interactive GDPR 2016/0679 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- sonraí 22
- agus 19
- chun 13
- leis 12
- pearsanta 9
- gcás 8
- maoirseachta 8
- rialaitheoir 8
- bhaineann 8
- críocha 7
- phróiseáil 7
- dhéanamh 7
- agóid 6
- lena 6
- t-údarás 5
- airteagal 5
- údarás 5
- i 5
- ábhar 5
- chur 4
- chosaint 4
- atá 4
- infheidhme 4
- próiseáil 4
- féin 4
- fháil 3
- nuair 3
- gcoinne 3
- faoi 3
- bearta 3
- cheart 3
- ceart 3
- mír 3
- próiseála 3
- bhun 3
- beidh 3
- riosca 3
- gcomhairle 3
- cuirfidh 3
- féadfar 3
- beartaithe 3
- léi 3
- n-áirítear 3
- laistigh 3
- féadfaidh 2
- síneadh 2
- mhír 2
- amháin 2
- ainneoin 2
- rialaitheoirí 2
Airteagal 21
An ceart chun agóid a dhéanamh
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, ag am ar bith, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin agus é arna bhunú ar phointe (e) nó nó ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), lena n-áirítear próifíliú bunaithe ar na forálacha sin. Ní phróiseálfaidh an rialaitheoir na sonraí pearsanta a thuilleadh mura rud é go dtaispeánfaidh an rialaitheoir go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha leis an bpróiseáil a dhéanamh ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, ar chearta agus ar shaoirsí an ábhair sonraí nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.
2. I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha margaíocht dhíreach, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh am ar bith i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi chun críocha na margaíochta sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid is a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den chineál sin.
3. I gcás go ndéanfaidh an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne próiseála chun críocha na margaíochta, ní dhéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críocha sin a thuilleadh.
4. Ar a dhéanaí, ag an tráth a rachfar i dteagmháil den chéad uair leis an ábhar sonraí, déanfar an ceart dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a thabhairt go follasach ar aire don ábhar sonraí agus cuirfear faoina bhráid é go soiléir agus beidh sé scartha amach ó aon fhaisnéis eile.
5. I gcomhthéacs seirbhísí na sochaí faisnéise a úsáid, agus d'ainneoin Threoir 2002/58/CE, féadfaidh an t-ábhar sonraí a cheart nó a ceart chun agóid a dhéanamh a fheidhmiú trí mhodhanna uathoibrithe lena n-úsáidtear sonraíochtaí teicniúla.
6. I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil, nó chun críocha staidrimh de bhun Airteagal 89(1), beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, agóid a dhéanamh i gcoinne sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin a phróiseáil, ach amháin i gcás gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail.
Airteagal 36
Réamhchomhairliúchán
1. Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéanfar an phróiseáil i gcás ina léirítear sa mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí faoi Airteagal 35 gur dóchúil go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil in éagmais bearta a bheadh le glacadh ag an rialaitheoir chun an riosca sin a mhaolú.
2. I gcás ina measann an t-údarás maoirseachta go sáródh an phróiseáil atá beartaithe agus dá dtagraítear i mír 1 an Rialachán seo, go háirithe i gcás nach sainaithníonn an rialaitheoir an riosca go leordhóthanach nó nach ndéanann sé an riosca a mhaolú go leordhóthanach, cuirfidh an t-údarás maoirseachta comhairle i scríbhinn ar fáil don rialaitheoir, laistigh de thréimhse ocht seachtaine ar a laghad ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil, agus, nuair is infheidhme ar an bpróiseálaí, féadfaidh sé aon cheann de na cumhachtaí atá aige dá dtagraítear in Airteagal 58 a úsáid. Féadfar síneadh sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin, agus castacht na próiseála atá beartaithe á cur san áireamh. Cuirfidh an t-údarás maoireseachta an rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, an próiseálaí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil. Féadfar na tréimhsí sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh faisnéis a d'iarr an t-údarás maoirseachta chun críocha an chomhairliúcháin faighte aige.
3. Nuair a rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás maoirseachta de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir an méid a leanas ar fáil don údarás maoirseachta:
(a) | nuair is infheidhme, freagrachtaí faoi seach an rialaitheora, na rialaitheoirí comhpháirteacha agus na bpróiseálaithe a dhéanann an phróiseáil, go háirithe le haghaidh próiseáil laistigh de ghrúpa gnólachtaí; |
(b) | críocha agus modhanna na próiseála beartaithe; |
(c) | na bearta agus coimircí dá bhforáiltear chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint de bhun an Rialacháin seo; |
(d) | nuair is infheidhme, sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí; |
(e) | an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35; agus |
(f) | aon fhaisnéis eile a iarrann an t-údarás maoirseachta. |
4. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an údarás maoirseachta agus togra á ullmhú acu le haghaidh bearta reachtacha atá le glacadh ag parlaimint náisiúnta nó le haghaidh beart rialála bunaithe ar bheart reachtach den sórt sin, a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.
5. D'ainneoin mhír 2, féadfar, le dlí Ballstáit, a cheangal ar na rialaitheoirí dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, agus údarú a fháil uaidh roimh ré, i dtaobh sonraí pearsanta a phróiseáil ionas go bhféadfadh an rialaitheoir cúram éigin a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail, lena n-áirítear an phróiseáil i ndáil le coimirce shóisialta agus sláinte phoiblí.
whereas
dal 2004 diritto e informatica