Choose: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV

Output generated live by software developed by IusOnDemand srl

  • maoirseachta 6
  • leigheas 4
  • cinneadh 4
  • gcás 3
  • údarás 3
  • gcoinne 3
  • t-údarás 3
  • imeachtaí 2
  • tuairim 2
  •    gan 2
  • agus 2
  • sonraí 2
  • atá 2
  • bhun 2
  • airteagal 2
  • eile 2
  • ceart 2
  • bith 2
  • neamhbhreithiúnach 2
  • riaracháin 2
  • dochar 2
  • beidh 2
  • éifeachtach 2
  • breithiúnach 2
Home GDPR - Compare translations art 78

CAIBIDIL VIII Leigheasanna, dliteanas agus pionóis
Cuid 3 An bord eorpach um chosaint sonraí
Airteagal 78 An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne údarás maoirseachta

1.   Gan dochar do leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach duine nádúrtha nó dlíthiúil leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcoinne cinneadh a bhaineann leo a dhéanann údarás maoirseachta agus atá ina cheangal de réir dlí.

2.   Gan dochar d'aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach ar bith eile, beidh an ceart ag gach ábhar sonraí leigheas éifeachtach breithiúnach a bheith aige i gcás nach láimhseálann an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 agus Airteagal 56 gearán nó i gcás nach gcuireann sé an t-ábhar sonraí ar an eolas laistigh de thrí mhí maidir le dul chun cinn nó le toradh an ghearáin arna thaisceadh de bhun Airteagal 77.

3.   Tionscnófar imeachtaí i gcoinne údarás maoirseachta os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil an t-údarás maoirseachta bunaithe.

4.   I gcás imeachtaí a thionscnaítear i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta ar thug an Bord tuairim nó cinneadh uaidh roimhe tríd an sásra comhsheasmhachta, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an cinneadh nó an tuairim sin ar aghaidh chuig an gCúirt.


dal 2004 diritto e informatica