search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 41 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 141

 

Airteagal 41

Faireachán a dhéanamh ar chóid fhormheasta iompair

1.   Gan dochar do chúraimí ná do chumhachtaí an údaráis mhaoirseachta atá inniúil faoi Airteagal 57 agus Airteagal 58, comhlacht a bhfuil leibhéal iomchuí saineolais aige maidir le hábhar an chóid agus a bhfuil creidiúnú aige chun na críche sin ón údarás inniúil maoirseachta, féadfaidh sé faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an chóid iompair de bhun Airteagal 40.

2.   Féadfar creidiúnú a thabhairt do chomhlacht amhaildtagraítear i mír 1 chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cóid iompair, más fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhlacht sin:

(a)

tá sé taispeáinte aige go bhfuil sé neamhspleách agus go bhfuil saineolas aige maidir le hábhar an chóid chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta;

(b)

nósanna imeachta bunaithe aige a chuirfeadh ar a chumas incháilitheacht na rialaitheoirí agus na bpróiseálaithe lena mbaineann a mheas chun an cód a chur i bhfeidhm, faireachán a dhéanamh ar a mhéid atá forálacha an chóid á gcomhlíonadh acu agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar fheidhmiú an chóid;

(c)

nósanna imeachta agus struchtúir bunaithe aige chun gearáin a láimhseáil maidir le sáruithe ar an gcódmaidir leis an mbealach ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an cód i bhfeidhmmaidir leis an mbealach a bhfuil sé á chur i bhfeidhm acu, agus na nósanna imeachta sin agus na struchtúir sin a chur in iúl ar bhealach trédhearcach do na hábhair sonraí agus don phobal; agus

(d)

tá sé taispeáinte aige chun sástachta an údaráis inniúil mhaoirseachta nach ngabhann coinbhleachtaí leasa leis na cúraimí ná leis na dualgais atá air.

3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta na dréachtchritéir maidir le creidiúnú a thabhairt do chomhlacht amhaildtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi bhráid an Bhoird de bhun an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

4.   Gan dochar do chúraimí agus cumhachtaí an údaráis inniúil maoirseachta ná d'fhorálacha Chaibidil VIII, glacfaidh comhlacht amhaildtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, bearta faoi leith, faoi réir coimircí iomchuí, i gcás ina sáróidh rialaitheoirpróiseálaí an cód, lena n-áirítear an rialaitheoir nó an próiseálaí lena mbaineann a chur ar fionraí nó a eisiamh ón gcód. Cuirfidh sé na bearta sin in iúl don údarás inniúil maoirseachta mar aon leis na cúiseanna ar ghlac sé iad.

5.   Cúlghairfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an creidiúnú a thabharfar do chomhlacht amhail dá dtagraítear i mír 1 mura gcomhlíontar coinníollacha an chreidiúnaithe nó mura mbíonn na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh, nó más rud é go sáraíonn bearta a ghalcann an comhlacht an Rialachán seo.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann údaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí.


whereas

dal 2004 diritto e informatica