Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
- agus 8
- bheidh 6
- sonraí 6
- chosaint 5
- rúnaíocht 5
- bhoird 4
- chuirfear 3
- gcrích 3
- bainteach 3
- eorpaigh 2
- faoin 2
- rialachán 2
- eile 2
- gcúraimí 2
- idir 2
- ullmhú 2
- chumarsáid 2
- bord 2
- mhaoirseora 2
- faoi 2
- mbord 2
- eorpach 2
- beidh 2
1. Beidh rúnaíocht ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a sholáthróidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
2. Déanfaidh an rúnaíocht na cúraimí a bheidh uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird.
3. Foireann sin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh sí faoi réir línte tuairiscithe ar leithligh seachas na cinn a bheidh ar an bhfoireann a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
4. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, meabhrán tuisceana a bhunú agus a fhoilsiú, lena gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme, lena gcinnteofar téarmaí an chomhair eatarthu, agus a bheidh infheidhme maidir le foireann rúnaíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo.
5. Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochúil don Bhord.
6. Beidh freagracht ar an rúnaíocht as an méid seo a leanas, go háirithe:
(a) |
gnó laethúil an Bhoird; |
(b) |
an chumarsáid idir comhaltaí an Bhoird, a Cathaoirleach agus an Coimisiún; |
(c) |
cumarsáid le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal; |
(d) |
úsáid modhanna leictreonacha don chumarsáid inmheánach agus sheachtrach; |
(e) |
faisnéis ábhartha a aistriú; |
(f) |
cruinnithe an Bhoird a ullmhú agus bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leo; |
(g) |
tuairimí, cinntí ar réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta agus téacsanna eile a ghlacfaidh an Bord a ullmhú, a dhréachtú agus a fhoilsiú. |
dal 2004 diritto e informatica