GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
CAIBIDIL VII
Comhar agus comhsheasmhacht
Roinn 2
Comhsheasmhacht
Airteagal 64 Tuairim an Bhoird
1. I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil maoirseachta aon cheann de na bearta anseo síos a ghlacadh, eiseoidh an Bord tuairim. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an dréachtchinneadh in iúl don Bhord, sna cásanna seo a leanas:
2. Féadfaidh údarás maoirseachta ar bith, Cathaoirleach an Bhoird nó an Coimisiún, a iarraidh go ndéanfaidh an Bord scrúdú ar aon ábhar a mbeidh feidhm ghinearálta aige nó ar aon ábhar a mbeidh éifeachtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin d'fhonn tuairim a fháil, go háirithe i gcás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil maoirseachta na hoibleagáidí maidir le cúnamh frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 61 nó maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 62. 3. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Bord tuairim a eisiúint ar an ábhar a cuireadh faoina bhráid ar an gcoinníoll nach mbeidh tuairim eisithe aige cheana féin maidir leis an gceist chéanna. Glacfar an tuairim sin laistigh de thréimhse ocht seachtaine, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh breise sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin agus castacht an ábhair á cur san áireamh. Maidir leis an dréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a scaipeadh ar chomhaltaí an Bhoird i gcomhréir le mír 5, comhalta nach bhfuil agóid déanta aige laistigh de thréimhse réasúnta arna sonrú ag an gCathaoirleach, measfar go dtoilíonn sé leis an dréachtchinneadh. 4. Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis ábhartha a chur in iúl trí mheán leictreonach don Bhord, agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe, lena n-áiritheofar, de réir mar a bheidh, achoimre ar na fíricí, an dréachtchinneadh, na forais is bonn leis an ngá atá le beart den sórt sin a achtú, agus na tuairimí ó údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann. 5. Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird, gan aon mhoill mhíchuí, na nithe seo a leanas a chur ar an eolas trí mheán leictreonach:
6. Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta a dhréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3. 7. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 an tuairim ón mBord san áireamh ina hiomláine agus cuirfidh sé in iúl trí mheán leictreonach do Chathaoirleach an Bhoird laistigh de choicís tar éis dó an tuairim a fháil cibé acu an seasfaidh sé leis an dréachtchinneadh nó an leasóidh sé é agus, i gcás inarb ann do leasuithe, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an dréachtchinneadh leasaithe ar aghaidh freisin agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe. 8. I gcás ina gcuireann an t-údarás maoirseachta lena mbaineann in iúl do Chathaoirleach an Bhoird, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, nach bhfuil sé ar intinn aige tuairim an Bhoird a leanuint, ina hiomláine nó go páirteach, agus na forais ábhartha á soláthar aige, beidh feidhm ag Airteagal 65(1).
|
GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
KAPITOLA VII
Spolupráca a konzistentnosť
Oddiel 2
Konzistentnosť
Článok 64 Stanovisko výboru
1. Výbor vydá stanovisko, keď má príslušný dozorný orgán v úmysle prijať ktorékoľvek z opatrení uvedených nižšie. Na tento účel príslušný dozorný orgán oznámi výboru návrh rozhodnutia, ak:
2. Ktorýkoľvek dozorný orgán, predseda výboru alebo Komisia môže požiadať, aby akúkoľvek záležitosť so všeobecným uplatnením alebo s účinkami vo viac ako jednom členskom štáte preskúmal výbor s cieľom získať stanovisko, najmä ak si príslušný dozorný orgán neplní povinnosti týkajúce sa vzájomnej pomoci podľa článku 61 alebo spoločných operácií podľa článku 62. 3. V prípadoch uvedených v odsekoch 1 a 2 výbor vydá stanovisko k záležitosti, ktorá sa mu predloží, ak ešte k rovnakej záležitosti stanovisko nevydal. Uvedené stanovisko sa prijme do ôsmich týždňov jednoduchou väčšinou členov výboru. Uvedená lehota sa môže predĺžiť o ďalších šesť týždňov, pričom sa zohľadní zložitosť danej záležitosti. Pokiaľ ide o návrh rozhodnutia uvedený v odseku 1, ktorý sa rozošle členom výboru v súlade s odsekom 5, o členovi, ktorý nevznesie námietku v primeranej lehote určenej predsedom, sa predpokladá, že s návrhom rozhodnutia súhlasí. 4. Dozorné orgány a Komisia bez zbytočného odkladu oznamujú elektronickými prostriedkami výboru všetky relevantné informácie a podľa potreby aj zhrnutie skutočností, návrh rozhodnutia, dôvody, pre ktoré je prijatie takéhoto opatrenia potrebné, a názory ostatných dotknutých dozorných orgánov, pričom používajú štandardizovaný formát. 5. Predseda výboru bez zbytočného odkladu informuje elektronickými prostriedkami:
6. Príslušný dozorný orgán neprijme svoj návrh rozhodnutia uvedený v odseku 1 v lehote uvedenej v odseku 3. 7. Dozorný orgán uvedený v odseku 1 v čo najväčšej miere zohľadní stanovisko výboru a do dvoch týždňov po získaní stanoviska predsedovi výboru elektronickými prostriedkami oznámi, či bude trvať na svojom návrhu rozhodnutia alebo ho zmení, a podľa potreby mu oznámi aj zmenený návrh rozhodnutia, pričom použije štandardizovaný formát. 8. Ak dotknutý dozorný orgán informuje predsedu výboru v rámci lehoty uvedenej v odseku 7 tohto článku o tom, že nemá v úmysle postupovať úplne alebo sčasti podľa stanoviska výboru, pričom poskytne relevantné dôvody, uplatňuje sa článok 65 ods. 1.
|
dal 2004 diritto e informatica