interactive GDPR 2016/0679 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 4 Sainmhínithe
- 1 Airteagal 13 An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí
- 1 Airteagal 14 An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás nár bailíodh na sonraí ón ábhar sonraí
- 1 Airteagal 15 Ceart rochtana don ábhar sonraí
- 1 Airteagal 20 An ceart chun iniomparthacht sonraí
- 1 Airteagal 23 Srianta
- 1 Airteagal 29 Próiseáil faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí
- 1 Airteagal 80 Ionadaíocht d'ábhair sonraí
- sonraí 139
- agus 87
- pearsanta 68
- chun 38
- bhfuil 34
- rialaitheoir 33
- gcás 33
- leis 31
- ábhar 30
- airteagal 29
- ciallaíonn 26
- atá 25
- dlí 21
- duine 20
- lena 19
- nádúrtha 19
- fhaisnéis 19
- eile 18
- próiseála 18
- bhaineann 17
- phróiseáil 17
- faoi 17
- ceart 14
- mír 14
- dhéanamh 14
- fáil 13
- ballstáit 13
- maidir 13
- críocha 13
- fháil 12
- dtagraítear 12
- bunaithe 12
- próiseálaí 12
- chur 12
- rialaitheora 12
- airteagal 11
- amháin 11
- cheart 11
- ábhair 11
- bheidh 10
- trí 10
- aontas 10
- údarás 10
- níos 9
- próiseáil 9
- inarb 9
- nach 9
- infheidhme 9
- dá dtagraítear 8
- faoin 8
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) | ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha saineathanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin; |
(2) | ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú; |
(3) | ciallaíonn “srianadh ar phróiseáil” sonraí pearsanta stóráilte a mharcáil agus é d'aidhm leis sin teorainn a chur leis an bpróiseáil a dhéanfar orthu sa todhchaí; |
(4) | ciallaíonn “próifíliú” aon chineál próiseála uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta arb éard í úsáid na sonraí sin chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta áirithe a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an duine nádúrtha sin ag an obair, le staid eacnamaíoch, le sláinte, le roghanna pearsanta, le hábhair spéise, le hiontaofacht, le hiompar, le suíomh nó le gluaiseachtaí an duine nádúrtha sin nó chun na gnéithe sin a thuar; |
(5) | ciallaíonn “ainm bréige a chur i bhfeidhm” próiseáil a dhéantar ar chaoi nach féidir na sonraí a chur i leith ábhair sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta; |
(6) | ciallaíonn “córas comhdúcháin” aon sraith struchtúraithe de shonraí pearsanta a bhfuil rochtain orthu de réir critéir shonracha, is cuma má tá an sraith sin lárnaithe, díláraithe nó scaipthe ar bhonn feidhmeach nó geografach; |
(7) | ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit; |
(8) | ciallaíonn “próiseálaí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora; |
(9) | ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile, dá nochtar na sonraí pearsanta, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh. Maidir le húdaráis phoiblí a fhéadfaidh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ní mheasfar gur faighteoirí iad; comhlíonfaidh an phróiseáil a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil; |
(10) | ciallaíonn “tríú páirtí” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht, nó comhlacht eile seachas an t-ábhar sonraí, an rialaitheoir, an próiseálaí agus daoine a údaraítear, faoi údarás díreach an rialaitheora nó an phróiseálaí, chun na sonraí a phróiseáil; |
(11) | ciallaíonn “toiliú” an ábhair sonraí aon chur in iúl atá sonrach, feasach agus gan athbhrí, a dhéanann an t-ábhar sonraí a thabhairt faoi shaoirse, trí ráiteas nó trí ghníomhaíocht shoiléir dhearfach, á rá gur mian leis nó léí aontú le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi; |
(12) | ciallaíonn “sárú i ndáil le sonraí pearsanta” sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach; |
(13) | ciallaíonn “sonraí géiniteacha” sonraí pearsanta a bhaineann le tréithe géiniteacha duine nádúrtha a fuarthas le hoidhreacht nó a fuarthas, a thugann faisnéis uathúil faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine nádúrtha sin agus arb é atá iontu an toradh, go háirithe, ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch ón duine nádúrtha atá i gceist; |
(14) | ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha; |
(15) | ciallaíonn “sonraí a bhaineann leis an tsláinte” sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó mheabhrach duine nádúrtha, lena n-áirítear soláthar seirbhísí cúraim sláinte, lena nochtar faisnéis faoina stádas sláinte; |
(16) | ciallaíonn “príomhbhunaíocht”:
|
(17) | ciallaíonn “ionadaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann ionadaíocht thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, agus atá ceaptha i scríbhinn ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí de bhun Airteagal 27; |
(18) | ciallaíonn “fiontar” duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma faoi fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go rialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch; |
(19) | ciallaíonn “grúpa gnóthas” gnóthas rialaitheach agus a ghnóthais atá faoi rialú; |
(20) | ciallaíonn “rialacha ceangailteacha corparáideacha” beartais um chosaint sonraí pearsanta a gcloíonn rialaitheoir nó próiseálaí atá bunaithe ar chríoch Ballstáit leo, ar beartais iad le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta nó sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig rialaitheoir nó chuig próiseálaí i dtríú tír amháin nó níos mó laistigh de ghrúpa gnóthas, nó grúpa fiontar a bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach eacnamaíoch ar bun acu; |
(21) | ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51; |
(22) | ciallaíonn “údarás maoirseachta lena mbaineann” údarás maoirseachta a mbaineann próiseáil somraí pearsanta leis mar gurb amhlaidh:
|
(23) | ciallaíonn “próiseáil trasteorann” ceann acu seo:
|
(24) | ciallaíonn “agóid ábhartha réasúnaithe” agóid i gcoinne dréachtchinneadh i dtaca le cibé an ann do shárú ar an Rialachán seo nó nach ann dó, nó an gcomhlíonann an gníomhaíocht a bheartaítear i dtaca leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí an Rialachán seo, agóid a thaispeánann go soiléir suntasacht na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an dréachtchinneadh maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas; |
(25) | ciallaíonn “seirbhís de chuid na sochaí faisnéise” seirbhís mar a shainmhínítear í i bpointe (b) d'Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19); |
(26) | ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn chomhaontaithe idir dhá thír nó níos mó. |
CAIBIDIL II
Prionsabail
Airteagal 13
An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear sonraí ón ábhar sonraí
1. I gcás go mbailítear sonraí pearsanta ábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile faoin méid seo a leanas don ábhar sonraí tráth a fhaighfear na sonraí pearsanta:
(a) | céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora; |
(b) | sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí,i gcás inarb ábhartha; |
(c) | críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil; |
(d) | i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag triú páirtí; |
(d) | i gcás inarb infheidhme, faighteoirí na sonraí pearsanta nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh; |
(e) | i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé arb ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún, nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 46 nó in Airteagal 47, nó sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí inar féidir chun cóip díobh a fháil nó an áit inar cuireadh iad ar fáil; |
2. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir tráth a fhaighfear sonraí pearsanta don ábhar sonraí, an fhaisnéis bhreise sin is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú:
(a) | tréimhse stórála na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh; |
(b) | is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis ábhar sonraí agus go ndéanfaí ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí; |
(c) | i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2), beidh sé de cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh; |
(d) | an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta; |
(e) | an ceanglas reachtach nó conarthach é an ceanglas sonraí pearsanta a sholáthar, nó an ceanglas é ar gá é le go ndéanfaí i gconradh, agus an bhfuil oibleagáid ar an ábhar sonraí na sonraí pearsanta sin a sholáthar mar aon leis na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás nár soláthraíodh na sonraí sin; agus |
(f) | is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí. |
3. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas an chríoch dar bailíodh na sonraí pearsanta, cuirfidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an tuilleadh próiseála sin, faisnéis ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin mar aon le haon fhaisnéis bhreise ábhartha dá dtagraítear i mír 2.
4. Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 ná mír 3 i gcás go bhfuil an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana agus a mhéid go bhfuil.
Airteagal 14
An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás nár bailíodh na sonraí ón ábhar sonraí
1. I gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis seo a leanas don ábhar sonraí:
(a) | céannacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora; |
(b) | sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí, más ann dó, más infheidhme; |
(c) | críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil; |
(d) | catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann; |
(e) | faighteoirí nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh; |
(f) | i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig faighteoir i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé arb ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta, nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 46 nó in Airteagal 47, nó sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí chun cóip díobh a fháil nó cá bhfuil siad ar fáil. |
2. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir don ábhar sonraí an fhaisnéis a leanas is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú maidir leis an ábhar sonraí:
(a) | tréimhse stórála na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh; |
(b) | i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag triú páirtí; |
(c) | is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhair sonraí agus ceartú nó léirscriosadh na sonraí pearsanta sin, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí; |
(d) | i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2), beidh sé de cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh; |
(e) | an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta; |
(f) | an fhoinse as ar tháinig na sonraí pearsanta, agus más infheidhme, ar tháinig na sonraí as foinsí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu; agus |
(g) | is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis a bhaineann leis an loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí. |
3. Soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:
(a) | laistigh de thréimhse réasúnta tar éis na sonraí pearsanta a fháil, ach faoi cheann mí amháin ar a dhéanaí, ag féachaint do na himthosca sonracha ina ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil; |
(b) | má tá na sonraí pearsanta le húsáid chun cumarsáid a dhéanamh leis an ábhar sonraí, ar a dhéanaí tráth a dhéantar an chéad chumarsáid leis an ábhar sonraí; nó |
(c) | sa chás go bhfuil sé beartaithe na sonraí pearsanta a nochtadh d'fhaighteoir eile, ar a dhéanaí tráth a nochtar na sonraí i gcéad uair. |
4. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas an chríoch ina bhfuarthas na sonraí pearsanta, cuirfidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an tuilleadh próiseála sin, faisnéis ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin mar aon le haon fhaisnéis ábhartha bhreise dá dtagraítear i mír 2.
5. Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 i gcás agus a mhéid gur fíor an méid seo a leanas:
(a) | tá an fhaisnéis faighte cheana ag an ábhar sonraí; |
(b) | tá sé dodhéanta an fhaisnéis sin a chur ar fáil nó bhainfeadh iarracht dhíréireach lena cur ar fáil go háirithe nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí a leagtar síos in Airteagal 89(1) nó a mhéid is dócha nach féidir a chun na críocha sin h a ghnóthú de bharr an oibleagáíd dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go ndéanfar an gnóthú sin a lagú go mór.;Sna cásanna sin déanfaidh an rialaitheoir na bearta is gá chun cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, lena n-áirítear an fhaisnéis an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí; |
(c) | leagtar síos fáil nó nochtadh na sonraí go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir agus lena bhforáiltear do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint; |
(d) | i gcás nach mór na sonraí pearsanta a choimeád faoi rún faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla arna rialú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, lena n-áirítear oibleagáid rúndachta reachtúil. |
Airteagal 15
Ceart rochtana don ábhar sonraí
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ón rialaitheoir á rá an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil nó nach bhfuil, agus, i gcás inarb amhlaidh an cás, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta sin agus ar an bhfaisnéis seo a leanas:
(a) | críocha na próiseála; |
(b) | catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann; |
(c) | na faighteoirí nó na catagóirí faighteora a nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, go háirithe faighteoirí i dtríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(d) | i gcás inar féidir, an tréimhse a meastar go stórálfar na sonraí pearsanta lena linn, nó murar féidir é sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh; |
(e) | is ann don cheart a iarraidh ar an rialaitheoir go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a shrianadh agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil den sórt sin; |
(f) | an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta; |
(g) | i gcás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, aon fhaisnéis atá ar fáil maidir lena bhfoinse; |
(h) | is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis a bhaineann leis an loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí. |
2. I gcás go n-aistrítear sonraí pearsanta go dtí tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí faisnéis a fháil maidir leis na coimircí iomchuí, de bhun Airteagal 46, a bhaineann leis an aistriú.
3. Cuirfidh an rialaitheoir cóip de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ar fáil. Le haghaidh tuilleadh cóipeanna a d'iarrfadh an t-ábhar sonraí, féadfaidh an rialaitheoir táille réasúnach a ghearradh bunaithe ar chostais riaracháin. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí trí mhean leictreonach, agus mura n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta.
4. An ceart chun cóip a fháil dá dtagraítear i mír 3, ní dhéanfar dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile leis.
Airteagal 20
An ceart chun iniomparthacht sonraí
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a fháil, ar sonraí iad a chuir sé nó sí ar fáil do rialaitheoir, agus an méid sin i bhformáid atá struchtúrtha agus a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín agus ba cheart a cheadú don ábhar sonraí é a tharchur chuig rialaitheoir eile gan bhacainn ón rialaitheoir ar tugadh na sonraí pearsanta dó, i gcás:
(a) | ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú de bhun phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2) nó ar chonradh de bhun phointe (b) d'Airteagal 6(1); agus |
(b) | go ndéantar an phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe. |
2. Agus an ceart chun iniomparthacht sonraí de bhun mhír 1 á fheidhmiú aige nó aici, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí a chur faoi deara go dtarchuirfear na sonraí pearsanta go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil.
3. Is gan dochar d'Airteagal 17 a bheidh feidhmiú an chirt sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ní bheidh feidhm ag an gceart sin maidir leis an bpróiseáil sin a bheidh riachtanach chun cúram a chur i gcrích a dhéanfar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.
4. Ní dhéanfaidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile.
Airteagal 23
Srianta
1. Féadfar le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a bhfuil an rialaitheoir sonraí nó an próiseálaí faoina réir, trí bheart reachtach, srian a chur le raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagail 12 go 22 agus in Airteagal 34, agus in Airteagal 5 a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 12 go hAirteagal 22, nuair a urramaíonn an srian sin éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus nuair is beart riachtanach agus comhréireach é, i sochaí dhaonlathach, chun an méid seo a leanas a choimirciú:
(a) | an tslándáil náisiúnta; |
(b) | an chosaint; |
(c) | an tslándáil phoiblí; |
(d) | cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin; |
(e) | cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas ginearálta phobal an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta; |
(f) | neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint; |
(g) | chun a áirithiú go ndéantar sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte; |
(h) | feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) agus i bpointe (g); |
(i) | an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint; |
(j) | éileamh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú. |
2. Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon bheart reachtach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) | críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála, |
(b) | catagóirí na sonraí pearsanta, |
(c) | raon feidhme na srianta a thugtar isteach, |
(d) | na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú mídhleathach a chosc; |
(e) | sonrú an rialaitheora nó na gcatagóirí rialaitheoirí, |
(f) | na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh; |
(g) | na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí do na sonraí; agus |
(h) | an ceart atá agna hábhair sonraí go gcuirfear ar an eolas iad faoin srian, ach amháin dá ndéanfadh an ceart sin dochar do chríoch an tsriain. |
CAIBIDIL IV
Rialaitheoir agus próiseálaí
Airteagal 29
Próiseáil faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí
An próiseálaí ná aon duine atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí, agus a bhfuil rochtain aige nó aici ar shonraí pearsanta, ní dhéanfaidh sé nó sí na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ón rialaitheoir, mura rud é go n-éilítear sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.
Airteagal 80
Ionadaíocht d'ábhair sonraí
1. Beidh an ceart ag an ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach, atá comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtacha chun leas an phobail aige nó aici, agus atá gníomhach sa réimse cosanta sonraí ó thaobh cearta agus saoirsí aahr sonraí a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint, ar sainordú é chun an gearán a thaisceadh ar a shon nó ar a son, chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 77, in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú ar a shon nó ar a son, agus chun an ceart cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 82 a fháil ar a shon nó ar a son i gcás ina bhforáiltear dó dó sin le dlí Ballstáit.
2. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil sé de cheart ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 77, sa Bhallstát sin, agus na cearta dá dtagraítear in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin Rialachán seo mar thoradh ar an bpróiseáil.
whereas
dal 2004 diritto e informatica