interactive GDPR 2016/0679 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- agus 26
- chun 15
- sonraí 12
- chosaint 8
- chur 5
- idirnáisiúnta 5
- lena 4
- chosc 4
- próiseála 4
- pearsanta 4
- reachtaíochta 4
- n-áirítear 4
- airteagal 4
- cearta 3
- gcatagóirí 3
- maidir 3
- pearsana 3
- coimircí 3
- saoirsí 3
- eile 3
- aontais 3
- feidhme 3
- srian 3
- trí 3
- dlí 3
- raon 3
- imscrúdú 2
- bhrath 2
- malartú 2
- srianta 2
- forálacha 2
- atá 2
- phoiblí 2
- rialaitheoir 2
- faoin 2
- próiseálaí 2
- dhéanamh 2
- aghaidh 2
- bagairtí 2
- bhfuil 2
- bheart 2
- bhforáiltear 2
- reachtach 2
- gceart 2
- tslándáil 2
- ballstáit 2
- cinn 2
- ábhartha 2
- nuair 2
- breithiúnacha 2
Airteagal 23
Srianta
1. Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:
(a) | an tslándáil náisiúnta; |
(b) | an chosaint; |
(c) | an tslándáil phoiblí; |
(d) | cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin; |
(e) | cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta; |
(f) | neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint; |
(g) | chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte; |
(h) | feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g); |
(i) | an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint; |
(j) | éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú. |
2. Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) | críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála, |
(b) | catagóirí na sonraí pearsanta, |
(c) | raon feidhme na srianta a thugtar isteach, |
(d) | na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú mídhleathach a chosc; |
(e) | sonrú an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí, |
(f) | na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh; |
(g) | na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí do na sonraí; agus |
(h) | an ceart atá agna hábhair sonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, ach amháin dá ndéanfadh an ceart sin dochar do chríoch an tsriain. |
CAIBIDIL IV
Rialaitheoir agus próiseálaí
Airteagal 50
Comhar idirnáisiúnta chun sonraí pearsana a chosaint
Maidir le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, déanfaidh an Coimisiún agus údaráis mhaoirseachta bearta iomchuí:
(a) | chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun forfheidhmiú éifeachtach reachtaíochta i ndáil le cosaint sonraí pearsana a éascú; |
(b) | chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a sholáthar i bhforfheidhmiú reachtaíochta chun sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear trí fhógra a thabhairt, trí ghearáin a chur ar aghaidh, trí chúnamh imscrúdaitheach agus malartú faisnéise, faoi réir coimircí iomchuí chun sonraí pearsanta agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile a chosaint; |
(c) | chun geallsealbhóirí ábhartha a chur i mbun díospóireachta agus i mbun gníomhaíochtaí atá dírithe ar chomhar idirnáisiúnta a chur chun cinn i bhforfheidhmiú reachtaíochta chun sonraí pearsana a chosaint; |
(d) | chun malartú agus doiciméadú reachtaíochta agus cleachtais um chosaint sonraí pearsanta a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le heasaontachtaí breithiúnacha le tríú tíortha. |
CAIBIDIL VI
Údaráis mhaoirseachta neamhspleácha
whereas
dal 2004 diritto e informatica