GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
CAIBIDIL IV
Rialaitheoir agus próiseálaí
Roinn 5
Cóid iompair agus deimhniú
Airteagal 43 Comhlachtaí deimhniúcháin
1. Gan dochar do chúraimí agus cumhachtaí an údaráis inniúil mhaoirseachta faoi Airteagal 57 agus Airteagal 58, déanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais acu i ndáil le cosaint sonraí, tar éis dóibh an t-údarás maoirseachta a chur ar an eolas le go mbeidh sé in ann a chumhachtaí a fheidhmiú de bhun phointe (h) d'Airteagal 58(2) nuair is gá sin, an deimhniú a eisiúint agus a athnuachan. Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go bhfuil na comhlachtaí deimhniúcháin sin creidiúnaithe ag ceann amháin nó ag an dá cheann de na nithe seo a leanas:
2. Ní dhéanfar creidiúnú a thabhairt do na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an mír sin ach amháin más fíor an méid seo a leanas ina leith:
3. Déanfar creidiúnú na gcomhlachtaí deimhniúcháin amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn na gcritéar a d'fhormheas an t-údarás maoirseachta atá inniúil de réir Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó a d'fhormheas an Bord de bhun Airteagal 63. I gcás creidiúnú de bhun phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfar, leis na ceanglais sin, na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus na rialacha teicniúla lena ndéantar cur síos ar mhodhanna agus ar nósanna imeachta na gcomhlachtaí deimhniúcháin a chomhlánú. 4. Beidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 freagrach as measúnú ceart a dhéanamh, a mbeidh an deimhniú nó tarraingt siar an deimhnithe mar thoradh air, gan dochar don fhreagracht atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí an Rialachán seo a chomhlíonadh. Eiseofar an creidiúnú le haghaidh uastréimhse cúig bliana agus féadfar é a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo. 5. Tabharfaidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i mír 1 na cúiseanna do na húdaráis inniúla mhaoirseachta ar tugadh nó nar tarraingíodh siar an deimhniú a iarradh dá mbarr. 6. Poibleoidh an t-údarás maoirseachta na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 42(5), i bhfoirm a bhfuil sé easca rochtain a fháil uirthi. Cuirfidh na húdaráis mhaoirseachta na ceanglais agus na critéir sin chuig an mBord. Déanfaidh an Bord na sásraí deimhniúcháin ar fad agus na séalaí cosanta sonraí a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí aon bhealach iomchuí. 7. Gan dochar do Chaibidil VIII, cúlghairfidh an t-údarás inniúil maoirseachta nó an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú a thug sé do chomhlacht deimhniúcháin de bhun mhír 1 den Airteagal seo mura gcomhlíontar na coinníollacha don chreidiúnú nó mura mbíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó más rud é go sáraíonn na bearta a dhéanann comhlacht deimhniúcháin an Rialachán seo. 8. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92, chun na critéir agus na ceanglais atá le cur san áireamh leis na sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42(1). 9. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos caighdeáin theicniúla do shásraí deimhniúcháin agus do shéalaí agus marcanna cosanta sonraí, agus do shásraí chun na sásraí deimhniúcháin, séalaí agus marcanna sin a chur chun cinn agus a aithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).
|
GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
CHAPTER IV
Controller and processor
Section 5
Codes of conduct and certification
Article 43 Certification bodies
1. Without prejudice to the tasks and powers of the competent supervisory authority under Articles 57 and 58, certification bodies which have an appropriate level of expertise in relation to data protection shall, after informing the supervisory authority in order to allow it to exercise its powers pursuant to point (h) of Article 58(2) where necessary, issue and renew certification. Member States shall ensure that those certification bodies are accredited by one or both of the following:
2. Certification bodies referred to in paragraph 1 shall be accredited in accordance with that paragraph only where they have:
3. The accreditation of certification bodies as referred to in paragraphs 1 and 2 of this Article shall take place on the basis of criteria approved by the supervisory authority which is competent pursuant to Article 55 or 56 or by the Board pursuant to Article 63. In the case of accreditation pursuant to point (b) of paragraph 1 of this Article, those requirements shall complement those envisaged in Regulation (EC) No 765/2008 and the technical rules that describe the methods and procedures of the certification bodies. 4. The certification bodies referred to in paragraph 1 shall be responsible for the proper assessment leading to the certification or the withdrawal of such certification without prejudice to the responsibility of the controller or processor for compliance with this Regulation. The accreditation shall be issued for a maximum period of five years and may be renewed on the same conditions provided that the certification body meets the requirements set out in this Article. 5. The certification bodies referred to in paragraph 1 shall provide the competent supervisory authorities with the reasons for granting or withdrawing the requested certification. 6. The requirements referred to in paragraph 3 of this Article and the criteria referred to in Article 42(5) shall be made public by the supervisory authority in an easily accessible form. The supervisory authorities shall also transmit those requirements and criteria to the Board. The Board shall collate all certification mechanisms and data protection seals in a register and shall make them publicly available by any appropriate means. 7. Without prejudice to Chapter VIII, the competent supervisory authority or the national accreditation body shall revoke an accreditation of a certification body pursuant to paragraph 1 of this Article where the conditions for the accreditation are not, or are no longer, met or where actions taken by a certification body infringe this Regulation. 8. The Commission shall be empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 92 for the purpose of specifying the requirements to be taken into account for the data protection certification mechanisms referred to in Article 42(1). 9. The Commission may adopt implementing acts laying down technical standards for certification mechanisms and data protection seals and marks, and mechanisms to promote and recognise those certification mechanisms, seals and marks. Those implementing acts shall be adopted in accordance with the examination procedure referred to in Article 93(2).
|
dal 2004 diritto e informatica