GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
CAIBIDIL IV
Rialaitheoir agus próiseálaí
Roinn 3
Measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus réamhchomhairliúchán
Airteagal 36 Réamhchomhairliúchán
1. Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéanfar an phróiseáil i gcás ina léirítear sa mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí faoi Airteagal 35 gur dóchúil go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil in éagmais bearta a bheadh le glacadh ag an rialaitheoir chun an riosca sin a mhaolú. 2. I gcás ina measann an t-údarás maoirseachta go sáródh an phróiseáil atá beartaithe agus dá dtagraítear i mír 1 an Rialachán seo, go háirithe i gcás nach sainaithníonn an rialaitheoir an riosca go leordhóthanach nó nach ndéanann sé an riosca a mhaolú go leordhóthanach, cuirfidh an t-údarás maoirseachta comhairle i scríbhinn ar fáil don rialaitheoir, laistigh de thréimhse ocht seachtaine ar a laghad ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil, agus, nuair is infheidhme ar an bpróiseálaí, féadfaidh sé aon cheann de na cumhachtaí atá aige dá dtagraítear in Airteagal 58 a úsáid. Féadfar síneadh sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin, agus castacht na próiseála atá beartaithe á cur san áireamh. Cuirfidh an t-údarás maoireseachta an rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, an próiseálaí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil. Féadfar na tréimhsí sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh faisnéis a d'iarr an t-údarás maoirseachta chun críocha an chomhairliúcháin faighte aige. 3. Nuair a rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás maoirseachta de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir an méid a leanas ar fáil don údarás maoirseachta:
4. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an údarás maoirseachta agus togra á ullmhú acu le haghaidh bearta reachtacha atá le glacadh ag parlaimint náisiúnta nó le haghaidh beart rialála bunaithe ar bheart reachtach den sórt sin, a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. 5. D'ainneoin mhír 2, féadfar, le dlí Ballstáit, a cheangal ar na rialaitheoirí dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, agus údarú a fháil uaidh roimh ré, i dtaobh sonraí pearsanta a phróiseáil ionas go bhféadfadh an rialaitheoir cúram éigin a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail, lena n-áirítear an phróiseáil i ndáil le coimirce shóisialta agus sláinte phoiblí.
|
GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
KAPITOLA IV
Správce a zpracovatel
Oddíl 3
Posouzení vlivu na ochranu osobních údajů a předchozí konzultace
Článek 36 Předchozí konzultace
1. Správce konzultuje před zpracováním s dozorovým úřadem, pokud z posouzení vlivu na ochranu osobních údajů podle článku 35 vyplývá, že by dané zpracování mělo za následek vysoké riziko v případě, že by správce nepřijal opatření ke zmírnění tohoto rizika. 2. Pokud se dozorový úřad domnívá, že by zamýšlené zpracování uvedené v odstavci 1 porušilo toto nařízení, zejména pokud správce nedostatečně určil či zmírnil riziko, upozorní na to správce a případně zpracovatele údajů písemně ve lhůtě nejvýše osmi týdnů od obdržení žádosti o konzultaci a může uplatnit kteroukoli ze svých pravomocí uvedených v článku 58. Tato lhůta může být s ohledem na složitost zamýšleného zpracování prodloužena o šest týdnů. Dozorový úřad informuje správce a případně zpracovatele o každém takovém prodloužení a o jeho důvodech do jednoho měsíce od obdržení žádosti o konzultaci. Tyto lhůty mohou být pozastaveny, dokud dozorový úřad neobdrží veškeré informace, o které požádal pro účely konzultace. 3. Při konzultaci s dozorovým úřadem podle odstavce 1 mu správce poskytne informace o těchto aspektech:
4. Členské státy konzultují s dozorovým úřadem během přípravy návrhu legislativního opatření, které má přijmout vnitrostátní parlament, nebo návrhu regulačního opatření založeného na takovém legislativním opatření, jež souvisí se zpracováním. 5. Bez ohledu na odstavec 1 může právo členského státu od správců vyžadovat, aby konzultovali s dozorovým úřadem a získali od něj předchozí povolení, pokud jde o zpracování správcem za účelem vykonání úkolu ve veřejném zájmu, včetně zpracování v souvislosti se sociální ochranou a veřejným zdravím.
|
dal 2004 diritto e informatica