(123) Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin ar fud an Aontais, d'fhonn daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú laistigh den mhargadh inmheánach.
Chun na críche sin, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta comhoibriú lena chéile agus leis an gCoimisiún, agus gan gá ar bith le comhaontú idir Ballstáit maidir le cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil ná le comhar den sórt sin.
- = -
(139) D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a chur chun cinn, ba cheart an Bord a chur ar bun mar chomhlacht neamhspleách de chuid an Aontais.
Chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith ag an mBord.
Ba cheart do Chathaoirleach an Bhoird ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann.
Ba cheart don Bhord teacht in ionad na Meithle um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil a bunaíodh le Treoir 95/46/CE.
Ba é ba cheart a bheith ar an mBord ceann údaráis mhaoirseachta ó gach Ballstát agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó a n-ionadaithe faoi seach.
Ba cheart don Choimisiún páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Bhoird gan cearta vótála a bheith aige agus ba cheart cearta sonracha vótála a bheith ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí.
Ba cheart don Bhord rannchuidiú leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí chomhairle a chur ar an gCoimisiún, go háirithe maidir le leibhéal na cosanta i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus trí chomhar idir na húdaráis mhaoirseachta a chur chun cinn ar fud an Aontais.
Ba cheart don Bhord gníomhú go neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige.
- = -