search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 82 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 114

 

Airteagal 82

An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas

1.   Aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó.

2.   Aon rialaitheoir a bhfuil baint aige le próiseáil, beidhfaoi dhliteanas i leith an damáiste a eascraíonn ó phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo. Ní bheidh próiseálaí faoi dhliteanas i leith an damáiste a rinneadh de bharr próiseála ach amháin i gcás nár chomhlíon sé oibleagáidí an Rialacháin seo atá dírithe go sonrach ar phróiseálaithe, nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an rialaitheora nó contrártha leo.

3.   Beidh rialaitheoirpróiseálaí díolmhaithe ó dhliteanas faoi mhír 2 má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.

4.   I gcás ina bhfuil baint ag níos mó ná rialaitheoirpróiseálaí amháin, nó ag rialaitheoir agus próiseálaí araon, leis an bpróiseáil chéanna agus i gcás ina bhfuil siad freagrach, faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, as aon damáiste a raibh an phróiseáil ina chúis leis, beidh gach rialtheoirpróisealaí faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste, ionas go n-áiritheofar go dtabharfar cúiteamh éifeachtach don ábhar sonraí.

5.   I gcás inar íoc rialaitheoirpróiseálaí, i gcomhréir le mír 4, cúiteamh iomlán as an damáiste a rinneadh, beidh an rialaitheoir nó an próiseálaí sin i dteideal an chuid sin den chúiteamh a chomhfhreagraíonn dá chuid freagrachta i leith an damáiste i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, a éileamh ar ais ó na rialaitheoirí nó na próiseálaithe eile a raibh baint acu leis an bpróiseáil chéanna.

6.   Déanfar imeachtaí cúirte i ndáil le feidhmiú an chirt chun cúiteamh a fháil, a thionscnamh os comhair na gcúirteanna atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 79(2).


whereas

dal 2004 diritto e informatica