search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 15 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 146

 

Airteagal 15

Ceart rochtana don ábhar sonraí

1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ón rialaitheoir á rá an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á bpróiseáilnach bhfuil, agus, i gcás inarb amhlaidh an cás, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta sin agus ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

críocha na próiseála;

(b)

catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;

(c)

na faighteoirí nó na catagóirí faighteora a nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, go háirithe faighteoirí i dtríú tíortha nó eagraíochtidirnáisiúnta;

(d)

i gcás inar féidir, an tréimhse a meastar go stórálfar na sonraí pearsanta lena linn, nó murar féidir é sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

(e)

is ann don cheart a iarraidh ar an rialaitheoir go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a shrianadh agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil den sórt sin;

(f)

an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;

(g)

i gcás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, aon fhaisnéis atá ar fáil maidir lena bhfoinse;

(h)

is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis a bhaineann leis an loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.

2.   I gcás go n-aistrítear sonraí pearsanta go dtí tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí faisnéis a fháil maidir leis na coimircí iomchuí, de bhun Airteagal 46, a bhaineann leis an aistriú.

3.   Cuirfidh an rialaitheoir cóip de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ar fáil. Le haghaidh tuilleadh cóipeanna a d'iarrfadh an t-ábhar sonraí, féadfaidh an rialaitheoir táille réasúnach a ghearradh bunaithe ar chostais riaracháin. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí trí mhean leictreonach, agus mura n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta.

4.   An ceart chun cóip a fháil dá dtagraítear i mír 3, ní dhéanfar dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile leis.

Roinn 3

Ceartú agus léirscriosadh


whereas

dal 2004 diritto e informatica