search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 8 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 77

 

Airteagal 8

Na coinníollacha is infheidhme maidir le toiliú linbh i dtaca le seirbhísí na sochaí faisnéise

1.   I gcás go mbeidh feidhm ag pointe (a) d'Airteagal 6(1), maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise a thairiscint go díreach do leanbh, beidh próiseáil sonraí pearsanta linbh dleathach I gcás ian mbeidh an leanbh os cionn 16 bliana d'aois. Má tá an leanbh faoi bhun 16 bliana d'aois, ní bheidh an phróiseáil sin dleathach ach amháin má thugann nó má údaraíonn, agus a mhéid a thugann nó a údaraíonn, sealbhóir na freagrachta tuismitheoireachta as an leanbh an toiliú sin.

Féadfaidh ballstáit a fhoráil le dlí d'aois is oige chun na gcríoch sin, ar choinníoll nach bhfuil an aois sin faoi bhun 13 bliana d'aois.

2.   I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an rialaitheoir iarrachtaí réasúnta a fhíorú gur thug nó gur údaraigh sealbhóir na freagrachta tuismitheoireachta as an leanbh toiliú, agus cuirfear an teicneolaíocht a bheidh ar fáil san áireamh.

3.   Ní dhéanfaidh mír 1 difear do dhlí ginearálta na gconarthaí sna Ballstáit, amhail na rialacha maidir le bailíocht, déanamhéifeacht conartha i ndáil le leanbh.


whereas

dal 2004 diritto e informatica