interactive GDPR 2016/0679 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 25
- sonraí 10
- phróiseáil 7
- maidir 7
- pearsanta 6
- aontais 6
- raon 5
- chosc 5
- feidhme 5
- eile 4
- dlí 4
- chuid 4
- bagairtí 4
- chun 4
- próiseála 4
- atá 4
- dhéanamh 4
- feidhm 4
- rialachán 4
- bhrath 3
- dhéanann 3
- lena 3
- ballstáit 3
- háirithe 3
- chosaint 3
- gcatagóirí 3
- airteagal 3
- chur 3
- leis 3
- n-áirítear 3
- srian 3
- ábhartha 2
- uimh 2
- nuair 2
- chóras 2
- infheidhme 2
- cearta 2
- críocha 2
- coimircí 2
- gcás 2
- coimirciú 2
- a fhorghníomhú 2
- srianta 2
- comhdúcháin 2
- cosc 2
- don tslándáil phoiblí 2
- forálacha 2
- uathoibrithe 2
- próiseálaí 2
- bhaineann 2
Airteagal 2
Raon feidhme ábhartha
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.
2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:
(a) | má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais; |
(b) | má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE; |
(c) | má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin; |
(d) | má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin. |
3. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.
4. Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.
Airteagal 23
Srianta
1. Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:
(a) | an tslándáil náisiúnta; |
(b) | an chosaint; |
(c) | an tslándáil phoiblí; |
(d) | cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin; |
(e) | cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta; |
(f) | neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint; |
(g) | chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte; |
(h) | feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g); |
(i) | an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint; |
(j) | éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú. |
2. Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) | críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála, |
(b) | catagóirí na sonraí pearsanta, |
(c) | raon feidhme na srianta a thugtar isteach, |
(d) | na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú mídhleathach a chosc; |
(e) | sonrú an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí, |
(f) | na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh; |
(g) | na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí do na sonraí; agus |
(h) | an ceart atá agna hábhair sonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, ach amháin dá ndéanfadh an ceart sin dochar do chríoch an tsriain. |
CAIBIDIL IV
Rialaitheoir agus próiseálaí
whereas
dal 2004 diritto e informatica