Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
- sonraí 15
- chun 10
- pearsanta 9
- agus 8
- bhfuil 7
- oibleagáid 4
- léirscriosadh 4
- airteagal 4
- leis 4
- rialaitheoir 4
- críocha 4
- chur 3
- t-ábhar 3
- leas 3
- phobail 3
- próiseáil 3
- faoi 3
- bhun 3
- agóid 2
- próiseála 2
- atá 2
- dlí 2
- déanann 2
- bpróiseáil 2
- pointe 2
- airteagal 2
- ábhar 2
- fáil 2
- mhaithe 2
- ballstáit 2
- faoina 2
- réir 2
1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan mhoill mhíchuí agus beidh sé d'oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais seo a leanas:
(a) |
níl na sonraí riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó a próiseáladh iad; |
(b) |
tarraingíonn an t-ábhar sonraí siar a thoiliú a bhfuil an phróiseáil bunaithe air i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 6(1) nó le pointe (a) d'Airteagal 9(2) agus i gcás nach bhfuil aon fhoras dlíthiúil eile leis an bpróiseáil; |
(c) |
déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(1) agus ní ann d'fhorais dhlisteanacha sháraitheacha maidir leis an bpróiseáil, nó déanann an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(2); |
(d) |
rinneadh próiseáil mhídhleathach ar na sonraí pearsanta; |
(e) |
is gá na sonraí pearsanta a léirscriosadh le go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir; |
(f) |
bailíodh na sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thairiscint. |
2. I gcás inar chuir an rialaitheoir na sonraí pearsanta ar fáil don phobal agus ina bhfuil sé d'oibleagáid air de bhun mhír 1 na sonraí pearsanta a léirscriosadh, déanfaidh an rialaitheoir, agus an teicneolaíocht atá ar fáil agus costas an chur chun feidhme á gcur san áireamh, bearta réasúnta, lena n-áirítear bearta teicniúla, chun na rialaitheoirí a bhfuil próiseáil á déanamh acu a chur ar an eolas faoi go bhfuil sé iarrtha ag an ábhar sonraí go ndéanfadh rialaitheoirí den sórt sin aon nasc leis na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh nó aon chóip nó aon mhacasamhlú de na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh.
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 a mhéid go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach sna cásanna seo a leanas:
(a) |
chun an ceart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú; |
(b) |
chun go gcomhlíonfar oibleagáid dhlíthiúil lena n-éilítear próiseáil le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir; |
(c) |
ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí i gcomhréir le pointe (h) agus le pointe (i) d'Airteagal 9(2) chomh maith le hAirteagal 9(3); |
(d) |
chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) a mhéid is dócha nach féidir cuspóirí na próiseala sin a ghnóthú nó go ndéanfaí dochar dá ngnóthú de bharr an chirt dá dtagraítear i mír 1; nó |
(e) |
chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint. |
dal 2004 diritto e informatica