Airteagal 88
Próiseáil i gcomhthéacs na fostaíochta
1. Féadfaidh na Ballstáit, leis an dlí nó le comhaontuithe comhchoiteanna, foráil a dhéanamh do rialacha níos sonraí chun a áirithiú go ndéanfar cearta agus saoirsí na bhfostaithe a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ó thaobh na fostaíochta de, go háirithe chun na críocha seo a leanas: earcaíocht, feidhmiú an chonartha fostaíochta, lena n-áirítear comhlíonadh na n-oibleagáidí arna leagan síos de réir dlí nó comhaontuithe comhchoiteanna, bainistiú, pleanáil agus eagrú na hoibre, comhionannas agus éagsúlacht san ionad oibre, sláinte agus slándáil ag an obair, cosaint maoin an fhostóra nó an chustaiméara agus feidhmiú agus tairbhiú de cheart agus de sochair a bhaineann le fostaíocht, ar bhonn aonair nó comhchoiteann, agus chun críoch deireadh a chur leis an gcaidreamh fostaíochta.
2. Áireofar ar na rialacha sin bearta oiriúnacha agus sonracha chun dínit, cearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú, go háirithe maidir le trédhearcacht na próiseála, aistriú sonraí pearsanta laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu, agus i gcórais faireacháin san ionad oibre.
3. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin ina dhlí atá á nglacadh aige de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 agus, tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.
whereas
(71) Ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh, a bhféadfadh beart a bheith mar chuid de, lena meastar gnéithe pearsanta a bhaineann leis nó léi agus atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin agus ag a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla maidir leis nó léi nó a mbíonn éifeacht chomhchosúil shuntasach aige air nó uirthi, amhail diúltú uathoibríoch d'iarratas ar líne i leith creidmheas a fháil nó cleachtais earcaíocht ar líne nach mbaineann aon idirghabháil le duine leo. Áirítear ar phróiseáil den sórt sin “próifíliú”, arb é atá i gceist leis foirm ar bith de phróiseáil uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta lena meastar na gnéithe pearsanta a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís nó tuar a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an ábhair sonraí ag an obair, le staid eacnamaíochta, le sláinte, le roghanna pearsanta nó le díol spéise, le hiontaofacht nó iompar an duine sin, leis an áit ina bhfuil an duine sin nó le gluaiseachtaí an duine sin, i gcás ina mbíonn éifeachtaí dlíthiúla mar thoradh air sin a bhaineann leis nó léi nó a mbíonn éifeachtaí comhchosúla suntasacha aici air nó uirthi.
Ba cheart, áfach, cinnteoireacht a cheadú atá bunaithe ar phróiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú, nuair atá sin údaraithe go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, lena n-áirítear chun faireachán a dhéanamh ar chalaois agus ar imghabháil cánach agus chun críocha iad a chosc, ar faireachán é a dhéantar i gcomhréir le rialacháin, caighdeáin agus moltaí institiúidí de chuid an Aontais nó comhlachtaí náisiúnta maoirseachta, agus chun go n-áirithítear sláine agus iontaofacht seirbhíse a sholáthraíonn an rialaitheoir, nó atá riachtanach maidir le conradh a dhéanamh nó a chomhlíonadh idir an t-ábhar sonraí agus rialaitheoir, nó sa chás gur thug an t-ábhar sonraí a chead sainráite nó a cead sainráite.
In aon chás, ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith faoi réir coimircí oiriúnacha, agus ba cheart a áireamh ar choimircí den sórt sin faisnéis shonrach don ábhar sonraí agus an ceart idirghabháil ó dhuine a fháil, an ceart a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl, an ceart míniú a fháil ar an gcinneadh a rinneadh i ndiaidh measúnú den sórt sin agus an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.
Níor cheart baint a bheith ag beart den sórt sin le leanbh.
- = -
(155) Le dlí Ballstáit nó le comhaontuithe comhchoiteanna, lena n-áirítear “comhaontuithe oibre”, féadfar foráil a dhéanamh do rialacha sonracha maidir le sonraí pearsanta na bhfostaithe a phróiseáil i gcomhthéacs na fostaíochta, go háirithe do na coinníollacha faoina bhféadfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs na fostaíochta bunaithe ar thoiliú an fhostaí, chun críocha na hearcaíochta, feidhmiú an chonartha fostaíochta, lena n-áirítear urscaoileadh na n-oibleagáidí arna leagan síos de réir dlí nó comhaontuithe comhchoiteanna, bainistiú, pleanáil agus eagrú na hoibre, comhionannas agus éagsúlacht san ionad oibre, sláinte agus slándáil ar obair, agus chun cearta agus sochair a bhaineann le fostaíocht a fheidhmiú agus tairbhiú díobh, ar bhonn aonair nó comhchoiteann, agus chun deireadh a chur leis an gcaidreamh fostaíochta.
- = -