search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 37 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 134

 

Airteagal 37

An t-oifigeach cosanta sonraí a ainmniú

1.   Ceapfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí oifigeach cosanta sonraí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá an phróiseáil á déanamh ag údaráscomhlacht poiblí, ach amháin cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach;

(b)

is é atá i bpríomhghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí oibríochtaí próiseála lena gceanglaítear, de bhua chineál, raon feidhme agus/nó chuspóirí na n-oibríochtaí, go ndéantar faireachán rialta agus córasach mórscála ar na hábhair sonraí; nó

(c)

is é atá i bpríomhghníomhaíochtaí an rialaitheora nó an phróiseálaí próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta de bhun Airteagal 9 agus ar shonraí a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10.

2.   Féadfaidh grúpa gnóthas oifigeach cosanta sonraí amháin a cheapadh ar choinníoll go bhfuil rochtain éasca ar oifigeach cosanta sonraí ó gach ceann de na bunaíochtaí.

3.   I gcás inar údaráscomhlacht poiblí é an rialaitheoir nó an próiseálaí, féadfar an t-aon oifigeach amháin cosanta sonraí a cheapadh i gcás na n-údarás éagsúil nó na gcomhlachtaí éagsúla sin, agus struchtúr eagraíochtúil agus méid na n-údarás nó na gcomhlachtaí á gcur san áireamh.

4.   I gcásanna seachas na cásannadtagraítear i mír 1, féadfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaícomhlachais agus comhlachteile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe, oifigeach cosanta sonraí a cheapadh, nó i gcás inar gceanglaítear sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, ceapfaidh siad é. Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí gníomhú do chomhlachais agus do chomhlachtaí eile mar sin a dhéanann ionadaíocht thar ceann rialaitheoirí nó próiseálaithe.

5.   Ceapfar an t-oifigeach cosanta sonraí bunaithe ar bhonn cháilíochtaí gairmiúla an duine agus, go háirithe, ar an méid saineolais atá ag an duine maidir le dlí agus cleachtais um chosaint sonraí agus ar chumas an duine na cúraimídtagraítear in Airteagal 39 a chomhlíonadh.

6.   Féadfaidh sé gur comhalta foirne de chuid an rialaitheora nó an phróiseálaí é an t-oifigeach cosanta sonraí, nó d'fhéadfadh an t-oifigeach na cúraimí sin a chomhlíonadh ar bhonn conartha seirbhíse.

7.   Foilseoidh an rialaitheoir nó an próiseálaí ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí agus cuirfidh sé iad in iúl don údarás maoirseachta.


whereas

dal 2004 diritto e informatica