GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
CAIBIDIL IV
Rialaitheoir agus próiseálaí
Roinn 4
Oifigeach cosanta sonraí
Airteagal 37 An t-oifigeach cosanta sonraí a ainmniú
1. Ceapfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí oifigeach cosanta sonraí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
2. Féadfaidh grúpa gnóthas oifigeach cosanta sonraí amháin a cheapadh ar choinníoll go bhfuil rochtain éasca ar oifigeach cosanta sonraí ó gach ceann de na bunaíochtaí. 3. I gcás inar údarás nó comhlacht poiblí é an rialaitheoir nó an próiseálaí, féadfar an t-aon oifigeach amháin cosanta sonraí a cheapadh i gcás na n-údarás éagsúil nó na gcomhlachtaí éagsúla sin, agus struchtúr eagraíochtúil agus méid na n-údarás nó na gcomhlachtaí á gcur san áireamh. 4. I gcásanna seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí nó comhlachais agus comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe, oifigeach cosanta sonraí a cheapadh, nó i gcás inar gceanglaítear sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ceapfaidh siad é. Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí gníomhú do chomhlachais agus do chomhlachtaí eile mar sin a dhéanann ionadaíocht thar ceann rialaitheoirí nó próiseálaithe. 5. Ceapfar an t-oifigeach cosanta sonraí bunaithe ar bhonn cháilíochtaí gairmiúla an duine agus, go háirithe, ar an méid saineolais atá ag an duine maidir le dlí agus cleachtais um chosaint sonraí agus ar chumas an duine na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 39 a chomhlíonadh. 6. Féadfaidh sé gur comhalta foirne de chuid an rialaitheora nó an phróiseálaí é an t-oifigeach cosanta sonraí, nó d'fhéadfadh an t-oifigeach na cúraimí sin a chomhlíonadh ar bhonn conartha seirbhíse. 7. Foilseoidh an rialaitheoir nó an próiseálaí ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí agus cuirfidh sé iad in iúl don údarás maoirseachta.
|

dal 2004 diritto e informatica