Airteagal 26
Rialaitheoirí comhpháirteacha
1. I gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó go comhpháirteach críocha agus bealaí na próiseála, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Cinnfidh siad, ar bhealach trédhearcach, na freagrachtaí a bheidh orthu faoi seach maidir leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí agus na dualgais a bheidh orthu faoi seach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a chur ar fáil, trí chomhshocrú eatarthu, murar rud é gur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a chinntear na freagrachtaí atá ar na rialaitheoirí faoi seach, nó a mhéid ar leis na dlíthe sin a chinntear na freagrachtaí atá orthu, agus ar faoina réir atá na rialaitheoirí. Faoin gcomhshocrú, féadfar pointe teagmhála a ainmniú do na hábhair sonraí.
2. Maidir leis an gcomhshocrú dá dtagraítear i mír 1, leireofar ann róil agus gaoil faoi seach na rialaitheoirí comhpháirteacha i leith na n-ábhar sonraí. Cuirfear buneolas maidir leis an gcomhshocrú sin ar fáil don ábhar sonraí.
3. Beag beann ar théarmaí an chomhshocraithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo i ndáil le gach rialaitheoir ar leithligh agus i gcoinne gach rialaitheora.
whereas
(23) Chun a áirithiú nach ndéantar an chosaint atá daoine nádúrtha i dteideal a fháil faoin Rialachán seo a bhaint díobh, ba cheart an phróiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí agus atá san Aontas a bheith faoi réir an Rialacháin seo i gcás ina mbaineann na gníomhaíochtaí próiseála le hearraí nó seirbhísí a thairiscint d'ábhair sonraí den sórt sin beag beann ar cé acu an bhfuil an tairiscint bainteach le híocaíocht nó nach bhfuil.
Chun a chinneadh an bhfuil earraí nó seirbhísí á dtairiscint ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí sin d'ábhair sonraí, ar daoine iad atá san Aontas, ba cheart a fháil amach an bhfuil sé soiléir go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí seirbhísí a thairiscint d'ábhair sonraí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit atá san Aontas.
De bhrí nach leor inrochtaineacht ar shuíomh gréasáin an rialaitheora, an phróisealaí ná idirghabhálaí san Aontas, ar sheoladh ríomhphoist nó ar shonraí teagmhála eile nó ar theanga a mbaintear úsáid aisti i gcoitinne i dtríú tír ina bhfuil an rialaitheoir bunaithe, chun a fháil amach an bhfuil rún den sórt sin ag an rialaitheoir, d'fhéadfadh sé go dtabharfaí le fios, le fachtóirí amhail úsáid teanga nó airgeadra a mbaintear úsáid aisti nó as i gcoitinne i mBallstát amháin nó níos mó a bhfuil an deis ann nó iontu earraí agus seirbhísí a ordú sa teanga eile sin, nó le fachtóir amhail custaiméirí nó úsáideoirí atá san Aontas a bheith á lua, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir earraí nó seirbhísí a thairiscint san Aontas d'ábhair sonraí.
- = -
(30) Féadfar daoine nádúrtha a chomhcheangal le sainaitheantóirí ar líne a sholáthraítear lena gcuid gléasanna, feidhmchlár, uirlisí agus prótacal, amhail seoltaí prótacail idirlín, aitheantóirí fianán nó aitheantóirí eile amhail clibeanna aitheantais radaimhinicíochta.
D'fhéadfadh sé go bhfágfaí loirg leis an méid sin a d'fhéadfaí a úsáid chun próifílí de na daoine nádúrtha a chruthú agus chun iad a shainaithint, go háirithe tráth a gcuirfí i gcomhcheangal le sainaitheantóirí uathúla iad agus le faisnéis eile a fhaigheann na freastalaithe.
- = -
(35) Ba cheart a áireamh ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte na sonraí uile i ndáil le stádas sláinte ábhair sonraí, ar sonraí iad lena nochtar faisnéis a bhaineann le stádas sláinte coirp nó meabhrach an duine is ábhar de na sonraí, mar atá ag an am, mar a bhí nó mar a bheidh. Áirítear ar an méid sin faisnéis faoin duine nádúrtha a bailíodh le linn an chláraithe le haghaidh seirbhísí cúraim sláinte nó le linn sholáthar na seirbhísí sin amhail dá dtagraítear i dTreoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) don duine nádúrtha sin; uimhir, siombal nó mír eolais a shanntar do dhuine nádúrtha le go ndéanfar an duine nádúrtha a shainaithint go huathúil chun críocha sláinte; faisnéis a fhaightear de bharr tástáil nó scrúdú a dhéanamh ar chuid den chorp nó ar shubstaint de chuid an choirp, lena n-áirítear de bharr sonraí géiniteacha agus samplaí bitheolaíocha; agus aon fhaisnéis faoi ghalar, mar shampla, nó faoi mhíchumas, baol galair, stair liachta, cóir chliniciúil, nó staid fhiseolaíoch nó bhithleighis an ábhair sonraí, beag beann ar an bhfoinse as a dtagann sí, mar shampla ó dhochtúir nó ó ghairmí cúram sláinte eile, ó ospidéal, ó fheiste míochaine nó ó thástáil in vitro diagnóiseach.
- = -