search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: 'parlaimint' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl




whereas parlaimint:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 518

 

Airteagal 36

Réamhchomhairliúchán

1.   Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéanfar an phróiseáil i gcás ina léirítear sa mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí faoi Airteagal 35 gur dóchúil go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil in éagmais bearta a bheadh le glacadh ag an rialaitheoir chun an riosca sin a mhaolú.

2.   I gcás ina measann an t-údarás maoirseachta go sáródh an phróiseáil atá beartaithe agus dá dtagraítear i mír 1 an Rialachán seo, go háirithe i gcás nach sainaithníonn an rialaitheoir an riosca go leordhóthanach nó nach ndéanann sé an riosca a mhaolú go leordhóthanach, cuirfidh an t-údarás maoirseachta comhairle i scríbhinn ar fáil don rialaitheoir, laistigh de thréimhse ocht seachtaine ar a laghad ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil, agus, nuair is infheidhme ar an bpróiseálaí, féadfaidh sé aon cheann de na cumhachtaí atá aige dá dtagraítear in Airteagal 58 a úsáid. Féadfar síneadh sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin, agus castacht na próiseála atá beartaithe á cur san áireamh. Cuirfidh an t-údarás maoireseachta an rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, an próiseálaí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil. Féadfar na tréimhsí sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh faisnéis a d'iarr an t-údarás maoirseachta chun críocha an chomhairliúcháin faighte aige.

3.   Nuair a rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás maoirseachta de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir an méid a leanas ar fáil don údarás maoirseachta:

(a)

nuair is infheidhme, freagrachtaí faoi seach an rialaitheora, na rialaitheoirí comhpháirteacha agus na bpróiseálaithe a dhéanann an phróiseáil, go háirithe le haghaidh próiseáil laistigh de ghrúpa gnólachtaí;

(b)

críocha agus modhanna na próiseála beartaithe;

(c)

na bearta agus coimircí dá bhforáiltear chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint de bhun an Rialacháin seo;

(d)

nuair is infheidhme, sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;

(e)

an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35; agus

(f)

aon fhaisnéis eile a iarrann an t-údarás maoirseachta.

4.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an údarás maoirseachta agus togra á ullmhú acu le haghaidh bearta reachtacha atá le glacadh ag parlaimint náisiúnta nó le haghaidh beart rialála bunaithe ar bheart reachtach den sórt sin, a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.

5.   D'ainneoin mhír 2, féadfar, le dlí Ballstáit, a cheangal ar na rialaitheoirí dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, agus údarú a fháil uaidh roimh ré, i dtaobh sonraí pearsanta a phróiseáil ionas go bhféadfadh an rialaitheoir cúram éigin a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail, lena n-áirítear an phróiseáil i ndáil le coimirce shóisialta agus sláinte phoiblí.

Roinn 4

Oifigeach cosanta sonraí

Airteagal 53

Coinníollacha ginearálta do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta

1.   déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach comhalta dá n-údaráis maoirseachta le ceapadh trí nós imeachta trédhearcach agus gur ceann díobh seo a leanas a cheapfaidh é:

a bparlaimint;

a rialtas;

a gceann Stáit; nó

comhlacht neamhspleách ar a gcuirtear de chúraman ceapachán a dhéanamh faoi dhlí Ballstáit,

2.   Beidh na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna is gá, go háirithe i réimse na cosanta sonraí pearsanta, ag gach comhalta d'fhonn na dualgais atá air a chomhlíonadh agus d'fhonn na cumhachtaí atá aige a fheidhmiú.

3.   Tiocfaidh deireadh le dualgais an chomhalta má théann a théarma oifige in éag, má éiríonn sé as oifig nó i gcás scoir éigeantaigh, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.

4.   Ní dhéanfar comhalta a chur as oifig ach amháin i gcásanna mí-iompair thromchúisigh nó mura gcomhlíonann an comhalta a thuilleadh na coinníollacha atá riachtanach do chomhlíonadh na ndualgas.

Airteagal 57

Cúraimí

1.   Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;

(b)

déanfaidh sé feasacht agus tuiscint i measc an phobail a chur chun cinn maidir leis na rioscaí, leis na rialacha, leis na coimircí agus leis na cearta a bhaineann le próiseáil. Tabharfar aird ar leith ar ghníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le leanaí;

(c)

cuirfidh sé comhairle, i gcomhréir le dlí Ballstáit, ar an bparlaimint náisiúnta, ar an rialtas, agus ar institiúidí agus ar chomhlachtaí eile maidir le bearta reachtacha agus riaracháin a bhaineann le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil;

(d)

déanfaidh sé feasacht maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo i measc rialaitheoirí agus próiseálaithe a chur chun cinn;

(e)

arna iarraidh sin air, soláthróidh sé faisnéis d'aon ábhar sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo agus, más iomchuí, comhoibreoidh sé leis na húdaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile chun na críche sin;

(f)

láimhseálfaidh sé gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí, nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas i gcomhréir le hAirteagal 80, agus déanfaidh sé imscrúdú, a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus cuirfidh sé an gearánaí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile;

(g)

oibreoidh sé i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta eile agus roinnfidh sé faisnéis leo agus cuirfidh sé cúnamh frithpháirteach ar fáil dóibh, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhonn comhsheasmhach;

(h)

déanfaidh sé imscrúduithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás maoirseachta eile nó ó údarás poiblí eile;

(i)

déanfaidh sé faireachán ar fhorbairtí ábhartha, sa mhéid go bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe forbairtí i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus i gcleachtais tráchtála;

(j)

glacfaidh sé na clásail chonarthacha chaighdeánacha dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d'Airteagal 46(2);

(k)

bunóidh sé agus coimeádfaidh sé ar bun liosta i ndáil leis an gceanglas le haghaidh measúnú tionchair a dhéanamh ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 35(4);

(l)

tabharfaidh sé comhairle maidir leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 36(2);

(m)

spreagfaidh sé cóid iompair a tharraingt suas de bhun Airteagal 40(1) agus tabharfaidh sé tuairim fúthu agus formheasfaidh sé na cóid iompair sin a bhfuil coimircí leordhóthanacha ag gabháil leo, de bhun Airteagal 40(5);

(n)

spreagfaidh sé bunú sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí, agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí freisin, agus formheasfaidh sé na critéir deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 (5);

(o)

i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil ar dheimhniúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 42(7);

(p)

dréachtóidh agus foilseoidh sé na critéir i ndáil le comhlacht a chreidiúnú chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus i ndáil le comhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;

(q)

seolfaidh sé creidiúnú do chomhlacht chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus creidiúnú do chomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;

(r)

údaróidh sé na clásail chonarthacha agus na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 463;

(s)

déanfaidh sé rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47;

(t)

rannchuideoidh sé le gníomhaíochtaí an Bhoird;

(u)

coimeádfaidh sé taifid inmheánacha ar sháruithe ar an Rialachán seo agus ar na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 58(2); agus

(v)

comhlíonfaidh sé aon chúraimí eile a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Déanfaidh gach údarás maoirseachta taisceadh na ngearán dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 a éascú trí bhearta amhail foirm le haghaidh gearán a dhéanamh, a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, gan modhanna eile cumarsáide a eisiamh.

3.   Comhlíonfaidh gach údarás maoirseachta a chúraimí gan aon chostas a ghearradh ar an ábhar sonraí ná, i gcás inarb infheidhme, ar an oifigeach cosanta sonraí.

4.   I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí gan bhunús nó go bhfuil siad iomarcach, go háirithe mar gheall ar a atarlaithí atá siad, féadfaidh an t-údarás maoirseachta táille réasúnta a ghearradh ar bhonn na gcostas riaracháin, sin nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata. Is faoin údarás maoirseachta a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.

Airteagal 59

Tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí

Déanfaidh gach údarás maoirseachta tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir lena chuid gníomhaíochtaí, ina bhféadfar liosta de chineálacha sáruithe a dtugtar fógra fúthu agus de chineálacha beart arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 58(2) a áireamh. Tíolacfar na tuarascálacha chuig an bparlaimint náisiúnta, chuig an rialtas agus chuig údaráis eile faoi mar atá ceaptha le dlí Ballstáit. Déanfar iad a chur ar fáil don phobal, don Choimisiún agus don Bhord.

CAIBIDIL VII

Comhar agus comhsheasmhacht

Roinn 1

Comhar

Airteagal 71

Tuarascálacha

1.   Tarraingeoidh an Bord suas tuarascáil bhliantúil ar chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil san Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Déanfar an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí agus é a tharchur chuig parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

2.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil athbhreithniú ar chur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte, na moltaí agus na ndea-chleachtas dá dtagraítear i bpointe (l) d'Airteagal 70(1), chomh maith leis na cinntí ceangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 65.

Airteagal 92

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(8) agus in Airteagal 43(8) don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 24 Bealtaine 2016.

3.   Féadfaidh parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(8) agus in Airteagal 43(8) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 12(8), agus Airteagal 43(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí ó tugadh fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Cuirfear trí mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.


whereas

dal 2004 diritto e informatica