(33) Is minic nach féidir críoch próiseála sonraí pearsanta chun críocha an taighde eolaíoch a shainaithint go hiomlán tráth bhailiú na sonraí.
Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na hábhair sonraí a dtoiliú a thabhairt maidir le réimsí áirithe den taighde eolaíoch i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla aitheanta i ndáil leis an taighde eolaíoch.
Ba cheart an deis a bheith ag na hábhair sonraí gan a dtoiliú a thabhairt ach do réimsí áirithe taighde nó do chodanna de thionscadail taighde, a mhéid a cheadaítear sin leis an gcríoch a beartaíodh.
- = -
(39) Ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bheith dleathach agus cothrom.
Ba cheart é a bheith trédhearcach do dhaoine nádúrtha go ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leo a bhailiú, a úsáid, a cheadú nó go ndéantar iad a phróiseáil ar bhealach eile agus a mhéid a dhéantar na sonraí a phróiseáil nó a dhéanfar iad a phróiseáil.
Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis agus ar aon chumarsáid a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta sin agus go mbeadh sé éasca an fhaisnéis sin agus an chumarsáid sin a thuiscint, agus go ndéanfaí teanga shoiléir shimplí a úsáid.
Baineann an prionsabal sin, go háirithe, le faisnéis a thugtar do na hábhair sonraí maidir le céannacht an rialaitheora agus le críocha na próiseála agus le faisnéis bhreise chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú i ndáil leis na daoine nádúrtha lena mbaineann agus a gceart dearbhú agus teachtaireacht a fháil i ndáil leis na sonraí pearsanta a bhaineann leo agus atá á bpróiseáil.
Ba cheart daoine nádúrtha a chur ar an eolas faoi rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus faoin mbealach lena gcearta a fheidhmiú i ndáil le próiseáil den sórt sin.
Ba cheart, go háirithe, do na críocha sonracha ar chucu a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil a bheith lánsoiléir agus dlisteanach agus ba cheart iad a chinneadh tráth bhailiú na sonraí pearsanta.
Ba cheart na sonraí pearsanta a bheith leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na gcríoch a ndéantar iad a phróiseáil ina leith. Éilítear leis seo, go háirithe, go ndéantar a áirithiú go bhfuil an tréimhse a stóráiltear na sonraí pearsanta lena linn teoranta go dtí íosmhéid dhocht.
Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach mura bhféadfaí críoch na próiseála a bhaint amach go réasúnta ar bhealach eile.
Chun a áirithiú nach gcoinnítear na sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá, ba cheart don rialaitheoir teorainneacha ama a shocrú don léirscriosadh nó chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh.
Ba cheart gach beart réasúnta a dhéanamh chun a áirithiú go gceartaítear nó go scriostar sonraí pearsanta míchruinne.
Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil agus rúndacht iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta nó ar úsáid neamhúdaraithe sonraí pearsanta agus an trealamh a úsáidtear leis an bpróiseáil a dhéanamh.
- = -
(50) Níor cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha seachas na críocha sin ar chucu a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil an phróiseáil ag luí leis na críocha ar bailíodh na sonraí pearsanta chucu ar an gcéad dul síos.
I gcás den sórt sin, níl gá le bunús dlí ar leith ón mbunús dlí lenar ceadaíodh bailiú na sonraí pearsanta.
Más gá an phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, féadfar, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, na cúraimí agus na críocha a chinneadh agus a shonrú ar cheart an tuilleadh próiseála a mheas mar bheith comhoiriúnach agus dleathach ina leith.
Ba cheart a mheas gur oibríochtaí próiseála comhoiriúnacha dleathacha é tuilleadh próiseála a dhéanfaí chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh.
An bunús dlí a fhoráiltear le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit chun sonraí pearsanta a phróiseáil, féadfaidh sé bunús dlí a thabhairt chun tuilleadh próiseála a dhéanamh freisin.
Chun fáil amach an bhfuil críoch an tuillidh próiseála ag luí leis an gcríoch ar chuige a bailíodh na sonraí pearsanta ar an gcéad dul síos, ba cheart don rialaitheoir, tar éis dó nó di na ceanglais uile a chomhlíonadh maidir le dlíthiúlacht na próiseála bunaidh, an méid seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh: aon nasc idir na críocha sin agus críocha an tuillidh próiseála a bheartaítear;an comhthéacs inar bailíodh na sonraí pearsanta, go háirithe ionchais réasúnta na n-ábhar sonraí bunaithe ar an gcaidreamh atá acu leis an rialaitheoir maidir le tuilleadh úsáide a bhaint astu; cineál na sonraí pearsanta; na hiarmhairtí ar na hábhair sonraí a bheadh ag an tuilleadh próiseála a bheartaítear a dhéanamh; agus coimircí iomchuí a bheith ann sna hoibríochtaí próiseála bunaidh agus sna hoibríochtaí tuillidh próiseála a bheartaítear araon.
- = -
(52) Ba cheart maolú a cheadú ón toirmeasc ar phróiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta freisin i gcás ina bhforáiltear dó sin i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit agus faoi réir coimircí oiriúnacha, d'fhonn sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha eile a chosaint, i gcás inarb é ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh, go háirithe maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i réimse dhlí na fostaíochta, dhlí na coimirce sóisialta lena n-áirítear pinsin agus ar mhaithe le críocha shlándáil na sláinte, críocha faireacháin agus foláirimh, ar mhaithe le galair theagmhálacha agus bagairtí tromchúiseacha eile ar an tsláinte a chosc nó a rialú.
Féadfar maolú den sórt sin a dhéanamh chun críocha na sláinte, lena n-áirítear an tsláinte phoiblí agus chun críocha bhainistiú na seirbhísí cúraim sláinte, go háirithe chun cáilíocht agus cost-éifeachtúlacht a áirithiú maidir leis na nósanna imeachta a úsáidtear chun éilimh ar shochair agus ar sheirbhísí sa chóras árachais sláinte a réiteach, nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh.
Ba cheart a cheadú le maolú freisin go ndéanfaí sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil i gcás inarb iomchuí maidir le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, cibé acu in imeachtaí breithiúnacha nó i nósanna imeachta riaracháin nó nósanna imeachta lasmuigh den chúirt.
- = -
(53) Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhfuil cosaint níos airde dlite dóibh, ní fhéadfar iad a phróiseáil ach amháin chun críocha a bhaineann leis an tsláinte i gcás inar gá chun na críocha sin a bhaint amach chun tairbhe daoine nádúrtha agus na sochaí ina hiomláine, go háirithe i gcomhthéacs na seirbhísí agus na córais cúraim sláinte nó sóisialta a bhainistiú, lena n-áirítear na sonraí sin a bheith á bpróiseáil ag an mbainistíocht agus ag na húdaráis náisiúnta lárnacha chun críocha an rialaithe cáilíochta, an bhainistithe faisnéise agus na maoirseachta áitiúla agus náisiúnta ginearálta ar an gcóras cúraim sláinte nó sóisialta, agus chun leanúnachas a áirithiú maidir le cúram sláinte nó sóisialta agus maidir le cúram sláinte trasteorann nó an tslándáil sláinte thrasteorann nó chun críocha faireacháin agus foláirimh, nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit, a bhfuil sé riachtanach cuspóir a bhaineann le leas an phobail a chomhlíonadh ina leith, agus le haghaidh staidéir a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí.
Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do choinníollacha comhchuibhithe chun próiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte, i ndáil le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann daoine atá faoi réir oibleagáid dhlíthiúil maidir le rúndacht ghairmiúil sonraí den sórt sin a phróiseáil chun críocha áirithe a bhaineann leis an tsláinte.
Ba cheart foráil a dhéanamh, i ndlí an Aontais nó i ndlíBallstáit, do bhearta sonracha oiriúnacha sa chaoi go gcosnófar cearta bunúsacha agus sonraí pearsanta daoine nádúrtha.
Ba cheart a cheadú do na Ballstáit coinníollacha breise, lena n-áirítear teorainneacha, a choimeád nó a thabhairt isteach i ndáil le sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseail.
Mar sin féin, níor cheart dó sin bac a chur ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas nuair a bhíonn feidhm ag na coinníollacha sin maidir le próiseáil thrasteorann sonraí den sórt sin.
- = -
(56) I gcás ina gcuireann feidhmiú an chórais dhaonlathaigh i mBallstát, agus é i mbun gníomhaíochtaí toghcháin, de cheangal go dtiomsaíonn páirtithe polaitiúla sonraí pearsanta maidir le tuairimí polaitiúla na ndaoine, féadfar próiseáil sonraí den sórt sin a cheadú ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail, ar choinníoll go mbunaítear coimircí iomchuí.
- = -
(68) Ionas go gcuirfear neart tuilleadh leis an smacht a bhíonn ag ábhar sonraí ar a chuid nó a cuid sonraí féin, i gcás go ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach uathoibrithe, ba cheart a cheadú freisin don ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi agus a chuir sé nó sí ar fáil do rialaitheoir i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann, atá inléite ag meaisín agus atá idir-inoibritheach a fháil, agus iad a tharchur chuig rialaitheoir eile.
Ba cheart rialaitheoirí sonraí a spreagadh chun formáidí idir-inoibritheacha lena gcumasaítear iniomparthacht sonraí a fhorbairt.
Ba cheart feidhm a bheith ag an gceart sin i gcás gur ar bhonn a thoil nó a toil a chuir an t-ábhar sonraí na sonraí ar fáil nó más gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh.
Níor cheart feidhm a bheith ag an gceart sin i gcás ina bhfuil próiseáil bunaithe ar fhoras dlíthiúil seachas toiliú nó conradh.
Mar gheall ar chineál an chirt sin, níor cheart é a fheidhmiú i gcoinne rialaitheoirí a dhéanann sonraí pearsanta a phróiseáil agus a ndualgais phoiblí á bhfeidhmiú acu.
Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith aige i gcás ina bhfuil sé an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta riachtanach chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil ar faoina réir atá an rialaitheoir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.
Leis an gceart atá ag an ábhar sonraí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a tharchur nó a fháil, níor cheart oibleagáid a chruthú do na rialaitheoirí córais próiseála a ghlacadh nó a choimeád, ar córais iad atá comhoiriúnach ó thaobh na teicneolaíochta.
Más rud é, i sraith áirithe de shonraí pearsanta, go bhfuil níos mó ná ábhar sonraí amháin i gceist, ba cheart an ceart sonraí pearsanta a fháil a bheith gan dochar do chearta agus do shaoirsí ábhair eile eile sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Thairis sin, níor cheart gur dhochar an ceart sin do cheart an ábhair sonraí go léirscriosfaí sonraí pearsanta ná do theorainneacha ar an gceart sin mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo agus níor cheart, go háirithe, é a bheith i gceist leis go léirscriosfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí, a chuir sé nó sí ar fáil chun conradh a chomhlíonadh a mhéid agus a fhad is a bheidh na sonraí pearsanta riachtanach chun an conradh sin a fheidhmiú.
I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí go ndéanfaí na sonraí pearsanta a tharchur go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile.
- = -
(71) Ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh, a bhféadfadh beart a bheith mar chuid de, lena meastar gnéithe pearsanta a bhaineann leis nó léi agus atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin agus ag a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla maidir leis nó léi nó a mbíonn éifeacht chomhchosúil shuntasach aige air nó uirthi, amhail diúltú uathoibríoch d'iarratas ar líne i leith creidmheas a fháil nó cleachtais earcaíocht ar líne nach mbaineann aon idirghabháil le duine leo. Áirítear ar phróiseáil den sórt sin “próifíliú”, arb é atá i gceist leis foirm ar bith de phróiseáil uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta lena meastar na gnéithe pearsanta a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís nó tuar a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an ábhair sonraí ag an obair, le staid eacnamaíochta, le sláinte, le roghanna pearsanta nó le díol spéise, le hiontaofacht nó iompar an duine sin, leis an áit ina bhfuil an duine sin nó le gluaiseachtaí an duine sin, i gcás ina mbíonn éifeachtaí dlíthiúla mar thoradh air sin a bhaineann leis nó léi nó a mbíonn éifeachtaí comhchosúla suntasacha aici air nó uirthi.
Ba cheart, áfach, cinnteoireacht a cheadú atá bunaithe ar phróiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú, nuair atá sin údaraithe go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, lena n-áirítear chun faireachán a dhéanamh ar chalaois agus ar imghabháil cánach agus chun críocha iad a chosc, ar faireachán é a dhéantar i gcomhréir le rialacháin, caighdeáin agus moltaí institiúidí de chuid an Aontais nó comhlachtaí náisiúnta maoirseachta, agus chun go n-áirithítear sláine agus iontaofacht seirbhíse a sholáthraíonn an rialaitheoir, nó atá riachtanach maidir le conradh a dhéanamh nó a chomhlíonadh idir an t-ábhar sonraí agus rialaitheoir, nó sa chás gur thug an t-ábhar sonraí a chead sainráite nó a cead sainráite.
In aon chás, ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith faoi réir coimircí oiriúnacha, agus ba cheart a áireamh ar choimircí den sórt sin faisnéis shonrach don ábhar sonraí agus an ceart idirghabháil ó dhuine a fháil, an ceart a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl, an ceart míniú a fháil ar an gcinneadh a rinneadh i ndiaidh measúnú den sórt sin agus an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.
Níor cheart baint a bheith ag beart den sórt sin le leanbh.
- = -
(111) Ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaí sonraí a aistriú i gcúinsí áirithe i gcás ina bhfuil toiliú sainráite tugtha ag an ábhar sonraí, i gcás ina bhfuil an t-aistriú ócáideach agus riachtanach i ndáil le conradh nó le héileamh dlíthiúil, bíodh sin i nós imeachta breithiúnach nó ná bíodh, nó bíodh sé i nós imeachta riaracháin nó in aon nós imeachta lasmuigh den chúirt nó ná bíodh, lena n-áirítear nósanna imeachta os comhair comhlachtaí rialála.
Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfaí sonraí a aistriú i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le forais thábhachtacha leasa phoiblí a leagtar síos le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó i gcás ina ndéantar an t-aistriú ó chlár arna bhunú le dlí agus a bheartaítear chun go bhféadfaidh an pobal nó daoine a bhfuil leas dlisteanach acu é a cheadú.
Sa chás deireanach sin, níor cheart aistriú den sórt sin a bheith ag baint leis na sonraí pearsanta ina n-iomláine ná le catagóirí iomlána na sonraí atá sa chlár agus, i gcás ina mbeartaítear go bhféadfaidh daoine a bhfuil leas dlisteanach acu an clár a cheadú, níor cheart an t-aistriú a dhéanamh ach arna iarraidh sin do na daoine sin nó más iad siúd atá le bheith ina bhfaighteoirí, agus lán-aird á tabhairt ar leasanna agus ar chearta bunúsacha an ábhair sonraí.
- = -
(115) Glacann roinnt tríú tíortha dlíthe, rialacháin agus gníomhartha dlí eile a cheaptar le gníomhaíochtaí próiseála sonraí daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a rialáil go díreach faoi dhlínse na mBallstát.
D'fhéadfaí a áireamh leis sin breithiúnais ó chúirteanna nó ó bhinsí nó cinntí ó údaráis riaracháin i dtríú tíortha lena gceanglaítear ar rialaitheoir nó ar phróiseálaí sonraí pearsanta a aistriú nó a nochtadh, agus nach bhfuil bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó Ballstát.
D'fhéadfadh sé go sárófaí dlí idirnáisiúnta dá gcuirfí na dlíthe, na rialacháin agus na gníomhartha dlí eile sin i bhfeidhm lasmuigh de dhlínse na dtíortha sin agus d'fhéadfadh sé cur isteach ar an gcosaint do dhaoine nádúrtha a áirithítear san Aontas leis an Rialachán seo.
Níor cheart aistrithe a cheadú ach i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha an Rialacháin seo maidir le haistrithe chuig tríú tíortha.
Féadfaidh an cás a bheith amhlaidh, inter alia, má tá gá leis an nochtadh ar fhoras tábhachtach leasa phoiblí a aithnítear i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.
- = -