(80) I gcás ina bhfuil rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ag próiseáil sonraí pearsanta ábhar sonraí agus atá san Aontas, a mbaineann a ghníomhaíochtaí próiseála nó a gníomhaíochtaí próiseála le hearraí nó seirbhísí a thairiscint, cé acu a n-éilítear nó nach n-éilítear íocaíocht ón ábhar sonraí, d'ábhair sonraí san Aontas, nó a mbaineann a ghníomhaíochtaí próiseála nó a gníomhaíochtaí próiseála le faireachán a dhéanamh ar iompar na n-ábhar sonraí a mhéid atá an t-iompar sin ar bun laistigh den Aontas, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí ionadaí a cheapadh, ach amháin má tá an phróiseáil ócáideach, nach n-áirítear léi próiseáil, ar scála mór, catagóirí speisialta sonraí pearsanta ná an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta, agus nach dócha go mbeadh riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh uirthi, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus críocha na próiseála nó más údarás poiblí nó comhlacht poiblí é an rialaitheoir á gcur san áireamh.
Ba cheart don ionadaí gníomhú thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí agus féadfaidh aon údarás maoirseachta cumarsáid a dhéanamh leis.
Ba cheart an t-ionadaí a cheapadh go sainráite trí shainordú i scríbhinn ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí chun gníomhú ar a shon maidir lena oibleagáidí faoin Rialachán seo.
Ní dhéanann ceapadh ionadaí den sórt sin difear d'fhreagracht ná do dhliteanas an rialaitheora nó an phróiseálaí faoin Rialachán seo.
Ba cheart d'ionadaí den sórt sin a chúraimí a chomhlíonadh de réir an tsainordaithe a fuarthas ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí, lena n-áirítear comhoibriú leis na húdaráis inniúla mhaoirseachta maidir le haon ghníomh a dhéantar chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
Ba cheart an t-ionadaí a cheaptar a bheith faoi réir imeachtaí forfheidhmithe i gcás neamh-chomhlíonadh an rialaitheora nó an phróiseálaí.
- = -
(82) Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a thaispeáint, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí taifid a choinneáil ar ghníomhaíochtaí próiseála atá faoina chúram.
Ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar gach rialaitheoir agus próiseálaí comhoibriú leis an údarás maoirseachta agus na taifid sin a chur ar fáil don údarás, arna iarraidh sin dó, le go bhféadfaí é a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar na hoibríochtaí próiseála sin.
- = -
(116) Nuair a aistrítear sonraí pearsanta thar theorainneacha lasmuigh den Aontas, d'fhéadfaí daoine nádúrtha a chur i mbaol breise maidir lena gcumas cearta cosanta sonraí a fheidhmiú go háirithe chun iad féin a chosaint ar úsáid mhídhleathach nó nochtadh mídhleathach na faisnéise sin.
Ag an am céanna, d'fhéadfadh sé nach mbeadh údaráis mhaoirseachta in ann gearáin a leanúint ná imscrúduithe a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar lasmuigh dá dteorainneacha.
D'fhéadfadh sé freisin go gcuirfí isteach ar iarrachtaí na n-údarás sin a bheith ag obair le chéile sa chomhthéacs trasteorann mar gheall ar easpa cumhachtaí coisctheacha nó feabhais, mar gheall ar shocruithe neamhréireacha dlí, agus,mar gheall ar bhacainní praiticiúla amhail srianta ó thaobh acmhainní.
Dá bhrí sin, is gá comhar níos dlúithe a chur chun cinn i measc údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí chun cuidiú leo faisnéis a mhalartú agus imscrúduithe a dhéanamh lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.
Chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a éascú agus a chur ar fáil chun forfheidhmiú a dhéanamh ar reachtaíocht don chosaint ar shonraí pearsanta, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis mhaoirseachta faisnéis a mhalartú agus comhoibriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann lena gcuid cumhachtaí a fheidhmiú le húdaráis inniúla i dtríú tíortha, ar bhonn na cómhalartachta agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.
- = -
(123) Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin ar fud an Aontais, d'fhonn daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú laistigh den mhargadh inmheánach.
Chun na críche sin, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta comhoibriú lena chéile agus leis an gCoimisiún, agus gan gá ar bith le comhaontú idir Ballstáit maidir le cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil ná le comhar den sórt sin.
- = -
(124) I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaithe san Aontas agus i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás ina ndéanann an phróiseáil a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíocht aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaithe difear suntasach do na hábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin, nó ar dócha go ndéanfaidh sé difear suntasach dóibh, is é an t-údarás maoirseachta do phríomhbhunaíocht an rialaitheora nó an phróiseálaí nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí ar cheart dó gníomhú mar phríomhúdarás.
Ba cheart dó comhoibriú leis na húdaráis eile lena mbaineann, toisc go bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí ar chríoch a mBallstáit, toisc go ndéantar difear suntasach do na hábhair sonraí a bhfuil cónaí orthu ar a gcríoch, nó toisc gur taisceadh gearán leo.
Chomh maith leis sin, i gcás ina bhfuil gearán taiscthe ag ábhar sonraí nach bhfuil cónaí air nó uirthi sa Bhallstát sin, ba cheart an t-údarás maoirseachta, a bhfuil an gearán sin taiscthe leis, a bheith ina údarás maoirseachta lena mbaineann freisin.
Mar chuid dá chúraimí treoirlínte a eisiúint maidir le haon cheist lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an Bord a bheith in ann treoirlínte a eisiúint, go háirithe maidir leis na critéir a bheidh le cur san áireamh d'fhonn a fháil amach an ndéanann an phróiseáil atá i gceist difear suntasach d'ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin agus faoina bhfuil i gceist le hagóid ábhartha réasúnaithe.
- = -
(130) I gcás nach é an príomhúdarás maoirseachta é an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta comhoibriú go dlúth leis an údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis i gcomhréir leis na forálacha maidir le comhar agus comhsheasmhacht a leagtar síos sa Rialachán seo.
I gcásanna den sórt sin, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta, agus bearta á ndéanamh aige a cheaptar chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin a ghearradh, lánaird a thabhairt ar thuairim an údaráis mhaoirseachta ar taisceadh an gearán leis, ar údarás é ar cheart dó a bheith inniúil i gcónaí aon imscrúdú a dhéanamh ar chríoch a Bhallstáit féin i gcomhar leis an bpríomhúdarás maoirseachta.
- = -