GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
CAIBIDIL IV
Rialaitheoir agus próiseálaí
Roinn 3
Measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus réamhchomhairliúchán
Airteagal 35 Measúnú tionchair ar chosaint sonraí
1. I gcás inar dóchúil go dtarlódh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha de bharr chineál na próiseála, go háirithe próiseáil ina n-úsáidfí nuatheicneolaíochtaí, déanfaidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an phróiseáil, measúnú ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála a bheartaítear a dheanamh ar chosaint na sonraí pearsanta, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh. Le measúnú aonair, féadfar tabhairt faoi shraith d'oibríochtaí próiseála comhchosúla a bhfuil ardrioscaí comhchosúla ag baint leo. 2. Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an oifigeach cosanta sonraí, má tá ceann ceaptha, agus measúnú tionchair ar chosaint sonraí á dhéanamh. 3. An measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear i mír 1, beidh gá leis go háirithe i gcásanna:
4. Bunóidh an t-údarás maoirseachta liosta de na cineálacha oibríochtaí próiseála atá faoi réir an cheanglais maidir le measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sé an liosta sin ar fáil don phobal. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta na liostaí sin chuig an mBord dá dtagraítear in Airteagal 68. 5. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta liosta a leagan amach agus a chur ar fáil go poiblí de na cineálacha oibríochtaí próiseála nach gá measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh ina leith. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta na liostaí sin chuig an mBord. 6. Sula nglacfar na liostaí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 i bhfeidhm i gcás ina bhfuil baint ag an liosta le gníomhaíochtaí próiseála a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil d'ábhair sonraí, nó a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar iompar na ndaoine sin i mBallstáit éagsúla, nó i gcás ina bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí próiseála a d'fhéadfadh cur isteach ar shaorghluaiseacht sonraí pearsanta san Aontas. 7. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa mheasúnú:
8. Maidir leis na rialaitheoirí agus na próiseálaithe ábhartha a bheith ag comhlíonadh na gcód iompair formheasta dá dtagraítear in Airteagal 40, cuirfear é sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála a dhéanann na rialaitheoirí nó na próiseálaithe sin, go háirithe chun críocha measúnú tionchair ar chosaint sonraí. 9. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an rialaitheoir ar ábhair sonraí nó ar a n-ionadaithe a dtuairimí a thabhairt maidir leis an bpróiseáil atá beartaithe, gan dochar do chosaint leasanna tráchtála nó poiblí ná do shlándáil oibríochtaí próiseála. 10. I gcás ina bhfuil bunús dlí ag an bpróiseáil de bhun phointe (c) nó (e) d'Airteagal 6(1) i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit ar faoina réir atá an rialaitheoir, agus go rialaíonn an dlí sin an oibríocht próiseála shonrach nó an sraith d'oibríochtaí atá i gceist, agus ina bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta cheana mar chuid de mheasúnú ginearálta tionchair i gcomhthéacs ghlacadh an bhunúis dlí sin, ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 7, mura measann na Ballstáit go bhfuil sé riachtanach measúnú den sórt sin a dhéanamh sula rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí próiseála. 11. I gcás inar gá, déanfaidh an rialaitheoir athbhreithniú chun a mheas an bhfuil an phróiseáil á déanamh i gcomhréir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí, ar a laghad nuair a bhíonn athrú sa riosca a bhaineann le hoibríochtaí próiseála.
|
GDPR - BG CS DE EL EN ES ET FI FR GA IT LV LT MT PT SK SL SV
CHAPTER IV
Controller and processor
Section 3
Data protection impact assessment and prior consultation
Article 35 Data protection impact assessment
1. Where a type of processing in particular using new technologies, and taking into account the nature, scope, context and purposes of the processing, is likely to result in a high risk to the rights and freedoms of natural persons, the controller shall, prior to the processing, carry out an assessment of the impact of the envisaged processing operations on the protection of personal data. A single assessment may address a set of similar processing operations that present similar high risks. 2. The controller shall seek the advice of the data protection officer, where designated, when carrying out a data protection impact assessment. 3. A data protection impact assessment referred to in paragraph 1 shall in particular be required in the case of:
4. The supervisory authority shall establish and make public a list of the kind of processing operations which are subject to the requirement for a data protection impact assessment pursuant to paragraph 1. The supervisory authority shall communicate those lists to the Board referred to in Article 68. 5. The supervisory authority may also establish and make public a list of the kind of processing operations for which no data protection impact assessment is required. The supervisory authority shall communicate those lists to the Board. 6. Prior to the adoption of the lists referred to in paragraphs 4 and 5, the competent supervisory authority shall apply the consistency mechanism referred to in Article 63 where such lists involve processing activities which are related to the offering of goods or services to data subjects or to the monitoring of their behaviour in several Member States, or may substantially affect the free movement of personal data within the Union. 7. The assessment shall contain at least:
8. Compliance with approved codes of conduct referred to in Article 40 by the relevant controllers or processors shall be taken into due account in assessing the impact of the processing operations performed by such controllers or processors, in particular for the purposes of a data protection impact assessment. 9. Where appropriate, the controller shall seek the views of data subjects or their representatives on the intended processing, without prejudice to the protection of commercial or public interests or the security of processing operations. 10. Where processing pursuant to point (c) or (e) of Article 6(1) has a legal basis in Union law or in the law of the Member State to which the controller is subject, that law regulates the specific processing operation or set of operations in question, and a data protection impact assessment has already been carried out as part of a general impact assessment in the context of the adoption of that legal basis, paragraphs 1 to 7 shall not apply unless Member States deem it to be necessary to carry out such an assessment prior to processing activities. 11. Where necessary, the controller shall carry out a review to assess if processing is performed in accordance with the data protection impact assessment at least when there is a change of the risk represented by processing operations.
Link to art.:
|
dal 2004 diritto e informatica