróiseálaí araon, ba cheart gurb é an príomhúdarás inniúil maoirseachta i gcónaí údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht ag an rialaitheoir, ach ba cheart údarás maoirseachta an phróiseálaí a mheas mar údarás maoirseachta lena mbaineann agus ba cheart don údarás maoirseachta sin a bheith rannpháirteach sa nós imeachta comhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
In aon chás, níor cheart údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil bunaíocht amháin nó níos mó ag an bpróiseálaí a mheas mar na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann.
I gcás inar leis an rialaitheoir amháin a bhaineann an dréachtchinneadh.
I gcás ina ndéanann grúpa gnóthas an phróiseáil, ba cheart príomhbhunaíocht an ghnóthais rialaithigh a mheas mar phríomhbhunaíocht an ghrúpa gnóthas, seachas i gcás ina gcinneann gnóthas eile na críocha agus na modhanna próiseála.
- = -
(116) Nuair a aistrítear sonraí pearsanta thar theorainneacha lasmuigh den Aontas, d'fhéadfaí daoine nádúrtha a chur i mbaol breise maidir lena gcumas cearta cosanta sonraí a fheidhmiú go háirithe chun iad féin a chosaint ar úsáid mhídhleathach nó nochtadh mídhleathach na faisnéise sin.
Ag an am céanna, d'fhéadfadh sé nach mbeadh údaráis mhaoirseachta in ann gearáin a leanúint ná imscrúduithe a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar lasmuigh dá dteorainneacha.
D'fhéadfadh sé freisin go gcuirfí isteach ar iarrachtaí na n-údarás sin a bheith ag obair le chéile sa chomhthéacs trasteorann mar gheall ar easpa cumhachtaí coisctheacha nó feabhais, mar gheall ar shocruithe neamhréireacha dlí, agus,mar gheall ar bhacainní praiticiúla amhail srianta ó thaobh acmhainní.
Dá bhrí sin, is gá comhar níos dlúithe a chur chun cinn i measc údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí chun cuidiú leo faisnéis a mhalartú agus imscrúduithe a dhéanamh lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.
Chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a éascú agus a chur ar fáil chun forfheidhmiú a dhéanamh ar reachtaíocht don chosaint ar shonraí pearsanta, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis mhaoirseachta faisnéis a mhalartú agus comhoibriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann lena gcuid cumhachtaí a fheidhmiú le húdaráis inniúla i dtríú tíortha, ar bhonn na cómhalartachta agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.
- = -