Choose: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV

Output generated live by software developed by IusOnDemand srl

  • agus 11
  • chun 10
  • críocha 10
  • dtagraítear 6
  • sonraí 5
  • mhéid 4
  • mír 4
  • airteagal 4
  • cearta 4
  • gcás 4
  • amach 4
  • dhéanamh 4
  • dlí 4
  • féidir 4
  • nach 3
  • chomhlíonadh 3
  •    i 3
  • phróiseáil 3
  • maoluithe 3
  • faoi 3
  • féadfar 3
  • sórt 3
  • réir 3
  • dealraitheach 2
  • bhaint 2
  • chur 2
  • gcuirfear 2
  • mbealach 2
  • pearsanta 2
  • ballstáit 2
  • foráil 2
  • aontais 2
Home GDPR - Compare translations art 89

CAIBIDIL IX Forálacha a bhaineann le cásanna sonracha próiseála
Cuid 3 An bord eorpach um chosaint sonraí
Airteagal 89 Coimircí agus maoluithe i ndail le próiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh

1.   Próiseáil chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, beidh sí faoi réir coimircí is iomchuí ó thaobh chearta agus saoirsí an ábhair sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm go háirithe chun a áirithiú go ndéanfar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a urramú. Féadfar a áireamh ar na bearta sin ainm bréige a chur i bhfeidhm, ar choinníoll gur féidir na críocha sin a chomhlíonadh ar an mbealach sin. I gcás gur féidir na críocha sin a chomhlíonadh trí thuilleadh próiseála, más próiseáil í sin nach gceadaítear léi aitheantas na n-ábhar sonraí a chur in iúl nó nach gcéadaítear sin a thuilleadh, is ar an mbealach sin a chomhlíonfar na críocha sin.

2.   I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit féadfar foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagal 15, 16, 18 agus 21 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid agus is dealraitheach go bhfágann cearta den sórt sin nach féidir na críocha sin a bhaint amach nó go gcuirfear bac tromchúiseach ar a mbaint amach, agus a mhéid a bhfuil gá le maoluithe den sórt sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.

3.   I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, féadfar, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, foráil a dhéanamh do mhaoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagal 15, 16, 18, 19, 20 agus 21 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéid agus is dealraitheach go bhfágann cearta den sórt sin nach féidir na críocha sin a bhaint amach nó go gcuirfear bac tromchúiseach ar a mbaint amach, agus a mhéid a bhfuil gá le maoluithe den sórt sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.

4.   I gcás ina bhfreastalaíonn próiseáil de chineál dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 ar chríoch eile ag an am céanna, ní bheidh feidhm ag na maoluithe ach amháin de phróiseáil a dhéanfar chun na gcríoch dá dtagraítear sna míreanna sin.


dal 2004 diritto e informatica