Output generated live by software developed by IusOnDemand srl
- agus 10
- tuairim 5
- leis 5
- maoirseachta 5
- bhfuil 4
- lena 4
- údarás 4
- bearta 4
- phráinneach 3
- airteagal 3
- práinneach 3
- cúiseanna 3
- iarraidh 3
- dtagraítear 3
- ceangailteach 3
- cinneadh 3
- mhaolú 3
- chun 3
- gníomhú 3
- mbaineann 2
- trí 2
- beart 2
- mbord 2
- tabharfaidh 2
- gcinneadh 2
- féadfaidh 2
- cearta 2
- sonraí 2
- n-ábhar 2
- mír 2
- saoirsí 2
1. In imthosca eisceachtúla, má mheasann údarás maoirseachta lena mbaineann go bhfuil géarghá le gníomhú chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, féadfaidh sé, de mhaolú ar an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, 64 agus 65 nó de mhaolú ar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 60, bearta sealadacha a ghlacadh láithreach bonn, ar bearta iad a cheapfar chun go mbeadh éifeachtaí dlí acu ar a chríoch féin agus tréimhse bailíochta, nach mó ná trí mhí, a bheith sonraithe ina leith. Déanfaidh an t-údarás maoirseachta na bearta sin agus na cúiseanna lena nglacadh a chur in iúl gan mhoill do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, don Bhord agus don Choimisiún.
2. I gcás ina bhfuil beart déanta ag údarás maoirseachta de bhun mhír 1 agus ina measann sé gur gá bearta críochnaitheacha a ghlacadh ar bhonn práinne, féadfaidh sé tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach a iarraidh ar an mBord, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim nó leis an gcinneadh sin a iarraidh.
3. Féadfaidh aon údarás maoirseachta tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach, de réir mar a bheidh, a iarraidh ar an mBord, i gcás nach bhfuil an beart cuí glactha ag údarás maoirseachta inniúil i gcásanna ina bhfuil gá práinneach le gníomhú, chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim sin nó leis an gcinneadh sin a iarraidh, lena n-áirítear leis an bpráinn atá le gníomhú.
4. De mhaolú ar Airteagal 64(3) agus ar Airteagal 65(2), glacfar tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo laistigh de choicís, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird.
dal 2004 diritto e informatica