Choose: BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV

Output generated live by software developed by IusOnDemand srl

  • agus 6
  • sonraí 5
  • seach 4
  • rialaitheoirí 4
  • faoi 4
  • leis 4
  • faoin 3
  • maidir 3
  • orthu 3
  • dtagraítear 3
  • gcomhshocrú 3
  • atá 3
  • freagrachtaí 3
  • n-ábhar 2
  • dlí 2
  • chinntear 2
  • gach 2
  • mír 2
  • chearta 2
  • rialachán 2
  • fáil 2
  • siad 2
  • comhpháirteacha 2
  • rialaitheoir 2
  • bheidh 2
Home GDPR - Compare translations art 26

CAIBIDIL IV Rialaitheoir agus próiseálaí
Roinn 1 Oibleagáidí ginearálta
Airteagal 26 Rialaitheoirí comhpháirteacha

1.   I gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó go comhpháirteach críocha agus bealaí na próiseála, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Cinnfidh siad, ar bhealach trédhearcach, na freagrachtaí a bheidh orthu faoi seach maidir leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí agus na dualgais a bheidh orthu faoi seach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a chur ar fáil, trí chomhshocrú eatarthu, murar rud é gur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a chinntear na freagrachtaí atá ar na rialaitheoirí faoi seach, nó a mhéid ar leis na dlíthe sin a chinntear na freagrachtaí atá orthu, agus ar faoina réir atá na rialaitheoirí. Faoin gcomhshocrú, féadfar pointe teagmhála a ainmniú do na hábhair sonraí.

2.   Maidir leis an gcomhshocrú dá dtagraítear i mír 1, leireofar ann róil agus gaoil faoi seach na rialaitheoirí comhpháirteacha i leith na n-ábhar sonraí. Cuirfear buneolas maidir leis an gcomhshocrú sin ar fáil don ábhar sonraí.

3.   Beag beann ar théarmaí an chomhshocraithe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo i ndáil le gach rialaitheoir ar leithligh agus i gcoinne gach rialaitheora.


dal 2004 diritto e informatica