GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
KAPITOLA VII
Spolupráce a jednotnost
Oddíl 2
Jednotnost
Článek 65 Řešení sporů sborem
1. S cílem zajistit, aby toto nařízení bylo v jednotlivých případech správně a důsledně uplatňováno, přijme sbor závazné rozhodnutí v těchto případech:
2. Rozhodnutí uvedené v odstavci 1 přijmou do jednoho měsíce od postoupení dané záležitosti členové sboru dvoutřetinovou většinou. Tato lhůta může být z důvodu složitosti dané záležitosti prodloužena o další měsíc. Rozhodnutí uvedené v odstavci 1 musí být odůvodněno a určeno vedoucímu dozorovému úřadu a všem dotčeným dozorovým úřadům a je pro ně závazné. 3. Pokud sbor nemohl rozhodnutí přijmout ve lhůtách uvedených v odstavci 2, přijme své rozhodnutí do dvou týdnů po uplynutí druhého měsíce uvedeného v odstavci 2 prostou většinou svých členů. Pokud členové sboru hlasují nerozhodně, rozhodnutí se přijme na základě hlasu jeho předsedy. 4. Během lhůt uvedených v odstavcích 2 a 3 nepřijmou dotčené dozorové úřady žádné rozhodnutí o záležitosti předložené sboru podle odstavce 1. 5. Předseda sboru bez zbytečného odkladu oznámí rozhodnutí uvedené v odstavci 1 dotčeným dozorovým úřadům. Uvědomí o tom Komisi. Rozhodnutí se neprodleně zveřejní na internetových stránkách sboru poté, co dozorový úřad oznámil konečné rozhodnutí podle odstavce 6. 6. Vedoucí dozorový úřad nebo dozorový úřad, u nějž byla stížnost podána, přijme své konečné rozhodnutí na základě rozhodnutí uvedeného v odstavci 1 tohoto článku bez zbytečného odkladu a nejpozději do jednoho měsíce poté, co sbor oznámil své rozhodnutí. Vedoucí dozorový úřad nebo dozorový úřad, u nějž byla stížnost podána, informuje sbor o dni oznámení svého konečného rozhodnutí správci nebo zpracovateli a subjektu údajů. Konečné rozhodnutí dotčených dozorových úřadů se přijme podle čl. 60 odst. 7, 8 a 9. Konečné rozhodnutí musí odkazovat na rozhodnutí uvedené v odstavci 1 tohoto článku a uvádět, že rozhodnutí zmíněné v uvedeném odstavci bude zveřejněno na internetových stránkách sboru v souladu s odstavcem 5 tohoto článku. Ke konečnému rozhodnutí se přiloží rozhodnutí uvedené v odstavci 1 tohoto článku.
|
GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
CAIBIDIL VII
Comhar agus comhsheasmhacht
Roinn 2
Comhsheasmhacht
Airteagal 65 Réiteach díospóide ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí
1. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach i gcásanna aonair, déanfaidh an Bord cinneadh ceangailteach a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:
2. Laistigh de mhí amháin iar dtarchur an ábhair, glacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin go ceann mí eile i ngeall ar chastacht an ábhair. An cinneadh dá dtagraítear i mír 1, beidh sé réasúnaithe agus seolfar é chuig an príomhúdarás maoirseachta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta uile lena mbaineann agus beidh sé ina cheangal orthu fairis sin. 3. I gcás nach mbeidh an Bord in ann cinneadh a ghlacadh laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh sé a chinneadh laistigh de choicís tar éis dheireadh an dara mí dá dtagraítear i mír 2 trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. I gcás ina bhfuil deighilt idir comhaltaí an Bhoird, glacfar an cinneadh trí vóta óna Chathaoirleach. 4. Ní dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann cinneadh a ghlacadh maidir leis an ábhar a cuireadh faoi bhráid an Bhoird faoi mhír 1 le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. 5. Cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 in iúl do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin. Foilseofar an cinneadh gan mhoill ar shuíomh gréasáin an Bhoird tar éis don údarás maoirseachta fógra a thabhairt faoin gcinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 6. 6. Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis cinneadh críochnaitheach ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis don Bhord fógra a thabhairt maidir lena chinneadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta, nó, de réir mar a bheidh, an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, an Bord a chur ar an eolas faoin dáta a gcuirfear fógra faoina chinneadh críochnaitheach chuig an rialaitheoir nó chuig an bpróiseálaí agus chuig an ábhar sonraí, faoi seach. Glacfar cinneadh críochnaitheach na n-údarás maoirseachta lena mbaineann faoi théarmaí Airteagal 60(7), (8) agus (9). Tagrófar sa chinneadh críochnaitheach don chinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus sonrófar ann go ndéanfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhoird i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Ceanglófar leis an gcinneadh críochnaitheach an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
dal 2004 diritto e informatica