search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: 'hairteagal' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index hairteagal:


whereas hairteagal:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1687

 

Airteagal 2

Raon feidhme ábhartha

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

(b)

má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;

(c)

má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;

(d)

má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

3.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hairteagal 98.

4.   Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hairteagal 15 den Treoir sin.

Airteagal 5

Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta

1.   Maidir le sonraí pearsanta:

(a)

déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

(b)

déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; tuilleadh próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh, ní mheasfar, i gcomhréir le hairteagal 89(1), go bhfuil sí ar neamhréir leis na críocha tosaigh (“teorannú de réir cuspóra”);

(c)

beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

(d)

beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (“cruinneas”);

(e)

déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach; féadfar sonraí pearsanta a stóráil le haghaidh tréimhsí níos faide a mhéid nach ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hairteagal 89(1) faoi réir chur chun feidhme na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil a cheanglaítear leis an Rialachán seo d'fhonn cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú (“teorannú stórála”);

(f)

déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (“sláine agus rúndacht”);

2.   Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).

Airteagal 9

Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil

1.   Toirmeascfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus toirmeascfar próiseáil ar shonraí géiniteacha, ar shonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, ar shonraí a bhaineann leis an tsláinte nó ar shonraí a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás go mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo leanas:

(a)

thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ar mhaithe le críoch sonraithe amháin nó níos mó, seachas i gcás ina bhfuil foráil déanta i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit nach bhféadfaidh an t-ábhar sonraí an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1 a chur i leataobh;

(b)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhair sonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiú i réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta agus cosanta sóisialta a mhéid atá údaraithe le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó le comhaontú comhchoiteann de bhun dlí Ballstáit lena bhforáiltear do choimircí iomchuí do chearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí;

(c)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint, i gcás nach féidir leis an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil;

(d)

déanann fondúireacht, comhlachas nó aon chomhlacht seachbhrabúsach eile an phróiseáil agus é nó í i mbun gníomhaíochtaí dlisteanacha le coimircí iomchuí, ar fondúireacht, comhlachas nó comhlacht é nó í lena mbaineann aidhm pholaitiúil, fhealsúnach, reiligiúnach nó ceardchumannachais, agus ar choinníoll nach mbaineann an phróiseáil ach le comhaltaí nó le hiar-chomhaltaí an chomhlachta nó le daoine a mbíonn teagmháil rialta acu leis an gcomhlacht maidir lena chuspóirí agus ar choinníoll nach nochtar na sonraí pearsanta lasmuigh den chomhlacht sin gan toiliú ó na hábhair sonraí;

(e)

baineann an phróiseáil le sonraí pearsanta is follas gur chuir an duine is ábhar dóibh ar fáil go poiblí;

(f)

is gá an phróiseáil a dhéanamh le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint nó tráth ar bith a mbíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach;

(g)

is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna leasa an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a fhorálfaidh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú;

(h)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha leighis choiscthigh nó ceirde, chun measúnú a dhéanamh ar chumas oibre an fhostaí, diagnóis leighis, cúram sláinte nó cóireáil shóisialta a sholáthar nó bainistiú córas nó seirbhísí cúram sláinte nó sóisialta ar bhonn dhlí an Aontais nó ar bhonn dlí Ballstáit nó de bhun conartha ar shínigh ábhar na sonraí le gairmí sláinte é agus faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 3;

(i)

is gá an phróiseáil a dhéanamh ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí, amhail cosaint i gcoinne bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte nó chun ardchaighdeáin cáilíochta agus slándála a áirithiú do chúram sláinte agus do tháirgí íocshláinte nó d'fheistí leighis, ar bhonn dhlí an Aontais nó ar bhonn dhlí Ballstáit lena ndéantar foráil do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun go ndéanfar cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, go háirithe an rúndacht ghairmiúil, a choimirciú;

(i)

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hairteagal 89(1) bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí Ballstáit a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a fhorálfaidh do bhearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an duine is ábhar don na sonraí a choimirciú.

3.   Féadfar sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil chun na críocha dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 2 nuair a dhéanann gairmí na sonraí sin a phróiseáil nó nuair a dhéantar iad a phróiseáil faoi fhreagracht gairmí, ar gairmí é atá faoi réir oibleagáide rúndachta gairmiúla faoi dhlí an Aontais nó Ballstáit nó faoi rialacha arna mbunú ag comhlachtaí náisiúnta inniúla nó má phróiseálann duine eile iad atá faoi réir oibleagáide rúndachta freisin faoi dhlí an Aontais nó dhlí Ballstáit nó faoi rialacha arna mbunú ag comhlachtaí náisiúnta inniúla.

4.   Féadfaidh na Ballstáit tuilleadh coinníollacha, lena n-áirítear teorainneacha, a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach i ndáil le sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseáil.

Airteagal 11

Próiseáil nach ngabhann ceanglas sainaitheanta léi

1.   Mura mbeidh ceanglas ar an rialaitheoir, maidir leis na críocha a ndéanann sé sonraí pearsanta a phróiseáil lena n-aghaidh, an t-ábhar sonraí a shainaithint nó nach bhfuil na ceanglais sin air níos mó, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir tuilleadh faisnéise a choimeád, a fháil nó a phróiseáil d'fhonn go sainaithneoidh sé, d'aon toisc chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, an t-ábhar sonraí.

2.   Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go bhféadfaidh an rialaitheoir a thaispeáint nach bhfuil sé in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint, cuirfidh an rialaitheoir an méid sin in iúl dá réir don ábhar sonraí, más féidir. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 15 go hairteagal 20 ach amháin i gcás go soláthraíonn an t-ábhar sonraí tuilleadh faisnéise lena gcumasaítear é a shainaithint, chun críocha a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi na hairteagail sin.

CAIBIDIL III

Cearta an ábhair sonraí

Roinn 1

Trédhearcacht agus módúlachtaí

Airteagal 12

Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus módúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí

1.   Déanfaidh an rialaitheoir na bearta is iomchuí chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 agus aon chumarsáid faoi Airteagal 15 go hairteagal 22 agus faoi Airteagal 34 a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta, a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, a mbaintear feidhm inti as teanga shoiléir agus as gnáthfhriotal, go háirithe maidir le haon fhaisnéis atá dírithe go sonrach ar leanbh. Is i scríbhinn a chuirfear an fhaisnéis ar fáil, nó trí mheán eile, lena n-áirithítear, i gcás inarb iomchuí i bhfoirm leictreonach. Nuair a iarrann an t-ábhar sonraí amhlaidh, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ó bhéal, ar choinníoll gur deimhníodh céannacht an ábhair sonraí ar mhodh eile.

2.   Éascóidh an rialaitheoir feidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Airteagal 15 go hairteagal 22. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), ní dhiúltóidh an rialaitheoir beart a dhéanamh ar iarraidh a fháil ón ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 15 go hairteagal 22, ach amháin má thaispeánann an rialaitheoir nach bhfuil sé in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint.

3.   Soláthróidh an rialaitheoir faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh i dtaca le hiarraidh faoi Airteagal 15 go hairteagal 22 don ábhar sonraí agus déanfaidh sé sin gan mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh d'aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí eile ar a mhéid nuair is gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh. Cuirfidh an rialaitheoir an ábhair sonraí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin mar aon leis na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí an iarraidh i bhfoirm leictreonach, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach, i gcás inarb indéanta sin, mura rud é go n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt.

4.   Mura ndéanann an rialaitheoir aon ghníomhaíocht arna hiarraidh sin don ábhar sonraí, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh d'aon mhí amháin ón iarraidh a fháil, faoi na cúiseanna nach ndearnadh aon gníomhaíocht agus cuirfidh sé ar an eolas é faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le údarás maoirseachta agus leigheas breithiúnach a lorg.

5.   Cuirfear faisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 ar fáil saor in aisce mar aon le haon chumarsáid agus aon ghníomh a dhéanfar faoi Airteagal 15 go hairteagal 22 agus faoi Airteagal 34. I gcás inar léir go follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach, féadfaidh an rialaitheoir ceann acu seo a leanas a dhéanamh:

(a)

táille réasúnach a ghearradh chun na costais a bhaineann leis an bhfaisnéis a chur ar fáil nó as gníomhaíocht a dhéanamh mar a iarradh a chur san áireamh; nó

(b)

diúltóidh sé gníomhú ar an iarratas.

Is faoin rialaitheoir a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh go follasach gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.

6.   Gan dochar d'Airteagal 11, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir réasúnta amhrasach maidir le céannacht an duine nádúrtha a dhéanann an iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 15 go dtí Airteagal 21, féadfaidh an rialaitheoir a iarraidh go soláthrófaí tuilleadh faisnéise, ar gá í chun go ndeimhneofaí céannacht an ábhair sonraí.

7.   An fhaisnéis a chuirfear ar fáil do na hábhair sonraí de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 14, féadfar í a sholáthar in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe chun forléargas suntasach ar an bpróiseáil atá beartaithe a thabhairt ar bhealach atá sofheicthe, intuisceana agus inléite go soiléir. I gcás ina ndéantar na deilbhíní a chur i láthair go leictreonach, beidh siad inléite ag meaisín.

8.   Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hairteagal 92 chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le tíolacadh ag na deilbhíní agus na nósanna imeachta i ndáil le soláthar deilbhíní caighdeánaithe.

Roinn 2

Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta

Airteagal 17

An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad”)

1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan mhoill mhíchuí agus beidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais seo a leanas:

(a)

níl na sonraí riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó a próiseáladh iad;

(b)

tarraingíonn an t-ábhar sonraí siar a thoiliú a bhfuil an phróiseáil bunaithe air i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(1) nó le pointe (a) d'Airteagal 9(2) agus i gcás nach bhfuil aon fhoras dlíthiúil eile leis an bpróiseáil;

(c)

déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(1) agus ní ann d'fhorais dhlisteanacha sháraitheacha maidir leis an bpróiseáil, nó déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(2);

(d)

rinneadh próiseáil mhídhleathach ar na sonraí pearsanta;

(e)

is gá na sonraí pearsanta a léirscriosadh le go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir;

(f)

bailíodh na sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thairiscint.

2.   I gcás inar chuir an rialaitheoir na sonraí pearsanta ar fáil don phobal agus ina bhfuil sé d'oibleagáid air de bhun mhír 1 na sonraí pearsanta a léirscriosadh, déanfaidh an rialaitheoir, agus an teicneolaíocht atá ar fáil agus costas an chur chun feidhme á gcur san áireamh, bearta réasúnta, lena n-áirítear bearta teicniúla, chun na rialaitheoirí a bhfuil próiseáil á déanamh acu a chur ar an eolas faoi go bhfuil sé iarrtha ag an ábhar sonraí go ndéanfadh rialaitheoirí den sórt sin aon nasc leis na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh nó aon chóip nó aon mhacasamhlú de na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 a mhéid go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach sna cásanna seo a leanas:

(a)

chun an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú;

(b)

chun go gcomhlíonfar oibleagáid dhlíthiúil lena n-éilítear próiseáil le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir;

(c)

ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí i gcomhréir le pointe (h) agus le pointe (i) d'Airteagal 9(2) chomh maith le hairteagal 9(3);

(d)

chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hairteagal 89(1) a mhéid is dócha nach féidir cuspóirí na próiseala sin a ghnóthú nó go ndéanfaí dochar dá ngnóthú de bharr an chirt dá dtagraítear i mír 1; nó

(e)

chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Airteagal 19

An oibleagáid fógra a thabhairt go ndearnadh sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil a shrianadh

Tabharfaidh an rialaitheoir fógra do gach faighteoir ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh má ceartaíodh nó má léirscriosadh nó má srianadh próiseáil a rinneadh i gcomhréir le hairteagal 16, Airteagal 17(1) agus Airteagal 18, ach amháin má tá sé dodhéanta é sin a dhéanamh nó má tá iarracht dhíréireach ag baint leis. Déanfaidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi na faighteoirí sin má iarrann an t-ábhar sonraí go ndéanfar amhlaidh.

Airteagal 23

Srianta

1.   Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hairteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:

(a)

an tslándáil náisiúnta;

(b)

an chosaint;

(c)

an tslándáil phoiblí;

(d)

cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;

(e)

cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;

(f)

neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;

(g)

chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;

(h)

feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g);

(i)

an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;

(j)

éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.

2.   Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála,

(b)

catagóirí na sonraí pearsanta,

(c)

raon feidhme na srianta a thugtar isteach,

(d)

na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú mídhleathach a chosc;

(e)

sonrú an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí,

(f)

na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh;

(g)

na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí do na sonraí; agus

(h)

an ceart atá agna hábhair sonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, ach amháin dá ndéanfadh an ceart sin dochar do chríoch an tsriain.

CAIBIDIL IV

Rialaitheoir agus próiseálaí

Roinn 1

Oibleagáidí ginearálta

Airteagal 28

An próiseálaí

1.   I gcás ina mbeidh próiseáil le déanamh thar ceann rialaitheora, ní bhainfidh an rialaitheoir úsáid ach as próiseálaithe a thugann ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfear bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfaidh an phróiseáil ceanglais an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcosnófar cearta an ábhair sonraí.

2.   Ní fhostóidh próiseálaí cúnamh próiseálaí eile, gan údarú sonrach nó ginearálta a fháil ón rialaitheoir i scríbhinn. sin, i gcás údaraithe sonraigh nó ghinearálta, déanfaidh an próiseálaí an rialaitheoir a chur ar an eolas i gcónaí maidir le haon athrú a bheadh beartaithe a bhaineann le próiseálaithe a chur leis nó in ionad próiseálaithe eile, sa chaoi go mbeadh deis ag an rialaitheoir agóid a dhéanamh i gcoinne athruithe den chineál sin.

3.   Rialófar an phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí le conradh nó le gníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir ó thaobh dlí agus ina leagtar amach ábhar agus fad na próiseála, cineál agus críoch na próiseála, cineál na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí do na sonraí agus oibleagáidí agus cearta an rialaitheora. Foráilfear sa chonradh nó sa ghníomh dlíthiúil eile go ndéanfaidh an próiseálaí an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

ní phróiseálfaidh sé na sonraí pearsanta ach amháin ar threoracha doiciméadaithe a fháil ón rialaitheoir chuige sin, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura n-éilítear an phróiseáil sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit ar faoina réir atá an próiseálaí; agus sa chás sin, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir in iúl faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfar an phróiseáil, ach amháin mura gcoisctear an fhaisnéis sin faoin dlí sin ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí;

(b)

áiritheoidh sé go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun na sonraí pearsanta a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí;

(c)

déanfaidh sé gach beart is gá de bhun Airteagal 32;

(d)

urramóidh sé na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus 4 faoina bhfostófar próiseálaí eile;

(e)

agus cineál na próiseála á chursan áireamh, cuideoidh sé leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III;

(f)

cúnamh a thabhairt don rialaitheoir chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí de bhun Airteagal 32 go hairteagal 36, á chur san áireamh dó cineál na próiseála agus an fhaisnéis atá ar fáil don phróiseálaí;

(g)

ar rogha an rialaitheora, tabharfaidh sé na sonraí pearsanta uile ar ais don rialaitheoir nó scriosfaidh sé iad, tar éis dheireadh sholáthar na seirbhísí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí agus na cóipeanna atá ar marthain a scriosadh, mura rud é go n-éilíonn dlí an Aontais nó dlí Ballstáit go ndéanfar na sonraí údarú sonrach nó ginearálta sin a stóráil; agus

(h)

cuirfidh sé ar fáil don rialaitheoir an fhaisnéis uile is gá chun comhlíonadh na n-oibleagáidí atá leagtha síos san Airteagal seo a thaipseáint agus ceadóidh sé go ndéanfaidh an rialaitheoir nó iniúchóir eile dá dtabharfaidh an rialaitheoir sainordú, iniúchtaí, lena n-áirítear cigireachtaí, agus beidh baint aige leis na hiniúchtaí agus leis na cigireachtaí sin.

I dtaca le pointe (h) den chéad fhomhír, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas láithreach, más rud é, ina thuairim, go sáraíonn treoir an Rialachán seo nó forálacha maidir le cosaint sonraí de chuid an Aontais nó Ballstáit.

4.   I gcás ina bhfostóidh próiseálaí cúnamh próiseálaí eile d'fhonn gníomhaíochtaí sonracha próiseála a chur i gcrích thar ceann an rialaitheora, déanfar na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna atá leagtha amach sa chonradh nó i ngníomh dlíthiúil eile idir an rialaitheoir agus an próiseálaí dá dtagraítear i mír 2 a fhorchur ar an bpróiseálaí eile, trí chonradh nó trí ghníomh dlíthiúil eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit, lena dtabharfar go háirithe ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfear na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfaidh an phróiseáil ceanglais an Rialacháin seo. I gcás ina mainníonn an próiseálaí eile a oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh, beidh an chéad phróiseálaí go hiomlán dlite don rialaitheoir as feidhmiú oibleagáidí an phróiseálaí eile.

5.   Má chloíonn próiseálaí le cód formheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásra deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar eilimint le ráthaíochtaí leordhóthanacha iomchuí amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 den Airteagal seo a thaispeáint.

6.   Gan dochar do chonradh aonair idir an rialaitheoir agus an próiseálaí, féadfaidh an conradh nó an gníomh dlíthiúil eile dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo a bheith bunaithe, go hiomlán nó go páirteach, ar chlásail chaighdeánacha chonarthacha dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo, lena n-áirítear nuair atá siad mar chuid de dheimhniúchán a dheonaítear don rialaitheoir nó don phróiseálaí de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43.

7.   Féadfaidh an Coimisiún clásail chaighdeánacha chonarthacha a leagan síos le haghaidh na n-ábhar dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

8.   Féadfaidh údarás maoirseachta clásail chaighdeánacha chonarthacha a ghlacadh le haghaidh na n-ábhar dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

9.   Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh an conradh nó an gníomh dlíthiúil eile dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4.

10.   Gan dochar d'Airteagal 82, d'Airteagal 83 agus d'Airteagal 84, má sháraíonn próiseálaí an Rialachán seo trí chríocha agus modhanna na próiseála a chinneadh, measfar gur rialaitheoir é an próiseálaí i ndáil leis an bpróiseáil sin.

Airteagal 33

Fógra a thabhairt don údarás maoirseachta faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta

1.   I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, tabharfaidh an rialaitheoir, gan aon mhoill mhíchuí agus, más féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair tar éis dó bheith ar an eolas faoin sárú sin, fógra a thabhairt don údarás maoirseachta atá inniúil i gcomhréir le hairteagal l55, mura rud é, nach dócha go mbeidh riosca ann, mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha. Gabhfaidh na cúiseanna a bhí leis an mhoill leis an bhfógra don údarás maoirseachta i gcás nach dtugtar an fógra sin laistigh de 72 uair.

2.   Cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas gan mhoill mhíchuí a luaithe a thuigeann sé gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta.

3.   Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus neas-líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus neas-líon na dtaifead sonraí pearsanta lena mbaineann;

(b)

cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí in iúl nó luafar pointe teagmhála eile ónar féidir tuilleadh eolais a fháil;

(c)

tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta; agus

(d)

tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta ag an rialaitheoir nó atá beartaithe aige a dhéanamh le haghaidh a tbabhairt ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.

4.   I gcás nach féidir, agus a mhéid nach féidir, an fhaisnéis a chur ar fáil ag an am céanna, féadfar an fhaisnéis a sholáthar i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.

5.   Déanfaidh an rialaitheoir aon sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a dhoiciméadú, arb iad na fíricí a bhaineann leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh. Leis an doiciméadacht sin, cuirfear ar chumas an údaráis mhaoirseachta a fhíorú an bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh.

Airteagal 43

Comhlachtaí deimhniúcháin

1.   Gan dochar do chúraimí agus cumhachtaí an údaráis inniúil mhaoirseachta faoi Airteagal 57 agus Airteagal 58, déanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais acu i ndáil le cosaint sonraí, tar éis dóibh an t-údarás maoirseachta a chur ar an eolas le go mbeidh sé in ann a chumhachtaí a fheidhmiú de bhun phointe (h) d'Airteagal 58(2) nuair is gá sin, an deimhniú a eisiúint agus a athnuachan. Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go bhfuil na comhlachtaí deimhniúcháin sin creidiúnaithe ag ceann amháin nó ag an dá cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó Airteagal 56;

(b)

an comhlacht náisiúnta um chreidiúnú arna ainmniú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) i gcomhréir le EN-ISO/IEC 17065/2012 mar aon leis na ceanglais bhreise a shuí an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó Airteagal 56.

2.   Ní dhéanfar creidiúnú a thabhairt do na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an mír sin ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá sé taispeáinte acu go bhfuil siad neamhspleách agus go bhfuil saineolas acu maidir le hábhar an deimhnithe chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta;

(b)

ghabh siad de láimh na critéir a urramú dá dtagraítear in Airteagal 42(5) agus a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63;

(c)

tá nósanna imeachta curtha ar bun acu chun séalaí agus marcanna cosanta sonraí a eisiúint, a athbhreithniú go tráthrialta agus a tharraingt siar;

(d)

tá nósanna imeachta agus struchtúir bunaithe acu chun gearáin a láimhseáil maidir le sáruithe ar an deimhniú nó maidir leis an mbealach ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an deimhniú i bhfeidhm nó maidir leis an mbealach a bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, agus na nósanna imeachta sin agus na struchtúir sin a chur in iúl ar bhealach trédhearcach do na hábhair sonraí agus don phobal; agus

(e)

tá sé taispeáinte acu chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta nach ngabhann coinbhleachtaí leasa leis na cúraimí ná leis na dualgais atá orthu.

3.   Déanfar creidiúnú na gcomhlachtaí deimhniúcháin amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn na gcritéar a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63. I gcás creidiúnú de bhun phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfar, leis na ceanglais sin, na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus na rialacha teicniúla lena ndéantar cur síos ar mhodhanna agus ar nósanna imeachta na gcomhlachtaí deimhniúcháin a chomhlánú.

4.   Beidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 freagrach as measúnú ceart a dhéanamh, a mbeidh an deimhniú nó tarraingt siar an deimhnithe mar thoradh air, gan dochar don fhreagracht atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh. Eiseofar an creidiúnú le haghaidh uastréimhse cúig bliana agus féadfar é a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

5.   Tabharfaidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 na cúiseanna do na húdaráis inniúla mhaoirseachta ar tugadh nó nar tarraingíodh siar an deimhniú a iarradh dá mbarr.

6.   Poibleoidh an t-údarás maoirseachta na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 42(5), i bhfoirm a bhfuil sé easca rochtain a fháil uirthi. Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta na ceanglais agus na critéir sin chuig an mBord. Déanfaidh an Bord na sásraí deimhniúcháin ar fad agus na séalaí cosanta sonraí a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí aon bhealach iomchuí.

7.   Gan dochar do Chaibidil VIII, cúlghairfidh an t-údarás inniúil maoirseachta nó an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú a thug sé do chomhlacht deimhniúcháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo mura gcomhlíontar na coinníollacha don chreidiúnú nó mura mbíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó más rud é go sáraíonn na bearta a dhéanann comhlacht deimhniúcháin an Rialachán seo.

8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hairteagal 92, chun na critéir agus na ceanglais atá le cur san áireamh leis na sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42(1).

9.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos caighdeáin theicniúla do shásraí deimhniúcháin agus do shéalaí agus marcanna cosanta sonraí, agus do shásraí chun na sásraí deimhniúcháin, séalaí agus marcanna sin a chur chun cinn agus a aithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

CAIBIDIL V

Aistrithe sonraí pearsanta go tríú tíortha nó go heagraíochtaí idirnáisiúnta

Airteagal 45

Aistrithe ar bhonn cinneadh leordhóthanachta

1.   Féadfar sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta i gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún go n-áirithíonn tríú tír, an críoch nó an earnáil shonraithe, laistigh den tríú tír sin, nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist, go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Ní gá aon údarú sonrach a fháil i gcás aistriú den sórt sin.

2.   Agus a leordhóthanaí atá an leibhéal cosanta á mheas ag an gCoimisiún cuirfidh sé na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

(a)

an smacht reachta, an urraim do chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, reachtaíocht ábhartha, idir ghinearálta agus earnálach, lena n-áirítear i ndáil leis an tslándáil phoiblí, cosaint, an tslándáil náisiúnta agus an dlí coiriúil agus rochtain na n-údarás poiblí ar shonraí pearsanta, maille le cur chun feidhme na reachtaíochta seo, rialacha um chosaint sonraí, rialacha gairmiúla agus bearta slándála, lena n-áirítear rialacha maidir le sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh go tríú tír eile nó go heagraíocht idirnáisiúnta eile, ar rialacha iad atá á gcomhlíonadh sa tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin, an cásdlí, chomh maith le cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe a bheith ar fáil d'ábhair sonraí agus sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach do na hábhair sonraí agus a bhfuil a sonraí pearsanta á n-aistriú;

(b)

ceann amháin nó níos mó d'údaráis neamhspleácha mhaoirseachta a bheith sa tríú tír agus é/iad ag feidhmiú go maith nó a mbeidh eagraíocht idirnáisiúnta faoina réir agus é mar fhreagracht orthu a áirithiú go bhfuil na rialacha maidir le cosaint sonraí á gcomhlíonadh agus á bhforfheidhmiú, lena n-áirítear cumhachtaí iomchuí forfheidhmithe chun comhairle a chur ar na hábhair sonraí agus cúnamh a thabhairt dóibh chuige sin, agus chun comhar a áirithiú le húdaráis mhaoirseachta an Aontais agus na mBallstát;

(c)

na tiomantais idirnáisiúnta atá glactha ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, nó oibleagáidí eile a eascraíonn as coinbhinsiúin nó ionstraimí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus óna rannpháirtíocht i gcórais réigiúnacha nó i gcórais iltaobhacha, go háirithe a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint.

3.   Tar éis dó leordhóthanacht leibhéal na cosanta a mheas, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go n-áirithítear i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe amháin nó níos mó i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta, go bhfuil leibhéal cosanta leordhóthanach inti laistigh de réir bhrí mhír 2 den Airteagal seo.Forálfar, leis an ngníomh cur chun feidhme, do shásra chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh, ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana, ina gcuirfear san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa tríú tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin. Sa ghníomh cur chun feidhme, sonrófar cur i bhfeidhm críochach agus earnálach an ghnímh, agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneofar an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

4.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn leanúnach, faireachán ar fhorbairtí i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcaoi a bhfheidhmeodh na cinntí a ghlactar de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus na cinntí a ghlactar ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE.

5.   Sa mhéid is gá, cinnfidh an Coimisiún, i gcás ina léireoidh an fhaisnéis atá ar fáil, go háirithe tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, nach n-áirithítear a thuilleadh leibhéal leordhóthanach cosanta i dtríú tír, i gcríoch ná in earnáil shonraithe sa tríú tír sin, ná in eagraíocht idirnáisiúnta, de bhrí mhír 2 den Airteagal seo, a mhéid is féidir, déanfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a aisghairm, a leasú nó a chur ar fionraí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan éifeacht chúlghabhálach a bheith aige. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Ar mhórchúiseanna prainne a bhfuil bonn cirt cuí leo, déanfaidh an Coimsiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhéir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(3).

6.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta féachaint an bhféadfaí an méid ba chúis leis an gcinneadh a rinneadh de bhun mhír 5 seo a leigheas.

7.   Is gan dochar a bheidh cinneadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo d'aistrithe sonraí pearsanta go dtí an tríú tír, go dtí an chríoch nó go hearnáil shonraithe amhain nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó go dtí an eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 46 go hairteagal 49.

8.   Déanfaidh an Coimisiún liosta a fhoilsiú, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar a shuíomh gréasáin, de na tríú tíortha, de na críocha agus de na hearnálacha sonraithe i dtríú tír agus de na heagraíochtaí idirnáisiúnta ar chinn an Coimisiún ina leith go raibh nó nach raibh a leibhéil chosanta leormhaith.

9.   Beidh feidhm ag cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a ionadú nó a aisghairm le Cinneadh ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 3 nó mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 46

Aistrithe faoi réir coimircí iomchuí

1.   I gcás nach mbeidh cinneadh déanta de bhun Airteagal 45(3), ní fhéadfaidh rialaitheoir ná próiseálaí sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír ná go heagraíocht idirnáisiúnta ach amháin má tá coimircí iomchuí soláthraithe ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, agus ar an gcoinníoll go bhfuil cearta in-fhorfheidhmithe agus réitigh éifeachtacha dlí ar fáil d'ábhair sonraí.

2.   Féadfar foráil a dhéanamh do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, gan aon údarú sonrach a bheith ag teastáil ó údarás maoirseachta, trí:

(a)

ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí agus in-fhorfheidhmithe idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí;

(b)

rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir le hairteagal 47;

(c)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);

(d)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag údarás maoirseachta agus arna bhformheas ag an gCoimisiún de bhun an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);

(e)

cód iompair formheasta de bhun Airteagal 40 i dteannta gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí; nó

(f)

sásra deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42 i dteannta le gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

3.   Faoi réir an údaraithe ón údarás inniúil maoirseachta, féadfar foráil a dhéanamh freisin do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, ó:

(a)

clásail chonarthacha idir an rialaitheoir nó an próiseálaí agus an rialaitheoir, an próiseálaí nó faighteoir na sonraí pearsanta sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta; nó

(b)

forálacha le cur isteach i socruithe riaracháin idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí, lena n-áirítear cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe do na hábhair sonraí.

4.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 i bhfeidhm sna cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Leanfaidh údaruithe ó Bhallstát nó ó údarás maoirseachta de bheith bailí ar bhonn Airteagal 26(2) de Threoir 95/46/CE go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta sin iad a leasú nó a aisghairm nó go gcuirfidh sé údaruithe eile ina n-ionad, más gá. Beidh feidhm ag na cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 26(4) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a athchur nó a aisghairm, más gá, le Treoir ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 47

Rialacha ceangailteacha corporáideacha

1.   Formheasfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir leis an sásra comhsheasmhachta a leagtar amach in Airteagal 63, ar choinníoll:

(a)

go mbeidh siad ceangailteach ó thaobh dlí agus go mbeidh feidhm acu maidir le gach comhalta lena mbaineann i ngrúpa gnóthas, nó i ngrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, lena n-áirítear a gcuid fostaithe,agus go ndéanfaidh gach comhalta iad a fhorfheidhmiú;

(b)

go dtabharfaidh siad cearta in-fhorfheidhmithe go sainráite d'ábhar sonraí maidir lena sonraí pearsanta a phróiseáil; agus

(c)

go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais atá leagtha síos i mír 2.

2.   Leis na rialacha ceangailteacha corparáideacha dá dtagraítear i mír 1, sonrófar ar a laghad:

(a)

struchtúr agus sonraí teagmhála an ghrúpa gnóthas, nó an ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu agus struchtúr agus sonraí teagmhála gach comhalta den ghrúpa sin;

(b)

na haistrithe sonraí nó na sraith d'aistrithe sonraí, lena n-áirítear na catagóirí sonraí pearsanta, an cineál próiseála agus críocha na próiseála sin, an cineál ábhair sonraí lena mbainfidh agus ainm nó ainmneacha an tríú tír nó na dtríú tíortha;

(c)

iad a bheith de chineál ceangailteach ó thaobh dlí, go hinmheánach agus go seachtrach;

(d)

cur i bhfeidhm na bprionsabal ginearálta maidir le cosaint sonraí, go háirithe teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, tréimhsí teoranta stórála, cáilíocht sonraí, cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú, an bunús dlí atá leis an próiseáil, próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta, bearta chun slándáil sonraí a áirithiú agus na ceanglais maidir le sonraí a aistriú ar aghaidh chuig comhlachtaí nach bhfuil faoi cheangal na rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(e)

cearta na n-ábhar sonraí maidir le próiseáil agus na modhanna chun na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear an ceart gan a bheith faoi réir cinntí atá bunaithe ar phróifíliú, lena n-áirítear próifíliú i gcomhréir le hairteagal 22, an ceart gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil maoirseachta agus le cúirteanna inniúla na mBallstát i gcomhréir le hairteagal 79, agus an ceart chun sásaimh, agus, nuair is iomchuí, an ceart chun cúiteamh a fháil de bharr sárú ar na rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(f)

go nglacann an rialaitheoir nó an próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit le dliteanas i gcás ina sáraíonn aon chomhalta lena mbaineann nach bhfuil bunaithe san Aontas na rialacha ceangailteacha corparáideacha; ní bheidh an rialitheoir nó an próisealaí díolmhaithe ón dliteanas sin, go páirteach nó go hiomlán, ach amháin má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste;

(g)

an bealach a gcuirtear an fhaisnéis faoi na rialacha ceangailteacha corparáideacha, agus faoi na forálacha dá dtagraítear i bpointí (d), (e) agus (f) den mhír seo go háirithe, ar fáil do na hábhair sonraí chomh maith le hairteagal 13 agus le hairteagal 14;

(h)

cúraimí aon oifigigh cosanta sonraí a cheaptar i gcomhréir le hairteagal 37, nó aon duine nó aon eintitis eile atá i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha ceangailteacha corparáideacha laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, chomh maith le faireachán ar oiliúint agus ar an dóigh a ndéileáiltear le gearáin;

(i)

na nósanna imeachta um ghearáin;

(j)

na sásraí laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu lena n-áirithítear go bhfíoraítear comhlíonadh na rialacha ceangailteacha corparáideacha. Áireofar ar na sásraí sin iniúchtaí ar chosaint sonraí agus modhanna lena n-áirithítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun cearta an ábhair sonraí a chosaint. Ba cheart torthaí an fhíoraithe sin a chur in iúl don duine nó don eintiteas dá dtagraítear i bpointe (h) agus do bhord an ghnóthais rialaithe de ghrúpa gnóthas nóde ghrúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, agus ba cheart iad a bheith ar fáil arna iarraidh sin don údarás inniúil maoirseachta;

(k)

na sásraí chun athruithe ar na rialacha a thaifeadadh agus a thuairisciú agus chun tuairisc a thabhairt don údarás maoirseachta faoi na hathruithe sin;

(l)

an sásra don chomhar leis an údarás maoirseachta chun comhlíonadh a áirithiú i gcás gach comhalta den ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, go háirithe trí thorthaí na bhfíoruithe ar na bearta dá dtagraítear i bpointe (j) den mhír seo a chur ar fáil don údarás maoirseachta;

(m)

na sásraí chun aon cheanglais dlí a bhfuil comhalta den ghrúpa gnóthas nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu faoina réir i dtríú tír a thuairisciú don údarás inniúil maoirseachta, ar dóchúil go mbeadh éifeacht shuntasach dhíobhálach aige ar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear leis na rialacha ceangailteacha corparáideacha; agus

(n)

an oiliúint iomchuí i ndáil le cosaint sonraí do phearsanra a bhfuil rochtain bhuan nó rialta acu ar shonraí pearsanta.

3.   Féadfaidh an Coimisiún an fhormáid agus na nósanna imeachta a shonrú maidir le faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta i gcás rialacha ceangailteacha corparáideacha de réir bhrí an Airteagail seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Airteagal 57

Cúraimí

1.   Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:

(a)

déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;

(b)

déanfaidh sé feasacht agus tuiscint i measc an phobail a chur chun cinn maidir leis na rioscaí, leis na rialacha, leis na coimircí agus leis na cearta a bhaineann le próiseáil. Tabharfar aird ar leith ar ghníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le leanaí;

(c)

cuirfidh sé comhairle, i gcomhréir le dlí Ballstáit, ar an bparlaimint náisiúnta, ar an rialtas, agus ar institiúidí agus ar chomhlachtaí eile maidir le bearta reachtacha agus riaracháin a bhaineann le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil;

(d)

déanfaidh sé feasacht maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo i measc rialaitheoirí agus próiseálaithe a chur chun cinn;

(e)

arna iarraidh sin air, soláthróidh sé faisnéis d'aon ábhar sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo agus, más iomchuí, comhoibreoidh sé leis na húdaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile chun na críche sin;

(f)

láimhseálfaidh sé gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí, nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas i gcomhréir le hairteagal 80, agus déanfaidh sé imscrúdú, a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus cuirfidh sé an gearánaí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile;

(g)

oibreoidh sé i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta eile agus roinnfidh sé faisnéis leo agus cuirfidh sé cúnamh frithpháirteach ar fáil dóibh, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhonn comhsheasmhach;

(h)

déanfaidh sé imscrúduithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás maoirseachta eile nó ó údarás poiblí eile;

(i)

déanfaidh sé faireachán ar fhorbairtí ábhartha, sa mhéid go bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe forbairtí i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus i gcleachtais tráchtála;

(j)

glacfaidh sé na clásail chonarthacha chaighdeánacha dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d'Airteagal 46(2);

(k)

bunóidh sé agus coimeádfaidh sé ar bun liosta i ndáil leis an gceanglas le haghaidh measúnú tionchair a dhéanamh ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 35(4);

(l)

tabharfaidh sé comhairle maidir leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 36(2);

(m)

spreagfaidh sé cóid iompair a tharraingt suas de bhun Airteagal 40(1) agus tabharfaidh sé tuairim fúthu agus formheasfaidh sé na cóid iompair sin a bhfuil coimircí leordhóthanacha ag gabháil leo, de bhun Airteagal 40(5);

(n)

spreagfaidh sé bunú sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí, agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí freisin, agus formheasfaidh sé na critéir deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 (5);

(o)

i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil ar dheimhniúcháin a eisítear i gcomhréir le hairteagal 42(7);

(p)

dréachtóidh agus foilseoidh sé na critéir i ndáil le comhlacht a chreidiúnú chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus i ndáil le comhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;

(q)

seolfaidh sé creidiúnú do chomhlacht chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus creidiúnú do chomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;

(r)

údaróidh sé na clásail chonarthacha agus na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 463;

(s)

déanfaidh sé rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47;

(t)

rannchuideoidh sé le gníomhaíochtaí an Bhoird;

(u)

coimeádfaidh sé taifid inmheánacha ar sháruithe ar an Rialachán seo agus ar na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hairteagal 58(2); agus

(v)

comhlíonfaidh sé aon chúraimí eile a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2.   Déanfaidh gach údarás maoirseachta taisceadh na ngearán dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 a éascú trí bhearta amhail foirm le haghaidh gearán a dhéanamh, a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, gan modhanna eile cumarsáide a eisiamh.

3.   Comhlíonfaidh gach údarás maoirseachta a chúraimí gan aon chostas a ghearradh ar an ábhar sonraí ná, i gcás inarb infheidhme, ar an oifigeach cosanta sonraí.

4.   I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí gan bhunús nó go bhfuil siad iomarcach, go háirithe mar gheall ar a atarlaithí atá siad, féadfaidh an t-údarás maoirseachta táille réasúnta a ghearradh ar bhonn na gcostas riaracháin, sin nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata. Is faoin údarás maoirseachta a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.

Airteagal 58

Cumhachtaí

1.   Beidh na cumhachtaí imscrúdaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

ordú a thabhairt don rialaitheoir agus don phróiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, d'ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, aon fhaisnéis a éilíonn sé ar mhaithe lena chúraimí a chomhlíonadh a chur ar fáil dó;

(b)

imscrúduithe a dhéanamh i bhfoirm iniúchtaí ar chosaint sonraí;

(c)

athbhreithniú a dhéanamh ar dheimhnithe a eisíodh de bhun Airteagal 42(7);

(d)

fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí faoi shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar an Rialachán seo;

(e)

rochtain a fháil, ón rialaitheoir agus ón bpróiseálaí, ar na sonraí pearsanta ar fad agus ar gach faisnéis is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh; agus

(f)

rochtain a fháil ar aon áitreabh de chuid an rialaitheora agus an phróiseálaí, lena n-áirítear ar aon trealamh agus ar aon mhodh próiseála sonraí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí nós imeachta náisiúnta Ballstáit.

2.   Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

fógraí rabhaidh a thabhairt do rialaitheoir nó do phróiseálaí ina gcuirtear in iúl gur dóchúil go sárófar forálacha an Rialacháin seo leis na hoibríochtaí próiseála a bheartaítear;

(b)

iomarduithe a eisiúint do rialaitheoir nó do phróiseálaí i gcás ina bhfuil oibríochtaí próiseála tar éis forálacha an Rialacháin seo a shárú;

(c)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí iarrataí an ábhair sonraí a chomhlíonadh maidir lena chearta a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo;

(d)

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus, nuair is iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe;

(e)

ordú a thabhairt don rialaitheoir sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí;

(f)

teorainn shealadach nó bhuan a fhorchur lena n-áirítear cosc ar phróiseáil;

(g)

ordú a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó go ndéanfaí próiseáil a shrianadh de bhun Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18 agus go gcuirfí na faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta sin dóibh ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin de bhun Airteagal 17(2) agus Airteagal 19;

(h)

deimhniú a tharraingt siar nó ordú a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin deimhniú a tharraingt siar ar deimhniú é a eisíodh de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43, nó ordú a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin gan deimhniú a eisiúint mura bhfuil na ceanglais don deimhniú á gcomhlíonadh nó mura bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(i)

fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear sa mhír seo nó ina n-ionad, ag brath ar dhálaí gach cáis faoi leith; agus

(j)

ordú a thabhairt sreabha sonraí chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a fhionraí.

3.   Beidh na cumhachtaí údaraithe agus comhairleacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a)

comhairle a thabhairt don rialaitheoir i gcomhréir leis an nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36;

(b)

tuairimí a thabhairt, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air, don pharlaimint náisiúnta, do rialtas an Bhallstáit nó, i gcomhréir lei dlí Ballstáit, do na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile agus don phobal, maidir le haon saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta;

(c)

próiseáil dá dtagraítear in Airteagal 36(5) a údarú, má tá réamhúdarú den sórt sin riachtanach i ndlí an Bhallstáit;

(d)

tuairim a thabhairt agus dréachtchóid iompair a fhormheas de bhun Airteagal 40(5);

(e)

comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú de bhun Airteagal 43;

(f)

deimhnithe a eisiúint agus critéir deimhniúcháin a fhormheas i gcomhréir le hairteagal 42(5);

(g)

clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d'Airteagal 46(2) a ghlacadh;

(h)

clásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 46(3) a údarú;

(i)

socruithe riaracháin dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 46(3) a údarú;

(j)

rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47.

4.   Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thabharfar don údarás maoirseachta de bhun an Airteagail seo faoi réir coimircí iomchuí, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí, atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit i gcomhréir leis an gCairt.

5.   Forálfaidh gach Ballstát le dlí go mbeidh de chumhacht ag a údarás maoirseachta sáruithe ar an Rialachán seo a thabahirt os comhair na n-údarás breithiúnach agus, i gcás inarb iomchuí, imeachtaí dlíthiúla a thosú nó dul ina mbun ar bhealach eile d'fhonn forálacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú.

6.   Féadfaidh gach Ballstát a fhoráil le dlí go mbeidh cumhachtaí breise ag a údarás maoirseachta chomh maith leo siúd dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3. Ní chuirfidh oibriú na gcumhachtaí sin isteach ar fheidhmiú éifeachtach Chaibidil VII.

Airteagal 59

Tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí

Déanfaidh gach údarás maoirseachta tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir lena chuid gníomhaíochtaí, ina bhféadfar liosta de chineálacha sáruithe a dtugtar fógra fúthu agus de chineálacha beart arna bhforchur i gcomhréir le hairteagal 58(2) a áireamh. Tíolacfar na tuarascálacha chuig an bparlaimint náisiúnta, chuig an rialtas agus chuig údaráis eile faoi mar atá ceaptha le dlí Ballstáit. Déanfar iad a chur ar fáil don phobal, don Choimisiún agus don Bhord.

CAIBIDIL VII

Comhar agus comhsheasmhacht

Roinn 1

Comhar

Airteagal 61

Cúnamh frithpháirteach

1.   Tabharfaidh údaráis mhaoirseachta faisnéis ábhartha agus cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar shlí chomhsheasmhach, agus cuirfidh siad bearta i bhfeidhm le go bhféadfar oibriú go héifeachtach i gcomhar lena chéile. Is é is mó a chumhdófar le cúnamh frithpháirteach, amhail iarrataí ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarrataí ar réamhúdaruithe agus réamhchomhairliúcháin, cigireachtaí agus imscrúduithe.

2.   Déanfaidh gach údarás maoirseachta na bearta iomchuí uile is gá d'fhonn iarraidh ó údarás maoirseachta eile a fhreagairt agus déanfar é sin gan mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar a áireamh sna bearta sin, go háirithe, faisnéis ábhartha a tharchur maidir le himscrúdú a dhéanamh.

3.   Cuimseofar san iarraidh ar chúnamh gach faisnéis is gá, lena n-áirítear cuspóir na hiarrata agus na cúiseanna atá léi. Úsáidfear an fhaisnéis a mhalartaítear chun na críche ar iarradh an fhaisnéis dá leith, agus chuige sin amháin.

4.   An t-údarás maoirseachta iarrtha, ní fhéadfaidh sé diúltú an iarraidh a chomhlíonadh ach amháin:

(a)

mura bhfuil sé inniúil ar ábhar na hiarrata nó ar na bearta a iarrfar air a fheidhmiú; nó

(b)

dá sáródh comhlíonadh na hiarrata an Rialachán seo dlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bhfuil an t-údarás maoirseachta a fhaigheann an iarraidh faoina réir.

5.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta iarrtha an t-údarás maoirseachta iarrthach ar an eolas faoi thorthaí na hiarrata nó, de réir mar a bheidh, faoin dul chun cinn nó faoi na bearta atá déanta chun freagairt don iarraidh. I gcásanna diúltaithe faoi mhír 4, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta iarrtha míniú ar na cúiseanna atá le haon diúltú iarraidh de bhun mhír 4 a chomhlíonadh.

6.   De ghnáth, is trí mhodhanna leictreonacha a sholáthróidh údaráis mhaoirseachta iarrtha an fhaisnéis a iarrfaidh údaráis mhaoirseachta eile agus bainfear úsáid as formáid chaighdeánaithe chuige sin.

7.   Ní ghearrfaidh údaráis mhaoirseachta táille as aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh siad de bhun cúnamh frithpháirteach a iarraidh. Féadfaidh údaráis mhaoirseachta rialacha a chomhaontú le chéile le go slánóidh údaráis mhaoirseachta eile iad maidir le caiteachas sonrach a éiríonn as cúnamh frithpháirteach a sholáthar i ndálaí eisceachtúla.

8.   I gcás nach soláthróidh údarás maoirseachta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil ó údarás maoirseachta eile, féadfaidh an t-údarás maoirseachta iarrthach beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstáit féin i gcomhréir le hairteagal 55(1). Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach maidir le gníomhú faoi Airteagal 66(1), agus go mbeidh gá le cinneadh ceangailteach práinneach ón mBord de bhun Airteagal 61(2).

9.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus na nósanna imeachta don chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear san Airteagal seo a shonrú agus na socruithe maidir le faisnéis a mhalartú trí mhodhanna leictreonacha idir údaráis mhaoirseachta, agus idir údaráis mhaoirseachta agus an Bord, go háirithe an fhormáid chaighdeánaithe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Airteagal 62

Oibríochtaí comhpháirteacha na n-údarás maoirseachta

1.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí comhpháirteacha a sheoladh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha agus bearta comhpháirteacha forfheidhmithe a mbeidh comhaltaí nó foireann údaráis mhaoirseachta na mBallstát eile bainteach leo.

2.   I gcás ina mbeidh bunaíochtaí ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i roinnt Ballstát nó i gcás inar dócha go mbeidh tionchar nach beag ag oibríochtaí próiseála ar líon suntasach ábhar sonraí i mBallstát amháin nó níos mó, beidh sé de cheart ag údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha sin. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 56(1) nó Airteagal 56(4) cuireadh don údarás maoirseachta ó gach ceann de na Ballstáit sin a bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí comhpháirteacha agus freagróidh sé gan mhoill don iarraidh ó údarás maoirseachta maidir lena bheith rannpháirteach.

3.   Féadfaidh údarás maoirseachta, i gcomhréir le dlí Ballstáit, agus le húdarú an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh, cumhachtaí, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaitheacha, a thabhairt do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh atá i mbun oibríochtaí comhpháirteacha nó, a mhéid is a cheadaítear le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh, ceadú do chomhaltaí nó d'fhoireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a gcumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh. Ní fhéadfar na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a fheidhmiú ach amháin faoi threoir agus i láthair chomhaltaí nó fhoireann an údaráis mhaoirseachta óstaigh. Beidh comhaltaí nó foireann an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh faoi réir dhlí Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh.

4.   I gcás inarb amhlaidh, i gcomhréir le mír 1, go bhfuil foireann údaráis mhaoirseachta tionscnaimh ag feidhmiú i mBallstát eile, glacfaidh Ballstát an údaráis mhaoirseachta óstaigh freagracht as a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear dliteanas, i leith aon damáiste a dhéanfaidh siad agus iad i mbun a n-oibríochtaí, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a mbeidh siad ag oibriú ar a chríoch.

5.   An Ballstát ar ina chríoch a rinneadh an damáiste, slánóidh sé an damáiste sin faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le damáiste a rinne a foireann féin. Ballstát an údaráis mhaoirseachta tionscnaimh a ndearna a foireann féin damáiste do dhuine ar bith i gcríoch Bhallstáit eile, cúiteoidh sé leis an mBallstát eile sin ina iomláine aon suimeanna a d'íoc sé leis na daoine a bhí ina dteideal thar a gceann sin.

6.   Gan dochar d'fheidhmiú na gceart i leith tríú páirtithe agus cé is moite de mhír 5, staonfaidh gach Ballstát, sa chás dá bhforáiltear i mír 1, ó chúiteamh damáistí a d'fhulaing sé a iarraidh ar Bhallstát eile I dtaca le damáiste dá dtagraítear de bhun mhír 4.

7.   I gcás ina mbeidh oibríocht chomhpháirteach beartaithe agus nach gcomhlíonfaidh údarás maoirseachta laistigh de mhí amháin an oibleagáid a leagadh síos sa dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta eile beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstát sin i gcomhréir le hairteagal 55. Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach atá le gníomhú faoi Airteagal 66(1) agus go bhfuil gá le tuairim ón mBord, nó cinneadh ceangailteach práinneach uaidh, de bhun Airteagal 66(2).

Roinn 2

Comhsheasmhacht

Airteagal 64

Tuairim an Bhoird

1.   I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil maoirseachta aon cheann de na bearta anseo síos a ghlacadh, eiseoidh an Bord tuairim. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an dréachtchinneadh in iúl don Bhord, sna cásanna seo a leanas:

(a)

dírítear ann ar liosta de na hoibríochtaí próiseála a ghlacadh faoi réir an cheanglais le haghaidh measúnú tionchair ar chosaint sonraí, de bhun Airteagal 35(4);

(b)

baineann sé le hábhar de bhun Airteagal 40(7) féachaint an bhfuil dréachtchód iompair nó leasú nó síneadh ar chód iompair má chomhlíonann sé an Rialachán seo;

(c)

dírítear ann ar chritéir maidir le creidiúnú comhlachta a fhormheas de bhun Airteagal 41(3) nó maidir le comhlacht deimhniúcháin de Airteagal 43(3);

(d)

dírítear ann ar na clásail chaighdeánacha um chosaint sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 46(2) agus in Airteagal 28(8) a chinneadh;

(e)

dírítear ann ar chlásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 46(3) a údarú; nó

(f)

dírítear ann ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de réir bhrí Airteagal 47.

2.   Féadfaidh údarás maoirseachta ar bith, Cathaoirleach an Bhoird nó an Coimisiún, a iarraidh go ndéanfaidh an Bord scrúdú ar aon ábhar a mbeidh feidhm ghinearálta aige nó ar aon ábhar a mbeidh éifeachtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin d'fhonn tuairim a fháil, go háirithe i gcás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil maoirseachta na hoibleagáidí maidir le cúnamh frithpháirteach i gcomhréir le hairteagal 61 nó maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha i gcomhréir le hairteagal 62.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Bord tuairim a eisiúint ar an ábhar a cuireadh faoina bhráid ar an gcoinníoll nach mbeidh tuairim eisithe aige cheana féin maidir leis an gceist chéanna. Glacfar an tuairim sin laistigh de thréimhse ocht seachtaine, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh breise sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin agus castacht an ábhair á cur san áireamh. Maidir leis an dréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a scaipeadh ar chomhaltaí an Bhoird i gcomhréir le mír 5, comhalta nach bhfuil agóid déanta aige laistigh de thréimhse réasúnta arna sonrú ag an gCathaoirleach, measfar go dtoilíonn sé leis an dréachtchinneadh.

4.   Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis ábhartha a chur in iúl trí mheán leictreonach don Bhord, agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe, lena n-áiritheofar, de réir mar a bheidh, achoimre ar na fíricí, an dréachtchinneadh, na forais is bonn leis an ngá atá le beart den sórt sin a achtú, agus na tuairimí ó údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann.

5.   Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird, gan aon mhoill mhíchuí, na nithe seo a leanas a chur ar an eolas trí mheán leictreonach:

(a)

comhaltaí an Bhoird agus an Coimisiún faoi aon fhaisnéis ábhartha a cuireadh in iúl dó, agus úsáid á baint aige as formáid chaighdeánaithe chuige sin. Soláthróidh rúnaíocht an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí aistriúcháin den fhaisnéis ábhartha, nuair is gá; agus

(b)

an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear, de réir mar a bheidh, i mír 1 agus i mír 2, chomh maith leis an gCoimisiún faoin tuairim agus poibleoidh sé í.

6.   Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta a dhréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3.

7.   Cuirfidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 an tuairim ón mBord san áireamh ina hiomláine agus cuirfidh sé in iúl trí mheán leictreonach do Chathaoirleach an Bhoird laistigh de choicís tar éis dó an tuairim a fháil cibé acu an seasfaidh sé leis an dréachtchinneadh nó an leasóidh sé é agus, i gcás inarb ann do leasuithe, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an dréachtchinneadh leasaithe ar aghaidh freisin agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe.

8.   I gcás ina gcuireann an t-údarás maoirseachta lena mbaineann in iúl do Chathaoirleach an Bhoird, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, nach bhfuil sé ar intinn aige tuairim an Bhoird a leanuint, ina hiomláine nó go páirteach, agus na forais ábhartha á soláthar aige, beidh feidhm ag Airteagal 65(1).

Airteagal 83

Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh

1.   Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 4, i mír agus i mír 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.

2.   Gearrfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar dhálaí gach cáis aonair, de bhreis ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) agus i bpointe (j) d'Airteagal 58(2) nó ina n-ionad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

(a)

cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus cineál, raon feidhme nó cuspóir na próiseála lena mbaineann á gcur san áireamh chomh maith le líon na n-ábhar sonraí do shonraí a ndearnadh difear dóibh agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;

(b)

cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;

(c)

aon ghníomhaíocht a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí chun an damáiste a bhain do na hábhair sonraí a mhaolú;

(d)

méid na freagrachta atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir siad chun feidhme de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 32 á gcur san áireamh;

(e)

aon sáruithe ábhartha a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí roimhe seo;

(f)

a mhéid comhair a bhí ann leis an údarás maoirseachta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;

(g)

na catagóirí de shonraí pearsanta a ndearna an sárú difear dóibh;

(h)

an bealach ina bhfuair an t-údarás maoirseachta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an sárú in iúl, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;

(i)

i gcás inar ordaíodh bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(2) i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí lena mbaineann maidir leis an ábhar céanna roimhe sin, ar comhlíonadh na bearta sin;

(j)

a mhéid a gcloítear le cóid iompair formheasta de bhun Airteagal 40 nó sásraí deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42; agus

(k)

aon imthosca ghéaraitheacha nó mhaolaitheacha eile is infheidhme i leith dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú.

3.   Más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d'aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí.

4.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2a, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 10 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)

na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir agus ar an bpróiseálaí de bhun Airteagal 8, Airteagal 11, Airteagal 25 go hairteagal 26 agus Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(b)

na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(c)

na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht faireacháin de bhun Airteagal 41(4);

5.   Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

(a)

na bunphrionsabail le haghaidh próiseála, lena n-áirítear coinníollacha maidir le toiliú, de bhun Airteagail 5, 6, 7 agus 9;

(b)

cearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagail 12-22;

(c)

aistrithe sonraí pearsanta chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 44 go hairteagal 49;

(d)

aon oibleagáidí de bhun dlí Ballstáit arna nglacadh faoi Chaibidil IX;

(e)

neamh-chomhlíonadh ordaithe nó teorannaithe shealadaigh nó chinntithigh ar phróiseáil nó fionraí na sreabh sonraí ag an údarás maoirseachta de bhun Airteagal 58(2) nó mainneachtain rochtain a sholáthar de shárú ar Airteagal 58(1).

6.   Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2), i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

7.   Gan dochar do na cumhachtaí ceartúcháin atá ag údaráis mhaoirseachta de bhun Airteagal 58(2), féadfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.

8.   Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag an údarás maoirseachta faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí.

9.   I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit do ghearradh fíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta inniúil an gearradh sin a thionscnamh agus go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla é, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a ghearrfaidh na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a ghearrfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe féin a ghlacann siad de bhun na mire seo faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Airteagal 93

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh.182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hairteagal 5 de.

CAIBIDIL XI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 94

Treoir 95/46/CE a aisghairm

1.   Déantar Treoir 95/46/CE a aisghairm an 25 Bealtaine 2018.

2.   Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Déanfar aon tagairtí don Mheitheal um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil a bunaíodh le hairteagal 29 de Threoir 95/46/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí a bhunaítear leis an Rialachán seo.


whereas

dal 2004 diritto e informatica