search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 26 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 82

 

Airteagal 26

Rialaitheoirí comhpháirteacha

1.   I gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó go comhpháirteach críocha agus bealaí na próiseála, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Cinnfidh siad, ar bhealach trédhearcach, na freagrachtaí a bheidh orthu faoi seach maidir leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí agus na dualgais a bheidh orthu faoi seach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a chur ar fáil, trí chomhshocrú eatarthu, murar rud é gur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a chinntear na freagrachtaí atá ar na rialaitheoirí faoi seach, nó a mhéid ar leis na dlíthe sin a chinntear na freagrachtaí atá orthu, agus ar faoina réir atá na rialaitheoirí. Faoin gcomhshocrú, féadfar pointe teagmhála a ainmniú do na hábhair sonraí.

2.   Maidir leis an gcomhshocrúdtagraítear i mír 1, leireofar ann róil agus gaoil faoi seach na rialaitheoirí comhpháirteacha i leith na n-ábhar sonraí. Cuirfear buneolas maidir leis an gcomhshocrú sin ar fáil don ábhar sonraí.

3.   Beag beann ar théarmaí an chomhshocraithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo i ndáil le gach rialaitheoir ar leithligh agus i gcoinne gach rialaitheora.


whereas

dal 2004 diritto e informatica