search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: Art. 12 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 220

 

Airteagal 12

Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus módúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí

1.   Déanfaidh an rialaitheoir na bearta is iomchuí chun aon fhaisnéisdtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 agus aon chumarsáid faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34 a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta, a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, a mbaintear feidhm inti as teanga shoiléir agus as gnáthfhriotal, go háirithe maidir le haon fhaisnéis atá dírithe go sonrach ar leanbh. Is i scríbhinn a chuirfear an fhaisnéis ar fáil, nó trí mheán eile, lena n-áirithítear, i gcás inarb iomchuí i bhfoirm leictreonach. Nuair a iarrann an t-ábhar sonraí amhlaidh, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ó bhéal, ar choinníoll gur deimhníodh céannacht an ábhair sonraí ar mhodh eile.

2.   Éascóidh an rialaitheoir feidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), ní dhiúltóidh an rialaitheoir beart a dhéanamh ar iarraidh a fháil ón ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22, ach amháin má thaispeánann an rialaitheoir nach bhfuil sé in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint.

3.   Soláthróidh an rialaitheoir faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh i dtaca le hiarraidh faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 don ábhar sonraí agus déanfaidh sé sin gan mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh d'aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí eile ar a mhéid nuair is gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh. Cuirfidh an rialaitheoir an ábhair sonraí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin mar aon leis na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí an iarraidh i bhfoirm leictreonach, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach, i gcás inarb indéanta sin, mura rud é go n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt.

4.   Mura ndéanann an rialaitheoir aon ghníomhaíocht arna hiarraidh sin don ábhar sonraí, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh d'aon mhí amháin ón iarraidh a fháil, faoi na cúiseanna nach ndearnadh aon gníomhaíocht agus cuirfidh sé ar an eolas é faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le údarás maoirseachta agus leigheas breithiúnach a lorg.

5.   Cuirfear faisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 ar fáil saor in aisce mar aon le haon chumarsáid agus aon ghníomh a dhéanfar faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34. I gcás inar léir go follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach, féadfaidh an rialaitheoir ceann acu seo a leanas a dhéanamh:

(a)

táille réasúnach a ghearradh chun na costais a bhaineann leis an bhfaisnéis a chur ar fáil nó as gníomhaíocht a dhéanamh mar a iarradh a chur san áireamh; nó

(b)

diúltóidh sé gníomhú ar an iarratas.

Is faoin rialaitheoir a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh go follasach gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.

6.   Gan dochar d'Airteagal 11, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir réasúnta amhrasach maidir le céannacht an duine nádúrtha a dhéanann an iarraidhdtagraítear in Airteagal 15 go dtí Airteagal 21, féadfaidh an rialaitheoir a iarraidh go soláthrófaí tuilleadh faisnéise, ar gá í chun go ndeimhneofaí céannacht an ábhair sonraí.

7.   An fhaisnéis a chuirfear ar fáil do na hábhair sonraí de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 14, féadfar í a sholáthar in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe chun forléargas suntasach ar an bpróiseáil atá beartaithe a thabhairt ar bhealach atá sofheicthe, intuisceana agus inléite go soiléir. I gcás ina ndéantar na deilbhíní a chur i láthair go leictreonach, beidh siad inléite ag meaisín.

8.   Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92 chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le tíolacadh ag na deilbhíní agus na nósanna imeachta i ndáil le soláthar deilbhíní caighdeánaithe.

Roinn 2

Faisnéis agus rochtain ar shonraí pearsanta


whereas

dal 2004 diritto e informatica