GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
CAIBIDIL V
Aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha nó go heagraíochtaí idirnáisiúnta
Roinn 5
Cóid iompair agus deimhniú
Airteagal 45 Aistrithe ar bhonn cinneadh leordhóthanachta
1. Féadfar sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta i gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún go n-áirithíonn tríú tír, an críoch nó an earnáil shonraithe, laistigh den tríú tír sin, nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist, go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Ní gá aon údarú sonrach a fháil i gcás aistriú den sórt sin. 2. Agus a leordhóthanaí atá an leibhéal cosanta á mheas ag an gCoimisiún cuirfidh sé na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:
3. Tar éis dó leordhóthanacht leibhéal na cosanta a mheas, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go n-áirithítear i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe amháin nó níos mó i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta, go bhfuil leibhéal cosanta leordhóthanach inti laistigh de réir bhrí mhír 2 den Airteagal seo.Forálfar, leis an ngníomh cur chun feidhme, do shásra chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh, ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana, ina gcuirfear san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa tríú tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin. Sa ghníomh cur chun feidhme, sonrófar cur i bhfeidhm críochach agus earnálach an ghnímh, agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneofar an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2). 4. Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn leanúnach, faireachán ar fhorbairtí i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcaoi a bhfheidhmeodh na cinntí a ghlactar de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus na cinntí a ghlactar ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE. 5. Sa mhéid is gá, cinnfidh an Coimisiún, i gcás ina léireoidh an fhaisnéis atá ar fáil, go háirithe tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, nach n-áirithítear a thuilleadh leibhéal leordhóthanach cosanta i dtríú tír, i gcríoch ná in earnáil shonraithe sa tríú tír sin, ná in eagraíocht idirnáisiúnta, de bhrí mhír 2 den Airteagal seo, a mhéid is féidir, déanfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a aisghairm, a leasú nó a chur ar fionraí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan éifeacht chúlghabhálach a bheith aige. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2). Ar mhórchúiseanna prainne a bhfuil bonn cirt cuí leo, déanfaidh an Coimsiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhéir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(3). 6. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta féachaint an bhféadfaí an méid ba chúis leis an gcinneadh a rinneadh de bhun mhír 5 seo a leigheas. 7. Is gan dochar a bheidh cinneadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo d'aistrithe sonraí pearsanta go dtí an tríú tír, go dtí an chríoch nó go hearnáil shonraithe amhain nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó go dtí an eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 46 go hAirteagal 49. 8. Déanfaidh an Coimisiún liosta a fhoilsiú, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar a shuíomh gréasáin, de na tríú tíortha, de na críocha agus de na hearnálacha sonraithe i dtríú tír agus de na heagraíochtaí idirnáisiúnta ar chinn an Coimisiún ina leith go raibh nó nach raibh a leibhéil chosanta leormhaith. 9. Beidh feidhm ag cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a ionadú nó a aisghairm le Cinneadh ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 3 nó mír 5 den Airteagal seo.
|
GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
KAPITEL V
Übermittlungen personenbezogener Daten an Drittländer oder an internationale Organisationen
Abschnitt 5
Verhaltensregeln und Zertifizierung
Artikel 45 Datenübermittlung auf der Grundlage eines Angemessenheitsbeschlusses
(1) Eine Übermittlung personenbezogener Daten an ein Drittland oder eine internationale Organisation darf vorgenommen werden, wenn die Kommission beschlossen hat, dass das betreffende Drittland, ein Gebiet oder ein oder mehrere spezifische Sektoren in diesem Drittland oder die betreffende internationale Organisation ein angemessenes Schutzniveau bietet. Eine solche Datenübermittlung bedarf keiner besonderen Genehmigung. (2) Bei der Prüfung der Angemessenheit des gebotenen Schutzniveaus berücksichtigt die Kommission insbesondere das Folgende:
(3) Nach der Beurteilung der Angemessenheit des Schutzniveaus kann die Kommission im Wege eines Durchführungsrechtsaktes beschließen, dass ein Drittland, ein Gebiet oder ein oder mehrere spezifische Sektoren in einem Drittland oder eine internationale Organisation ein angemessenes Schutzniveau im Sinne des Absatzes 2 des vorliegenden Artikels bieten. In dem Durchführungsrechtsakt ist ein Mechanismus für eine regelmäßige Überprüfung, die mindestens alle vier Jahre erfolgt, vorzusehen, bei der allen maßgeblichen Entwicklungen in dem Drittland oder bei der internationalen Organisation Rechnung getragen wird. Im Durchführungsrechtsakt werden der territoriale und der sektorale Anwendungsbereich sowie gegebenenfalls die in Absatz 2 Buchstabe b des vorliegenden Artikels genannte Aufsichtsbehörde bzw. genannten Aufsichtsbehörden angegeben. Der Durchführungsrechtsakt wird gemäß dem in Artikel 93 Absatz 2 genannten Prüfverfahren erlassen. (4) Die Kommission überwacht fortlaufend die Entwicklungen in Drittländern und bei internationalen Organisationen, die die Wirkungsweise der nach Absatz 3 des vorliegenden Artikels erlassenen Beschlüsse und der nach Artikel 25 Absatz 6 der Richtlinie 95/46/EG erlassenen Feststellungen beeinträchtigen könnten. (5) Die Kommission widerruft, ändert oder setzt die in Absatz 3 des vorliegenden Artikels genannten Beschlüsse im Wege von Durchführungsrechtsakten aus, soweit dies nötig ist und ohne rückwirkende Kraft, soweit entsprechende Informationen — insbesondere im Anschluss an die in Absatz 3 des vorliegenden Artikels genannte Überprüfung — dahingehend vorliegen, dass ein Drittland, ein Gebiet oder ein oder mehrere spezifischer Sektor in einem Drittland oder eine internationale Organisation kein angemessenes Schutzniveau im Sinne des Absatzes 2 des vorliegenden Artikels mehr gewährleistet. Diese Durchführungsrechtsakte werden gemäß dem Prüfverfahren nach Artikel 93 Absatz 2 erlassen. In hinreichend begründeten Fällen äußerster Dringlichkeit erlässt die Kommission gemäß dem in Artikel 93 Absatz 3 genannten Verfahren sofort geltende Durchführungsrechtsakte. (6) Die Kommission nimmt Beratungen mit dem betreffenden Drittland bzw. der betreffenden internationalen Organisation auf, um Abhilfe für die Situation zu schaffen, die zu dem gemäß Absatz 5 erlassenen Beschluss geführt hat. (7) Übermittlungen personenbezogener Daten an das betreffende Drittland, das Gebiet oder einen oder mehrere spezifische Sektoren in diesem Drittland oder an die betreffende internationale Organisation gemäß den Artikeln 46 bis 49 werden durch einen Beschluss nach Absatz 5 des vorliegenden Artikels nicht berührt. (8) Die Kommission veröffentlicht im Amtsblatt der Europäischen Union und auf ihrer Website eine Liste aller Drittländer beziehungsweise Gebiete und spezifischen Sektoren in einem Drittland und aller internationalen Organisationen, für die sie durch Beschluss festgestellt hat, dass sie ein angemessenes Schutzniveau gewährleisten bzw. nicht mehr gewährleisten. (9) Von der Kommission auf der Grundlage von Artikel 25 Absatz 6 der Richtlinie 95/46/EG erlassene Feststellungen bleiben so lange in Kraft, bis sie durch einen nach dem Prüfverfahren gemäß den Absätzen 3 oder 5 des vorliegenden Artikels erlassenen Beschluss der Kommission geändert, ersetzt oder aufgehoben werden.
|
dal 2004 diritto e informatica